Nuacht Mhall - podcast cover

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londainpodcasters.spotify.com
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

12 Aibreán 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir...

Apr 12, 20258 min

5 Aibreán 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orth...

Apr 05, 20257 min

29 Márta 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus ...

Mar 29, 20256 min

22 Márta 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag t...

Mar 22, 20257 min

15 Márta 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na c...

Mar 15, 20255 min

8 Márta 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipea...

Mar 08, 20255 min

1 Márta 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabh...

Mar 01, 20257 min

22 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad...

Feb 22, 20255 min

15 Feabhra 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D’áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh é...

Feb 15, 20256 min

8 Feabhra 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínig...

Feb 08, 20256 min

1 Feabhra 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin...

Feb 01, 20257 min

25 Eanáir 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na sto...

Jan 25, 20255 min

18 Eanáir 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000 Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar ...

Jan 18, 20257 min

11 Eanáir 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh...

Jan 11, 20256 min

4 Eanáir 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar ma...

Jan 04, 20255 min

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleá...

Dec 28, 20246 min

21 Nollaig 2024 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh s...

Dec 21, 20247 min

14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach ...

Dec 14, 20245 min

7 Nollaig 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chu...

Dec 07, 20248 min

30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá ...

Nov 30, 20247 min

23 Samhain 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé rái...

Nov 23, 20246 min

16 Samhain 2024 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táir...

Nov 16, 20246 min

9 Samhain 2024 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go lua...

Nov 09, 20245 min

2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus...

Nov 02, 20247 min

26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste...

Oct 26, 20246 min

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael ag...

Oct 19, 20245 min

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad is...

Oct 12, 20246 min

5 Deireadh Fómhair 2024 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar a...

Oct 05, 20246 min

28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe...

Sep 28, 20245 min

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, ...

Sep 21, 20246 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android