Nuacht Mhall - podcast cover

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londainpodcasters.spotify.com
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

3 Deireadh Fómhair 2020 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Ella Hassett. Tá an tAontas Eorpach tar éis cás dlí a thabhairt in aghaidh na Breataine mar gheall ar bhille trádála inmheánaigh . De réir an Aontais Eorpaigh, briseann an bille dlí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí Thuaisceart na hÉireann. Chuir an tAontas Eorpach litir fhoirmiúil chuig Rialtas na Breataine inniu mar chéad chéim sa phróiséas dlí. D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaig...

Oct 03, 20205 minEp. 10

26 Meán Fómhair 2020 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an chloig níos luaithe agus moltar gur chó...

Sep 26, 20203 minEp. 9

19 Meán Fómhair 2020 (Ciarraí)

Inniu an naou lá déag do mhí Mheán Fomhair, Is mise Gráinne Ní Bhrosnachain. Bhunaigh an Dochtúr Liz Doherty suíomh idirlín chun ranganna ceoil a mhúineadh ar líne. Thosnaigh sí an suíomh idirlín iteachtrad.com mar ní raibh a lán ábhar ar fáil do mhúinteoirí. Chur sí córas le siollabas i bhfeidhm chun pleanáil a dhéanamh ar ranganna ceoil. Tosníonn Oíche Chultúir ar an 18ú lá do Meán Fomhair i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre. Tá ós cionn 80 ócáid Ghaeilge ar siúl ar an suíomh idirlín Y...

Sep 19, 20204 minEp. 8

12 Meán Fómhair (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Londain, d’fhoilsigh rialtas na Ríochta Aontaithe bille, atá siad chun cur ós cómhair na parlaiminte Westminster, a sháródh cuid thábhachtach de phrótacal Thuaisceart na hÉireann sa Chomhaontú Aisthairraingthe, a shínigh an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach i mbliana; cé gur mhol siad an Comhaontú mar shár-mhargadh nua, ina bhforógra toghcháin, níos lú ná bl...

Sep 12, 20207 min

5 Meán Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Ar an gCéadaoin, sheol Cumann Lúthchleas Gael sraith chuimhneacháin d’íospartaigh Dhomhnach na Fola 1920. Beidh comórtha céad bliain na tragóide, ina maraíodh ceithre dhuine dhéag ag cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh, ar an gcéad lá is fiche de mhí na Samhna. Roimh an lá beidh réimse ábhar á foilsiú ag díriú ar an scéal agus saoil na n-íospartach, podchr...

Sep 05, 20203 min

29 Lúnasa 2020 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’éirigh Phil Hogan as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh tráthnóna Dé Céadaoin. Tháinig sé chun solais go raibh sé i measc na ndaoine a bhí i láthair ag dinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán an tseachtain seo caite. Sháraigh an ócáid seo na srianta Covid-19, go háirithe maidir leis an uasmhéid daoine a cheadaítear ag imeachtaí. Bhí Hogan f...

Aug 29, 20205 min

22 Lúnasa 2020 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an dara lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá na céadta míle duine ar stailc ar shráideanna na Bealarúise le hagóid a dhéanamh in aghaidh atoghcháin an Uachtaráin Lukashenko. Goineadh na céadta agóideoirí, fuair beirt bás, agus cuirtear 6,700 duine faoi ghlas, le tuairiscí ar chrá ó na poilíní. Dé Luain, rinne an lucht oibre trasnaíl ar an Uachtarán Lukashenko nuair a thug sé cuairt ar mhonarcha. Bhuaigh Lukas...

Aug 22, 20205 minEp. 4

15 Lúnasa 2020 (Loch Garman)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an cúigiú lá dhéag de mhí Lúnasa. Is mise James McDonald. Tá iarrthóir uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden tar éis Kamala Harris a roghnú mar chomhiarrthóir. Má éiríonn leo i dtoghchán na huachtaránachta i mí na Samhna, beidh Harris ar an gcéad bhean dhubh a bheidh ina Leas-Uachtarán Mheiriceá. D'oibrigh an Seanadóir ó Chalifornia mar ionchúisitheoir dúiche sular ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht. Tosnóidh TG4 ag taif...

Aug 15, 20203 minEp. 3

8 Lúnasa 2020 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an 8ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá an gníomhaí Cearta Sibhialta agus iar-Cheannaire an SDLP John Hume tar éis bháis. Dúirt Uachtarán na hÉireann ba chóir go mbeadh muid buíoch do John Hume a thug dóchas do dhaoine in am an ghéibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1998. Tá ardú ar cásanna den víreas corónach i Melbourne san Astráil. Mar sin, beidh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar feadh sé sea...

Aug 08, 20203 minEp. 2

1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mhacha ar siúl i gContae Ard Mhacha. Tá daoine ag siú...

Aug 01, 20203 minEp. 1

Réamhbhlaiseadh/Trailer

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Beidh an chéad eagrán de Nuacht Mhall ar fáil Dé Sathairn bheag seo. Is sraith nua í atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge mar chleachtadh cluastuisceana. Cloisfidh tú meascán guthanna agus canúintí ag léamh phríomhscéalta na seachtaine go mall. Chomh maith leis sin, beidh an script iomlán ar fáil sa chur síos i d’aip phodchraolta. Cláraigh leis an fhotha ar d’aip phodchraolta anois. Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain....

Jul 28, 20201 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android