8 Márta 2025 (Tír Eoghain) - podcast episode cover

8 Márta 2025 (Tír Eoghain)

Mar 08, 20255 min
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air.  BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.

Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga.

Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO’Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

siondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndrome

creimirí - rodents

réamhthriail - preliminary trial

truailliú - pollution

foráil - clause (legal)

faillí - neglect



For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android