Nuacht Mhall - podcast cover

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londainpodcasters.spotify.com
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

1 Bealtaine 2021 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú Lá Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. D’fhógair Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Arlene Foster, go n-éireoidh sí as. Tháinig an fógra tar éis glaonna móra ón bpáirtí iomaíocht cheannaireachta a reáchtáil. Bhí Foster i gceannas ar an DUP ar feadh breis agus cúig bliana. Le déanaí, cháin baill a páirtí í mar gheall ar an gcaoi a dhéileáil sí leis an mBreatimeacht (agus go háirithe ...

May 01, 20215 minEp. 40

24 Aibreán 2021 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ciontaíodh an iar-phoilín Derek Chauvin as dúnmharú George Floyd a fuair bás i gCathair Minneapolis an bhliain seo caite. Bhí Derek Chauvin le feiscint ar fís ag tachtadh George Floyd lena ghlúin ós cionn naoi nóiméad. Spreag dúnmharú George Floyd agóidí timpeall na cruinne i gcoinne ciníochas agus iompar na bpóilíní i Meiriceá. Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe ...

Apr 24, 20214 minEp. 39

17 Aibreán 2021 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú lá de mhí Aibreáin. Is mise Oisín Mac Conamhna. D’oscail na siopaí neamhriachtanacha i Sasana an tseachtain seo, agus d’oscail siopaí bearbóra agus a leithéid, agus bialanna agus tithe tábhairne d’fhreastal lasmuigh faoin aer chomh maith. Beidh Tuaisceart na hÉireann ag leanúint an tseachtain seo chugainn. Tá líon na gcásanna, daoine san ospidéal, nó ag fáil báis ag titim go socair, agus an feachtas vacsaínithe ar siúl. Tá ...

Apr 17, 20214 minEp. 38

10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Foilsíodh ‘treochlár’ an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseac...

Apr 10, 20216 minEp. 37

3 Aibreán 2021 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuaigh an long mór, an Ever Given, i bhfostú i mbruach Chanáil Shuais an tseachtain seo caite agus d’fhan sé ann ar feadh sé lá. Tá an long ceithre chéad méadar ar fad agus bhí sí tarraingthe trasna na canálach i mbealach nach raibh aon long eile in ann dul thairsti. De bharr na timpiste, bhí suas le trí chéad long sáinnithe sa chanáil agus shocraigh le roinnt long eile an t...

Apr 03, 20215 minEp. 36

27 Márta 2021 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhógraigh an Coimisiún Eorpach go n-éireofar na rialacha a bhaineann le heaspórtáil vacsaíní Covid-19 ón Aontas Eorpach níos daingne agus na ballstáit ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil a ndótháin soláthairtí acu. Dé Céadaoin, afách, foilsíodh ráiteas oifigiúil i gcomhpháirtíocht ag an Choimisiún Eorpach agus an Rialtas Briotanach, a deir, mar gheall ar a...

Mar 27, 20215 minEp. 35

20 Márta 2021 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú ceartais agus póilíneachta. Ceann de na bearta a mholtar ná nár cheart d’agóidí a bheith ina núis phoibl...

Mar 20, 20215 minEp. 34

13 Márta 2021 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Tá an pictiúrleabhar Gaeilge MÍP ainmnithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards 2021’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí. Is í Máire Zepf a scríobh MÍP agus is é Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar. Tá MÍP foilsithe ag Futa Fata. Bhuaigh Máire an gradam anuraidh dá húrscéal d'aosaigh óga Nóinín. Is róbat cliste í MÍP agus í ag dul ar eachtra go Mars. Tá an leabhar MÍP ar cheann d’ocht leabhar a...

Mar 13, 20215 minEp. 33

6 Márta 2021 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Pontins tar éis gealladh a gcleachtais oibre maidir le háirithintí a athrú. Cuireadh in iúl an tseachtáin seo go bhfuil liosta sloinnte “neamh-inmhianaithe” ag an chuideachta, a reáchtálann páirceanna saoire i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Cé gurb iad sloinnte Éireannacha an-choitianta a bhí ar an liosta, is léir gur i gcoinne an lucht siúil a bhí an polasaí. Chuir sceithi...

Mar 06, 20213 minEp. 32

27 Feabhra 2021 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an breitheamh Stephen Eyre QC go raibh an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ polaitúil gan aistriúchán Béarla ...

Feb 27, 20216 minEp. 31

20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheobhaidh gach dálta a ngráid i ngrúpa amháin ag an am céanna le foilsiú thorthaí na scrúduithe. Do na dalta...

Feb 20, 20215 minEp. 30

12 Feabhra 2021 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tar éis imeacht tobann téamh strataisféarach, tá cuid mhaith de thuaisceart an domhain faoi bhrat sneachta. Thit an teocht go lúide fiche trí in Albain, an teocht is ísle ó 1995; agus i Londain, bhí deis ag go leor naíonán an chéad fhear sneachta dá saol a dhéanamh. Agus sa Rúis, tá Moscó ag fáil réidh le síobadh mór sneachta, le baol ann go mbeidh sé ina cheann is láidre...

Feb 13, 20215 minEp. 29

6 Feabhra 2021 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an t-arm i Maenmar tar éis coup míleata a thosú agus tá an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, gafa acu. De réir an t-arm, bhí an toghchán is déanaí sa tír lochtach. Tá an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, ag reáchtáil na tíre anois. Bhuaigh Aung San Suu Kyi an Duais Síochána Nobel in 1991 ach rinneadh go leor cáinte uirthi le déanaí mar gheall ar an bhforéigean in aghaid...

Feb 06, 20215 minEp. 28

30 Eanáir 2021 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhéadfadh sé go bhfuil suas le 1,000 páiste i gcruachás le gréasán coiriúil, de réir stáidéar a d’fhoilsigh Ollscoil Luimnigh, a bhí faoi bhun acu ar feadh cúig bliana. Léiríonn an taighde an tslí ina mheallann agus a bheireann na gréasáin choiriúla ar pháistí atá chomh óg le hocht mbliana d’aois insteach i ndronga ar fud na tíre. Deir taighdeoirí go bhfuil an uimhir de mhíle bunaithe...

Jan 30, 20215 minEp. 27

23 Eanair 2021 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 23ú lá de mhí Eanáir. Is mise Liam Ó Brádaigh. “Éistíodh toil na ndaoine agus tugadh aird ar thoil na ndaoine.” Sin a dúirt Joe Biden ina chéad óráid mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Insealbhaíodh Biden roimh meán lae Dé Máirt agus roinnt uaireanta a chloig tar éis an tsearmanais insealbhaithe, chuir an riarachán nua tús lena mbeartais a chur i bhfeidhm agus go leor de chinntí Donald Trump a aisiompú. Ar dtús, fógraíodh...

Jan 23, 20215 minEp. 26

16 Eanáir 2021 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Ella Hassett. Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu, le dul ag imirt peil na hAstráile ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Is as an Liotuáin é Deividas Uosis ó dhúchais, ach d’aistrigh a chlann go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Tá cáil bainte amach ag Deividas mar bháireoir le Cumann Peile an Daingin, agus is Gaeilgoir é chomh maith. Bhuaigh sé bonn ...

Jan 16, 20215 minEp. 25

9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus d’fhógair Méara Londan, Sadiq Khan, go bhfuil príomhchathair na Ríochta Aontaithe i staid éigeandála...

Jan 09, 20214 minEp. 24

1 Eanáir 2021 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach ó aon déag a chlog ar Oíche Chinn Bliana. Thángadar ar an gcomhaontú nach mbeadh aon táillí breise ar thradáil idir an Bhreatain agus an Aontas Eorpach. Fanfaidh Tuaisceart na hEireann sa Margadh Aonair le rialacha chustaim an Aontais Eorapaigh. Beidh Institúit Teicneolaíochta Thrá Lí agus Institúit Teicneolaíochta Chorcaí ag te...

Jan 02, 20214 minEp. 23

26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna. Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach ann don Chomhmhargadh, agus tá rialtas na Riochta Aontaithe á mholadh, a deireann siad mar gheall ar an bhflaithiún...

Dec 26, 20205 minEp. 22

19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig níos mó ná trí chéad buachaill abhaile go sábhailte inné, seachtain tar éis dóibh a bheith fuadaithe óna scoil sa Nigéir. Tháinig na buachaillí ar bus go Katsina, áit ina bhuail siad le hUachtarán na Nigéire Muhammadu Bahari. Tharla an fuadach ar an aonú lá déag de mhí na Nollag, i rith ionsaí ar a scoil sa bhaile Kankara. Bhí a n-éide scoile á gc...

Dec 19, 20205 minEp. 21

12 Nollaig 2020 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuir an Ríocht Aontaithe tús ar a plean vacsaínithe Covid-19 an tseachtain seo caite. Maidin Dé Máirt fuair an chéad duine an vacsaín, bean darb ainm Margaret Keenan atá nócha bliain d’aois. Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus bhog sí go Coventry i Sasana níos mó ná seasca bliain ó shin. Tugadh an vacsaín, atá táirgthe ag Pfizer-BioNTech, do Margar...

Dec 12, 20205 minEp. 20

5 Nollaig 2020 - TÉIC 2 (Dún na nGall)

Gabh ár leithscéal, seo é an leagan ceart! * Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 5ú lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh an Ríocht Aontaithe ar an chéad áit ar domhan le húsaid vacsaín in aghaidh Covid-19 a cheadú. Is í an vacsaín ó Pfizer/BioNTech a gheobhaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe, le 800,000 dáileog a chur isteach acu laistigh de sheachtain, a thugann díonacht suas le 95% ar an ghalar. Shocraigh Rialt...

Dec 05, 20204 minEp. 19

28 Samhain 2020 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Beidh scannán Gaeilge ag dul chun cinn mar iarrthóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn. Roghnaíodh an scannán, ‘Arracht’, atá suite i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Baineann an scéal le hiascaire (an t-aisteoir Dónall Ó hÉalaí) a aontaíonn foscadh a thabhairt do iar-shaigh...

Nov 28, 20206 minEp. 18

21 Samhain 2020 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Tá an peileadóir Marcus Rashford tar éis togra nua spéisialta a eagrú do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Sheol sé club leabhar nua do pháistí idir aon déag agus sé bliana déag d’aois i gcomhar le Macmillian Children’s Books sa Ríocht Aontaithe Dé Máirt. Don chéad leabhar, foilseofar leabhar nua leis an údar Carl Anka dar teideal You Are A Champion . Pléifear tábhacht an oideachais, cúrsaí cultúrtha, eiseamláirí baineanna agus an d...

Nov 21, 20205 minEp. 17

14 Samhain 2020 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllamh Seán Farren, go bhfuil luachanna Hume de dhíth go mór sa lá atá inniu ann. An chéad imeacht ag an ...

Nov 14, 20204 minEp. 16

7 Samhain 2020 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua le haghaidh pleanála sa Ghaeltacht. Moltar gurb é Udarás na Gaeltachta a bheadh ag stiúradh pleanála sa Ghaeltacht. Deir siad go bhfuil gá le polasaí náisiúnta chun go mbeadh sé níos éasca do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint. Beidh tastálacha nua don víreas Covid 19 ar fáil go luath in Éirinn. Tabharfaidh na tastálacha torthaí taobh istigh de chúig nóiméad déag. Beidh siad ar fáil sa phoitigéi...

Nov 07, 20204 minEp. 15

31 Deireadh Fómhair 2020 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Drochscéal ón gcosmos an tseachtain seo, mar tá sé faighte amach ag na réalteolaithe David Vokrouhlický agus a chomhoibrithe go bhfuil seans amháin i thart ar céad agus caoga míle go mbuailfidh an t-astaróideach Apophis anuas ar an domhan i 2068, rud a bheadh tubaisteach go h-iomlán dá dtárlódh sé. Tiocfaidh Apophis an-ghar don domhan i 2029 agus arís i 2036, agus cé nach bhfuil baol ar b...

Oct 31, 20205 minEp. 14

24 Deireadh Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Ag meán-oíche ar an gCéadaoin cuireadh srianta leibhéal a cúig i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine go dtí an chéad lá de Mhí na Nollag. Is é leibhéal a cúig an leibhéal srianta is airde i bplean Covid reatha an rialtais. Tá na srianta cosúil leis na cinn a bhí i bhfeidhm i mí an Mhárta agus Aibreá...

Oct 24, 20204 minEp. 13

17 Deireadh Fómhair 2020 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú (seachtú lá déag) de mhí Dheireadh Fómhar. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, fógraíodh Buiséad 2021 in Éirinn, an buiséad is mó a chonaic an tír riamh. Tá €17.75 billiún le caitheamh ag an rialtas agus leath den iomlán ar chursaí a bhaineann le tacaíochtaí coróinvíris. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é an t-am ceart le léibhéal mullaigh de thacaíocht an Bhuiséid. Tá €14 mhilliún sa bhreis (ardú 23%) cu...

Oct 17, 20204 minEp. 12

10 Deireadh Fómhair 2020 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. An tseachtain seo caite, agus gan ach mí roimh thoghchán na huachtaránachta, nocht Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuair sé toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas. Ó shin amach, bhí torthaí dearfacha ag níos mó ná fiche duine sa Teach Bán. Tá gach cosúlacht go raibh siad ionfhabhtaithe leis an víreas ag imeacht sa Teach Bán chun an breitheam...

Oct 10, 20204 minEp. 11
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android