7 Samhain 2020 (Ciarraí) - podcast episode cover

7 Samhain 2020 (Ciarraí)

Nov 07, 20204 minEp. 15
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua le haghaidh pleanála sa Ghaeltacht. Moltar gurb é Udarás na Gaeltachta a bheadh ag stiúradh pleanála sa Ghaeltacht. Deir siad go bhfuil gá le polasaí náisiúnta chun go mbeadh sé níos éasca do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint.

Beidh tastálacha nua don víreas Covid 19 ar fáil go luath in Éirinn. Tabharfaidh na tastálacha torthaí taobh istigh de chúig nóiméad déag. Beidh siad ar fáil sa phoitigéir le costas idir €15 agus €25 Euro. Deir úinéir an chomhlachta ‘ELISA Genie’ Seán Mac Fhearraigh, go bhfuil cruinneas na tastálacha idir 92% agus 98%.

Tá an stoirm Eta tar éis bualadh Panama, Hondúras agus Meicsiceo le 150 duine básaithe ó shleamhnú láibe i Guatemala. Dúirt Mark Connolly ó UNICEF gurb é an stoirm is measa a bhuail Hondúras le blianta agus is suntasach an díobháil a bheidh ann.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

moltar - it is recommended

tógaint - tógáil, to build (Gaeilge Chorca Dhuibhne)

poitigéir - chemist, pharmacist

cruinneas - accuracy

sleamhnú láibe - mud slide

díobháil - loss, damage

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android