27 Feabhra 2021 (Ciarraí) - podcast episode cover

27 Feabhra 2021 (Ciarraí)

Feb 27, 20216 minEp. 31
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an breitheamh Stephen Eyre QC go raibh an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ polaitúil gan aistriúchán Béarla leis. Bhí Margaret Keane an-bhainteach leis an gCumann Lúthchleas Gael agus bhí aithne go mór uirthi i measc an phobail Ghaelaigh. Theastaigh an teaghlach go mbeadh an leac uaighe réidh roimis Lá Fhéile Padraig agus anois is feidir é seo a dhéanamh. Dúirt Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge i Londain, go raibh gliondar croí air don chlann agus gach Éireannach sa tír seo agus do dhaoine a bhfuil ag iarraidh a bhfocail ina rogha theanga féin a chur ar a leac cuimhneacháin.

Fuadaíodh ós cionn 300 cailín ó mheánscoil sa bhaile Jangebe i dTuaisceart na Nigéire. Cuireadh an milleán ar dronga coireachta mar tá siad ag fuascailt daoine le deanaí. Sa bhliain 2014, fuadaíodh 276 cailín a bhí ar scoil. An eagraíocht mhíliteach ioslamaíoch Boko Haram a bhí i mbun. Dúirt na gardaí go bhfuil siad amuigh in éineacht leis an arm teagmhasach ar thóraíocht na gcailíní. Dúirt an t-eagras UNICEF go bhfuil fearg agus brón orthu gur fuadaíodh leanaí sa Nigéar aríst agus go bhfuil sé ag sarú cearta leanaí.

Tá an 25ú sraith curtha i gcrích ag an sobaldráma Ros na Rún. D’eirigh leis an bhfoireann leiriúcháin 82 clár a thaifeadadh thar 24 seachtain. Mar gheall ar na srianta le Covid 19, thángadar ar slí taifeadadh a dhéanamh go sábhailte trí oifigigh Covid a bheith acu agus úsáid a bhaint as treallamh nua. Bhí na haisteoirí ábalta a bheith in aice le na chéile go sábhálta ag leanúint na treoirlínte.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

roimis - roimh (Gaeilge na Mumhan)

gliondar - joy

fuadaigh - kidnap

fuascail - ransom

curtha i gcrích - completed

treallamh - equipment

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android