Nuacht Mhall - podcast cover

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londainpodcasters.spotify.com
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

8 Samhain 2025 (Dún na nGall)

Fiosraíonn an eipeasóid ionsaí foréigneach ar thraein go Londain, áit ar gortaíodh deichniúr, lena n-áirítear saoránach Éireannach a léirigh crógacht. Pléitear freisin cás calaoise an iar-iománaí DJ Carey, a lig air go raibh ailse air chun airgead a fháil. Ar deireadh, tugtar aitheantas do na seachtar ceannródaí san intleacht shaorga, ina measc an tOllamh Li, a bhuaigh Duais Innealtóireachta na Banríona Éilis.

Nov 08, 20256 min

1 Samhain 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh t...

Nov 01, 20258 min

25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí...

Oct 25, 20257 min

18 Deireadh Fómhair 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar...

Oct 18, 20256 min

11 Deireadh Fómhair 2025 (Tiobraid Árann)

Nochtann an eipeasóid na forbairtí is déanaí maidir leis an sos cogaidh a mholtar i Gaza, ag cur síos ar na téarmaí atá beartaithe agus an éiginnteacht leanúnach. Clúdaíonn sé freisin imeacht Jim Gavin ó fheachtas uachtaránachta na hÉireann de bharr conspóide, ag athmhúnlú an rása. Ar deireadh, déantar mionlach ar Bhúiséad 2026, ag léiriú cáineadh an fhreasúra agus na príomhathruithe ar chánacha agus ar shochair.

Oct 11, 20258 min

4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 cili...

Oct 04, 20256 min

27 Meán Fómhair 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an b...

Sep 27, 20258 min

20 Meán Fómhair 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, ...

Sep 20, 20258 min

12 Meán Fómhair 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tá roinnt daoine mór le rá ceangailte le Jeffrey Epstein an tseachtain seo tar éis don Choiste Maoirseachta Tí íomhánna a fháil ó dhlíodóirí Epstein de leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá. Tá grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa litir. Ba chuid de seo litir a scríobh Donald Trump chuig Epstein inar ghuigh sé breithlá sona dó. Tá an...

Sep 13, 20258 min

6 Meán Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro Alto, ceantar eile a bhfuil siamsaíocht oíche ann. Bhí daoine ó thíortha éagsúla i measc na n-ot...

Sep 06, 202512 min

30 Lúnasa 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish Bloc Berlin, grúpa a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín. Sna físeáin, tá póilíní Gearmá...

Aug 30, 20255 min

23 Lúnasa 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis. Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin agus, i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Trump nach raibh gá le sos comhraic agus go mbeadh sé ag iarr...

Aug 23, 20257 min

16 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráiteas an pháirtí tugadh tacaíocht di agus dúradh go mbuailfidh Comhairle Feidhmiúcháin Fíne Gael le c...

Aug 16, 20256 min

9 Lúnasa 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid ob...

Aug 09, 20258 min

2 Lúnasa 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-ocras ina chúis leis. Tá níos mó ná 1,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó dheireadh mhí ...

Aug 02, 20257 min

26 Iúil 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air f...

Jul 26, 20255 min

19 Iúil 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choireanna Epstein i measc lucht QAnon agus MAGA, dílseoirí Trump de ghnáth, agus anois tá an chonspói...

Jul 19, 20256 min

12 Iúil 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí amhras ann go mbeadh siad in ann seinm le chéile arís choíche. Ach an tseachtain seo, bhailigh slu...

Jul 12, 20255 min

5 Iúil 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúpa rapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás don IDF” agus é ar an stáitse, agus cé gur cuireadh stiúrthóir ginearálta an BBC ar an eolas ag...

Jul 05, 20257 min

28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail. Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meastar gur rogha na coitiantachta a bheidh in iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí tacaíocht leith...

Jun 28, 20258 min

21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na...

Jun 21, 20258 min

14 Meitheamh 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur chruthaigh sé níos mó fadhbanna sa chathair. Caitheadh buidéil agus clocha le póilíní, cuireadh cairr...

Jun 14, 20259 min

7 Meitheamh 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh scannánaíochta sna scannáin Star Wars, druidte i rith an gheimridh, idir mí Mheán Fómhair agus mí Aibr...

Jun 07, 20256 min

31 Bealtaine 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Ghlac Iosrael leis an bplean agus tá fre...

May 31, 20255 min

24 Bealtaine 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún du...

May 24, 20255 min

17 Bealtaine 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár. Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUas...

May 17, 20255 min

10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo)

Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Io...

May 10, 20256 min

3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an r...

May 03, 20255 min

26 Aibreán 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey. Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh. Bhí an Pápa, a bhí ochtó a hocht mbliana d’aois, ar an gcéad phontaif ...

Apr 26, 20257 min

19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)

Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint am...

Apr 19, 20255 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android