Nuacht Mhall - podcast cover

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londainpodcasters.spotify.com
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar f...

Mar 14, 20222 min

Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta ...

Mar 13, 20222 min

Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabha...

Mar 12, 20224 min

12 Márta 2022 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Lean ionsaithe san Úcráin i rith na seachtaine agus fórsaí na Rúise ag bogadh níos cóngaraí do Chív, príomhchathair na tíre, gach lá. Tharla ionsaithe ar na cathracha Lutsk, Ivano-Frankivsk agus, den chéad uair ó thús an ionraidh, Dnipro. Tá cainteanna síochána ar siúl idir oifigigh Rúiseacha agus Úcránacha agus deir Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhf...

Mar 12, 20225 minEp. 85

Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhi...

Mar 11, 20222 min

Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí...

Mar 10, 20223 min

Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóig...

Mar 09, 20222 min

Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireach...

Mar 08, 20225 min

Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de...

Mar 07, 20222 min

Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre ...

Mar 06, 20222 min

5 Márta 2022 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. Tá comparáid déanta...

Mar 05, 20226 minEp. 84

Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbli...

Mar 05, 20222 min

Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Vín ag...

Mar 04, 20222 min

Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmha...

Mar 03, 20223 min

Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíocht...

Mar 02, 20222 min

Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall)

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón...

Mar 01, 20223 min

Cothrom an Lae: Sraith speisialta ar son Sheachtain na Gaeilge

Dia daoibh, is mise Niall Ó Siadhail, eagarthóir Nuacht Mhall. Amárach cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge, féile bhliantúil na Gaeilge, agus chun í sin a cheiliúradh, beidh sraith speisialta ar siúl againn i rith na féile. Ón chéad lá de mhí an Mhárta go dtí Lá Fhéile Pádraig, cuirfear eagrán ar fáil gach lá. Mioneagráin a bheidh iontu, a dhéanann cur síos ar eachtra stairiúil a tharla cothrom an lae sin san am atá thart, agus beidh na gnátheagráin a bhaineann le nuacht na seachtaine le cloist...

Feb 28, 20222 min

26 Feabhra 2022 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 26ú Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Maidir le cursaí san Úcráin, d’fógair Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go n-aithníonn an Rúis dhá cheantar neamhspléacha, Donetsk agus Luhansk, atá lonnaithe in oirthear na hÚcráine. Chuir na Stáit Aontaithe agus tíortha san Eoraip smachtbhannaí eacnamaíocha ar an Rúis. Dhein an Ríocht Aontaithe smachtbhannaí ar bhainc Rúiseacha agus ar dhaoine saibhre ón tír atá ceangailte leis ...

Feb 26, 20226 minEp. 83

19 Feabhra 2022 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Ella Hassett. Vótáil comhairleoirí Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun lána rothaíochta sealadach a chur ar ceal nuair a léirigh lucht gnó, áitritheoirí agus seirbhísí éigeandála na cathrach a n-imní faoi. I mí Mheán Fómhair 2021, mhol an comhairleoir Colette Connolly lána deighilte débhealaigh ar bhonn sealadach a chur ar thaobh an chósta de phromanáid Bhóthar na Trá i nGaillimh. Tháinig a...

Feb 19, 20225 minEp. 82

12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Deirtear go bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, chun ordú forghníomhaithe a shíniú a scaoilfidh seacht mbilliún dollar de chúlchiste Afganastánach. D’fhág rialtas daonlathach deireanach na hAfganastáine an t-airgead i mbanc an Chúlchiste Fheidearálaigh i Nua-Eabhrac agus tá sé calctha ó shin i leith mar ní raibh sé soiléir cé leis an t-airgead. Anois, cea...

Feb 12, 20225 minEp. 81

5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 5ú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá Paul Givan, tar éis éirí as a ról mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann. De réir rialacha an fheidhmeannais comhrointe cumhachta, cuireann cinneadh Givan an LeasChéad-Aire, Michelle Ó Neill, as oifig freisin. Tá an fhorbairt seo ceangailte le hagóid leanúnach an DUP i gcoinne phrótacal Thuaisceart Éireann. Roimhe seo, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, cosc ar sheiceálac...

Feb 05, 20224 minEp. 80

29 Eanáir 2022 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 29 de Mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Eisíodh fógra sábháilteachta muirí ag Roinn Iompair na hÉireann do lucht farraige ar fud na tíre, chun daoine a chur ar an eolas faoi dhruileanna míleata na Rúise ar an chósta thiar theas. Tuigtear go scaoilfidh cabhlach na Rúise airtléire mara agus roicéid le linn na gcleachtaí, a bheidh ag tarlú 240 ciliméadar ó chósta na hÉireann ar feadh cúig lá ón 3 Feabhra. Is cúis imní iad...

Jan 29, 20225 minEp. 79

22 Eanáir 2022 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid Ashling Murphy sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí Dé Máirt. Dúnmharaíodh í in ionsaí gránna i lár an lae, nuair a raibh sí amuigh ag rith in aice na canála. Bhí sí fiche trí bliain d’aois. Tháinig ná sluaite amach ina cuimhne, i ndlúthpháirtíoch lena muintir, agus i gcoinne foiréigean ar an mná, ar fud na hÉireann agus trasna an domhain. Tá fear gafa ag na g...

Jan 22, 20224 minEp. 78

15 Eanáir 2022 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí bronnadh na gradaim, the Golden Globes, ar siúl in Los Angeles Dé Domhnaigh an naoú lá de mhí Eanáir. Bhuaigh ‘the Power of the Dog’ an scannán dráma is fearr, agus bhuaigh ‘Belfast’ ina bhfuil na haisteoirí Éireannacha Jamie Dornan agus Ciarán Hinds, an script scannáin is fearr. Aisteach go leor, bhí an ócáid ar siúl gan aon daoine cáiliúla nó baill den lucht féachana i...

Jan 15, 20225 minEp. 77

8 Eanáir 2022 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Ar Lá na Bliana Úire, i ndiaidh feachtas fada, tugadh lánstádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba mheán oíche ar an 31ú Nollaig an uair a chríochnaigh maolú a bhí ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuireann an t-athrú seo an teanga ar comhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus ghlac Gaeilgeoirí na hÉireann an t-éacht seo mar éacht suntasach. S...

Jan 08, 20224 minEp. 76

1 Eanáir 2022 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Caille. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhris nuacht de bhás an Ardeaspaig Desmond Tutu, gníomhaí frith-Apartheid, ar an 29ú lá de mhí na Nollag. Fuair sé bás ag aois nócha, tar éis beagnach fiche cúig bliain ag troid in éadan ailse phróstataigh. Oirníodh Tutu ag aois tríocha agus ceapadh ina Ardeaspag é i 1986. D’úsáid sé a phost chun tacú idirnáisiúnta a threisiú ar son na gluaiseachta Frith-Apartheid san Aifric The...

Jan 01, 20224 minEp. 75

25 Nollaig 2021 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cuireadh ceal ar níos mó ná dhá mhíle eitilt ar fud an domhain Oíche Nollag mar gheall ar ghanntanas foirne i ndiaidh ardú tobann i líon casanna Omicron. D'éirigh leis na mílte Éireannach dul abhaile ón Bhreatain agus ón Mhór-roinn ach tá an-chuid eile sáinnithe ar leithlis i ndiaidh dóibh toradh dearfach a fháil i dtástáil Covid-19. Tá eolaithe dóchasach go bhfuil an t-athraitheach seo den vír...

Dec 25, 20214 minEp. 74

18 Nollaig 2021 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta naseachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ritheadh an Bille Teanga i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin. Mar gheall ar an mBille, beidh ar 20 faoin gcéad d'earcaigh nua sa Státseirbhís a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt faoin mbliain 2030. Beidh ar an Stát ainmeacha Gaeilge a chlarú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuint...

Dec 18, 20215 minEp. 73

11 Nollaig 2021 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá déag de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tháinig Stoirm Barra i dtír in Éirinn an tseachtain seo, agus bhí rabhadh dearg ag Met Éireann i gCiarraí, i gCorcaigh, agus sa Chlár. Bhí rabhadh oráiste i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, agus síos go Baile Átha Cliath fiú. Moltar do ndúntar scoileanna i gcás rabhabh oráiste no dearg. Bhí baol tuillte dona i mbaile Dhún na nGall, acht bhí an tseirbhís dóiteán in ann...

Dec 11, 20214 minEp. 72

4 Nollaig 2021 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. An tseachtain seo, ag meán oíche ar an tríochadú lá de mhí na Samhna, fógraíodh Barbadós ina poblacht. Bhí Barbadós faoi ghéillsine ag Coróin na Breataine le beagnach ceithre chéad bliain, cé gur bhain sí neamhspleáchas amach caoga cúig bliain ó shin. Rinneadh Uachtarán na tíre den Bhantiarna Sandra Mason Dé Luain, a bhí ina hardghobharnóir roimhe seo. Mar sin, ghlac sí áit n...

Dec 04, 20215 minEp. 71
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android