29 Lúnasa 2020 (An Clár) - podcast episode cover

29 Lúnasa 2020 (An Clár)

Aug 29, 20205 min
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

D’éirigh Phil Hogan as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh tráthnóna Dé Céadaoin. Tháinig sé chun solais go raibh sé i measc na ndaoine a bhí i láthair ag dinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán an tseachtain seo caite. Sháraigh an ócáid seo na srianta Covid-19, go háirithe maidir leis an uasmhéid daoine a cheadaítear ag imeachtaí. Bhí Hogan faoi bhrú freisin mar gheall ar a chuid taistil in Éirinn tar éis teacht ar ais ón mBeilg. D’éirigh an tAire Talmhaíochta, Dara Calleary, agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, Jerry Buttimer, as a gcuid post freisin níos luaithe sa tseachtain. Ghabh said leithscéal le muintir na hÉireann as a gcuid iompair.

*

Dúirt an t-imreoir sacair, Lionel Messi, go bhfuil sé ag iarraidh Barcelona a fhágáil an samhradh seo tar éis fiche bliain leis an gclub. De réir Messi, tá sé in ann an club a fhágáil saor in aisce mar gheall ar chlásal ina chonradh, ach ní aontaíonn an club leis an léirmhíniú seo. Tá cáil ar Messi mar cheann de na himreoirí is fearr i stair an tsacair. Tá sé ghradam Ballon d’Or buaite aige chomh maith le deich Sraith na Spáinne agus ceithre Shraith na Seaimpíní.

*

Beidh an scannán Gaeilge Arracht á thaispeáint i Meiriceá ag Féile Scannán Nashville i mí Dheireadh Fómhair. Baineann an scannán leis an nGorta Mór i gConamara agus ainmníodh é d’aon ghradam déag ag na IFTAs i mbliana. Bhí an scannán réidh le seoladh i mí Aibreáin ach cuireadh siar é mar gheall ar an bpaindéim. Mar sin féin, toisc go bhfuil Féile Scannán Nashville ar siúl ar líne i mbliana, beidh daoine in ann breathnú ar Arracht ón mbaile.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeile i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

uasmhéid - maximum

clásal - clause

conradh - contract

léirmhíniú - interpretation

seoladh - launch

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android