20 Márta 2021 (Baile Átha Cliath) - podcast episode cover

20 Márta 2021 (Baile Átha Cliath)

Mar 20, 20215 minEp. 34
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh

Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú ceartais agus póilíneachta. Ceann de na bearta a mholtar ná nár cheart d’agóidí a bheith ina núis phoiblí. D’ardaigh roinnt dlíodóirí um chearta an duine, gníomhaithe agus baill den fhreasúra agóidí i gcoinne an bhille, ag rá go dtugann an reachtaíocht an iomarca cumhachta do phóilíní agóid dhlisteanach a stopadh.

Ainmníodh scannán beoite ón stiúideo Cartoon Saloon atá lonnaithe i gCill Ceannach don ghradam ‘Scannán Beoite is Fearr’ ag na 2021 Oscars. Is é Wolfwalkers (a bhí faoi stiúir Tomm Moor agus Ross Stewart) an ceathrú scannán a rinne an stiuideo atá ainmnithe sa chatagóir seo. Baineann an scéal le sealgaire óg agus a hathair a théann go hÉirinn chun an ceann deireaneach de na mic tíre a dhíothú faoi orduithe ó Oliver Cromwell. Críochnaíonn an scannán triológ bhéaloidis an stiúideo a thosaigh le The Secret of Kells agus a lean ar aghaidh le Song of the Sea.

D’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach a céad bhreithiúnas riamh trí Ghaeilge an tseachtain seo. Tar éis beagnach 50 bliain sa bhloc trádála, níor ghlac an chúirt ach a céad chás Gaeilge i mí Eanáir agus bhí an rialú eisithe acu ar Lá Fhéile Pádraig. Bhain an cás leis an nGaeilge freisin: theastaigh Peadar Mac Fhlannchadha ó Ghaillimh lipéadú dátheangach a fheiceáil ar leigheas d’ainmhithe. Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge mar theanga chonartha den Aontas Eorpach ó 1973 agus teanga oibre de ó 2007. Bhreithnigh an chúirt gur chóir go mbeadh lipéadú teanga Éireannach ar tháirgí tréidliachta a dhíoltar in Éirinn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

agóid - protest, objection

an freasúra - the opposition (politics)

scannán beoite - animated film

sealgaire - hunter

teanga chonartha - treaty language

teanga oibre - working language  

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android