6 Márta 2021 (Tír Eoghain) - podcast episode cover

6 Márta 2021 (Tír Eoghain)

Mar 06, 20213 minEp. 32
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá Pontins tar éis gealladh a gcleachtais oibre maidir le háirithintí a athrú. Cuireadh in iúl an tseachtáin seo go bhfuil liosta sloinnte “neamh-inmhianaithe” ag an chuideachta, a reáchtálann páirceanna saoire i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Cé gurb iad sloinnte Éireannacha an-choitianta a bhí ar an liosta, is léir gur i gcoinne an lucht siúil a bhí an polasaí. Chuir sceithire an scéal chuig An Choimisiún um Chearta an Duine agus Comhionnanas, a dúirt go raibh leithcheal agus ciníochas bainte leis an pholasaí.

D’éirigh le grianghrafadóir James Crombie pictiúr an-speisialta a thógáil Dé Máirt nuair a bhailigh ealta druideanna os cionn Loch Ainninn i gContae na hIarmhí i gcruth éin ollmhóir ar feadh soicind. Tugtar murmuration ar ealta druideanna sa Bhéarla, agus bíonn cuma scamall atá ag síorathrú air agus iad sa spéir. Tá na grianghraif a thóg Crombie le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Irish Times.

Fuair réalta cheoil tíre Dolly Parton a dáileog den vacsaín Moderna an tseachtain seo, agus í ag athrú fhocail a hamhráin cháiliúil Jolene chun daoine eile a spreagadh chun an vacsaín a fháil. D’fhéadfaí “dáileog a cógais féin” a rá mar gur thug Parton í féin milliún dollar d’Ionad Leighis Ollscoil Vanderbilt in Nashville, Tennessee chun vacsaín a fhorbairt, ach níor ghlac sí leis an vacsaín roimhe seo mar ní raibh sí ag iarraidh an scuaine a shárú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

neamh-inmhianaithe - undesirable

leithcheal - discrimination

ealta druideanna - flock/murmuration of starlings

síorathrú - ever-changing 

cógas - medicine

scuaine - queue

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android