8 Lúnasa 2020 (Ciarraí) - podcast episode cover

8 Lúnasa 2020 (Ciarraí)

Aug 08, 20203 minEp. 2
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.


Inniu an 8ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Tá an gníomhaí Cearta Sibhialta agus iar-Cheannaire an SDLP John Hume tar éis bháis. Dúirt Uachtarán na hÉireann ba chóir go mbeadh muid buíoch do John Hume a thug dóchas do dhaoine in am an ghéibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1998.

Tá ardú ar cásanna den víreas corónach i Melbourne san Astráil. Mar sin, beidh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine. Tá gnóthaí neamhriachtanacha agus scoileanna dúnta le daltaí ag déanamh a gcuid ranganna ar an idirlíon.

Tá an dráma Gaeilge ‘Corp agus Anam' díolta leis an seirbhís sruthaithe nua ‘SOONER' atá lonnaithe san Eilvís, san Ostair agus sa Ghearmáin. Sa chlár bíonn imscrúdú á dhéanamh ag beirt iriseoirí ar choireanna, le haisteoirí cáiliúla Maria Doyle Kennedy agus Diarmuid de Faoite. Craoladh dhá shraith den dráma ar TG4 sna blianta 2011 agus 2014.


Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android