Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh...
Sep 14, 2024•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin an tuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a m...
Sep 07, 2024•7 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far’a. D’éiligh Ard-Rúnaí na ...
Aug 31, 2024•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh...
Aug 24, 2024•4 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí Chonaill. Bronnadh seacht mbonn san iomlán ar fhoireann na hÉireann i mbliana, ceithre bhonn óir agu...
Aug 17, 2024•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiaidh do ghrúpa mór daoine óga toiseacht ag caith...
Aug 10, 2024•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an chéad fhear...
Aug 03, 2024•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht ...
Jul 27, 2024•4 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan tac...
Jul 20, 2024•7 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. Spreag a cás idirghabháil ón Taoiseach Simon Harris níos luaithe an tseachtain seo tar éis é a ardú sa Dái...
Jul 13, 2024•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh cheartais imscrúduithe bréige a oscailt ar chalaois toghcháin agus gur chuir sé brú ar Mike Pence, ...
Jul 06, 2024•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de Mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan Dhoire, Ard Mhacha in éadan Ros Comáin, Dún na nGall in éadan Lú agus Baile Átha Cliath in éadan Gai...
Jun 29, 2024•8 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche dé mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhlach na Breataine. Meastar go raibh pléascadh mianaigh ar bord agus bádh 27 de chriú nuair a chuaigh ...
Jun 22, 2024•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór acu cúpla bliain ó shin. Bhí toghc...
Jun 15, 2024•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospar...
Jun 08, 2024•7 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Fuarthas iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ciontach i ngach cúiseamh ag deireadh a thrialach i Nua Eabhrac Déardaoin. Bhí ceithre chúiseamh is tríocha ann, a bhain le cuntais ghnó a fhalsú le linn fheachtas na huachtaránachta sa bhliain 2016, nuair a tugadh airgead tosta don aisteoir Stormy Daniels. Gearrfar an pionós ar Trump ar an chéad lá déag ...
Jun 01, 2024•4 min•Ep. 201
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go...
May 25, 2024•6 min•Ep. 200
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair na coire. Gortaíodh go dona Príomh-Aire Fico agus dúradh go raibh sé ag streachailt leis an bhás, ac...
May 19, 2024•5 min•Ep. 196
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubh le daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidí idirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhealach chun cúnamh a fháil isteach i Stráice Gaza. Dúirt an Teach Bán go raibh siad in aghaidh ionradh...
May 11, 2024•8 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D’éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachta...
May 04, 2024•4 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. D’fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an taobh clé agus gur ghéaraigh sé na fadhbanna a bhí aige cheana féin le híochtar an droma. Labhair sé in Oll...
Apr 27, 2024•6 min•Ep. 196
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Aibreán. Is mise Oisín Mac Conamhna. Chríochnaigh an t-ionchuisne sa dóiteán tubaisteach sa chlub oíche Stardust i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Tharla an dóiteán in 1981, and d’éag 48 duine ann. Shroich an giúiré an breithiúnas gur maraíodh iad uilig go neamhdhleathach. An t-ionchuisne is faide i stair an stáit ba ea, agus le linn breis agus céad lá d’fhianaise, tháinig sé amach go raibh na bealaí éalaithe fao...
Apr 20, 2024•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid marbh taobh amuigh dá teach in Los Angeles. Triaileadh Simpson sna dúnmharaithe, ach saoradh é sa bh...
Apr 13, 2024•5 min•Ep. 194
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag seacht mbliana i...
Apr 06, 2024•5 min•Ep. 193
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gcomparáíd le mí Eanáir. Tá 10,100 de na...
Mar 30, 2024•5 min•Ep. 192
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gco...
Mar 23, 2024•7 min•Ep. 191
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. D’éirigh leis an scannán seacht nOscar ar ...
Mar 16, 2024•8 min•Ep. 190
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-...
Mar 09, 2024•6 min•Ep. 189
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar ...
Mar 02, 2024•5 min•Ep. 188
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé á choinneáil nár tháinig an mothú ar ais ann tar éis dó...
Feb 24, 2024•4 min•Ep. 187