24 Aibreán 2021 (Ciarraí) - podcast episode cover

24 Aibreán 2021 (Ciarraí)

Apr 24, 20214 minEp. 39
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Ciontaíodh an iar-phoilín Derek Chauvin as dúnmharú George Floyd a fuair bás i gCathair Minneapolis an bhliain seo caite. Bhí Derek Chauvin le feiscint ar fís ag tachtadh George Floyd lena ghlúin ós cionn naoi nóiméad. Spreag dúnmharú George Floyd agóidí timpeall na cruinne i gcoinne ciníochas agus iompar na bpóilíní i Meiriceá. Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden gur uair thábhachtach é seo chun athrú a dhéanamh agus gur smál é seo ar anam na Stát Aontaithe.

Tá sé fhoireann sacair i Sasana tar éis tarrach amach as Comórtas nua sacair darb ainm an Super League. Bhí dhá fhoireann déag ón Eoraip le bheith páirteach sa tsraith. Duirt an Club Peile Arsenal go raibh brón orthu agus go ndeineadar botún. Dheineadar an cinneadh tarrach amach tar éis éisteacht lena lucht leanúna, le Rialtas Shasana agus lena gcuid geallsealbhóirí. Dúirt Cathaoirleach Juventus go leanóidh na clubanna eile atá fágtha ar aghaidh leis an sraith.

Beidh Disney ag teacht chuig Éireann. Beidh taifead á dhéanamh ar an scannán Disney ‘Disenchanted’ in Áth na Sceire i gContae Chill Mhantáin i mí na Bealtaine. Dheineadh taifead ar an chéad scánnán ‘Enchanted’ sa bhliain 2007, faoin mbanphrionsa Giselle a cuireadh an ruaig uirthi as a saol draíochta agus a tháinig go dtí an gnáthshaol i Manhattan. Ceaptar go mbeidh na haisteoirí cáiliúla Susan Sarandon, Patrick Dempsey agus Amy Adams i láthair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

*

ciontaíodh - was convicted

dúnmharú - murder

lucht leanúna - followers, fans

geallsearbhóirí - stakeholders

cuireadh an ruaig uirthi - she was chased

draíochta - magical

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android