Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith...
Feb 17, 2024•6 min•Ep. 186
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar cheannaire ar chomhrialtas ilpháirtí, ar a tug...
Feb 10, 2024•6 min•Ep. 185
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbea...
Feb 03, 2024•6 min•Ep. 184
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh orthu sa bhreithiúnas idirlinne seo, ciallaí...
Jan 27, 2024•5 min•Ep. 183
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneach nó reiligiúnach a scriosadh i bpáirt nó sa...
Jan 20, 2024•8 min•Ep. 182
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain 20...
Jan 13, 2024•7 min•Ep. 181
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhaidh go dtarlódh súnámaí. Deineadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus bhí gearradh cumhachta in ...
Jan 13, 2024•6 min•Ep. 180
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Maraíodh níos mó ná 200 duine le buillí Iosraelacha le linn 24 uair i lár na seachtaine, de réir na Roinne Sláinte atá faoi riarachán Hamas. Dúirt an Roinn Sláinte go raibh líon na bPalaistíneach maraithe sa chogadh go dtí seo ag níos mó ná 21,000 duine – beagnach 1% de dhaonra na Palaistíne. Tá eagla ann go bhfuil na mílte duine slogtha nó caillte faoi na fothracha go fóil...
Dec 30, 2023•5 min•Ep. 179
Nuacht Mhall. Príomscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éis na mílte crith talún, agus bhí gach duine de ...
Dec 23, 2023•5 min•Ep. 179
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Saighdiúir F a chur chun trialach, agus dúirt go raibh sé i bhfad ag teacht. Scaoileadh 13 dhuine marbh agus gortaíodh 15 eile ar a laghad nuair a thosa...
Dec 16, 2023•6 min•Ep. 177
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifi...
Dec 09, 2023•6 min•Ep. 176
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas ...
Dec 02, 2023•5 min•Ep. 175
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 25ú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d’éirigh leo an scian a tharraingt as a lámh agus s...
Nov 25, 2023•6 min•Ep. 174
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach co...
Nov 18, 2023•5 min•Ep. 173
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaí...
Nov 11, 2023•5 min•Ep. 172
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na ...
Nov 04, 2023•5 min•Ep. 171
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a ...
Oct 28, 2023•7 min•Ep. 170
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt an uachtaráin Mheirice...
Oct 22, 2023•5 min•Ep. 169
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea iad an tromlach mór de na mairbh, le roinnt páistí agus seandaoine ina measc, agus níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile c...
Oct 14, 2023•5 min•Ep. 168
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an scríbhneoir agus drámadóir Ioruach, Jon Fosse. Scríbhneoir bisiúil é Fosse a bhfuil thart ar 40 dráma foilsithe aige, chomh maith le húrscéalta, filíocht, aistí, leabhair do pháistí agus saothair aistriúcháin, agus tá cáil air le fada an lá as an úsáid nuálach a bhain sé as teanga agus as an turgnamh foirmiúil. Bronntar an Dua...
Oct 08, 2023•5 min•Ep. 167
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an tríochadú lá de mhi Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó aon mhíle dhéag scríbhneoir, lena n-áirítear picéid stiúideonna, mar shampla oifigí Netflix in Los Angeles. D’eisigh Joe Biden ráiteas faoi dheireadh ...
Sep 30, 2023•7 min•Ep. 166
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach san áireamh. Maíodh gur tharla na heachtraí idir 2006 agus 2013 nuair a bhí Brand in ard a réime. Baineann na heachtraí le ceathrar ban, agus bhí ceann acu sé bliana déag d’aois ag an am....
Sep 23, 2023•5 min•Ep. 165
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ansin, taifeadadh an cioclón ba mharfaí riamh sa Mh...
Sep 16, 2023•5 min•Ep. 164
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, 24 níos mó san achar céanna anuraidh. Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag déanamh imscrúdú ar na teorainneacha luais faoi láthair agus...
Sep 09, 2023•5 min•Ep. 163
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhí fadhbanna teicniúla ag rialtóir aerthráchta sa Bhreatain a chur isteach ar eitiltí isteach agus amach ón tír. Tá na mílte daoine sáinnithe faoi láthair sa Bhreatain agus thar lear a bhí imithe ar laethanta saoire nó ag iarraidh teacht abhaile. Chuir na seirbhísí aerthráchta teorainn leis an méid eitleán ábalta leaindeáil in aerfoirt timpeall na Breataine agus chu...
Sep 02, 2023•6 min•Ep. 163
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhromchla na gealaí a measadh go raibh crá...
Aug 26, 2023•6 min•Ep. 161
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an naoú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éirinn. Tá 80% de dhaoine níos sine ná 40 ina n-úinéir tí ach níl ach timpeall 30% de dhaoine faoi 40 ina n-úinéir tí. Mhéadaigh an bhearna sin faoi dhó...
Aug 21, 2023•4 min•Ep. 160
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de Lúnasa 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun an t-amhránaí, Sinéad O’Connor, a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri. Rinne Ioslamaí de O’Connor in 2018 agus d’athraigh sí a hainm go Shuhada' Sadaqat, ach choinnigh léi mar...
Aug 12, 2023•6 min•Ep. 159
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cúiseanna ná comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na St...
Aug 05, 2023•5 min•Ep. 158
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath deich n-albam stiúideo, agus ainmníodh a hamhrán Nothing Compares 2 U ar an gcéad singil domhanda in 1990 ag na Billboard Music Awards. Bhí a leagan d...
Jul 29, 2023•4 min•Ep. 157