12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain) - podcast episode cover

12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain)

Feb 12, 20225 minEp. 81
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail.

Deirtear go bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, chun ordú forghníomhaithe a shíniú a scaoilfidh seacht mbilliún dollar de chúlchiste Afganastánach. D’fhág rialtas daonlathach deireanach na hAfganastáine an t-airgead i mbanc an Chúlchiste Fheidearálaigh i Nua-Eabhrac agus tá sé calctha ó shin i leith mar ní raibh sé soiléir cé leis an t-airgead. Anois, ceaptar go roinnfear an t-airgead idir íospartaigh sceimhlitheoireachta i Meiriceá, mar shampla daoine muinteartha leo siúd a fuair bás san Ionad Trádála Domhanda in 2001, agus daoine leochaileacha san Afganastáin féin – fad is nach mbeidh an Talaban ábalta lámh a leagan air.

D’fhógair Cressida Dick go mbeidh sí ag éirí as a post mar Choimisinéir na bPóilíní i Londain i ndiaidh do Mhéara Londan Sadiq Khan insint di nach bhfuil muinín aige aisti. Cé gurb í Dick an chéad bhean riamh sa ról, tharla go leor scannal le déanaí a nochtann cultúr nimhiúil san fhórsa maidir le gnéasachas agus ciníochas. Dhúnmharaigh oifigeach de chuid an fhórsa Sarah Everard beagnach bliain ó shin, agus cáineadh an fórsa go minic as an dóigh a caitheadh le mná. Roinn oifigigh eile grianghraif de dheirfiúracha a dúnmharaíodh i bpáirc i dtuaisceart Londan. Bhí Dick ina ceannasaí nuair a maraíodh Jean Charles de Menezes in 2005. Fuair an Bhrasaíleach óg bás mar cheap na póilíní gur sceimhlitheoir a bhí ann, rud a bhí go hiomlán bréagach.

Cúrsaí scannánaíochta anois. Fuair roinnt Éireannach ainmniúchán do ghradam Oscar an tseachtain seo. Ainmníodh Ciarán Hinds ó Bhéal Feirste Thuaidh agus Jessie Buckley ó Chill Airne sa chatagóir “aisteoir tacaíochta is fearr” agus an t-amhrán “Down To Joy” leis an cheoltóir conspóideach Van Morrison sa chatagóir “amhrán nua is fearr”. Fuair an scannán Belfast, ina léirítear tús na dTrioblóidí trí shúile buachalla óig, seacht n-ainmniúchán san iomlán, “script scannáin nua is fearr”, “scannán is fearr” agus “stiúrthóir is fearr” san áireamh, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil ainmniúcháin ag Kenneth Branagh i níos mó catagóirí ná aon duine eile, cé nár bhain sé Oscar go fóill. Ar an drochuair, níor éirigh le Ruth Negga ná Caitríona Balfe ainmniúchán a fháil. Dúirt an t-iriseoir Malachy Clerkin gur léir go bhfuil claonadh frith-Mhuineacháin ag an Acadamh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ordú forghníomhaithe - executive order

cúlchiste - reserve (of money)

calctha - frozen (of funds)

gnéasachas - sexism

sceimhlitheoir - terrorist

conspóideach - controversial

claonadh frith-Mhuineacháin - anti-Monaghan bias

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android