29 Eanáir 2022 (Dún na nGall) - podcast episode cover

29 Eanáir 2022 (Dún na nGall)

Jan 29, 20225 minEp. 79
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 29 de Mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Eisíodh fógra sábháilteachta muirí ag Roinn Iompair na hÉireann do lucht farraige ar fud na tíre, chun daoine a chur ar an eolas faoi dhruileanna míleata na Rúise ar an chósta thiar theas. Tuigtear go scaoilfidh cabhlach na Rúise airtléire mara agus roicéid le linn na gcleachtaí, a bheidh ag tarlú 240 ciliméadar ó chósta na hÉireann ar feadh cúig lá ón 3 Feabhra. Is cúis imní iad na cleachtaí seo d’iascairí agus tá sé de rún ag suas le 60 bád iascaireachta a bheith ag iascaireacht cóngarach don tsuíomh tástala.

Tháinig laghdú ar na srianta Covid-19 in Éirinn an deireadh seachtaine seo caite agus anois tá cead ag na bialanna agus na tithe tábhairne a bheith foscailte i ndiaidh a hocht a chlog san oíche. Chomh maith leis sin, thosaigh pilleadh céimnithe chun na n-oifigí agus tugadh cead athfhoscailte do chlubanna oíche. I Sasana, tháinig deireadh leis an mholadh chun cianobair a dhéanamh agus ní gá do dhaltaí cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh i seomraí ranga. Tá srianta eile fós i bhfeidhm maidir le haonrú má bhíonn comharthaí ann nó má fhaightear tástail dhearfach.

Bhí lacáiste 10% ar fáil ó shiopa uachtar reoite an tseachtain seo do dhuine ar bith a rinne a n-ordú as Gaeilge. Tá Murphy's, atá lonnaithe ar Shráid Chill Mhantáin i mBaile Átha Cliath, ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus ceachtanna Gaeilge a thabhairt dá bhfoireann féin. Táthar ag súil go mbeidh níos mó deiseanna an Ghaeilge a úsáid san ardchathair i ndiaidh lainseáil scéim nua darb ainm Baile Átha Cliath le Gaeilge, comhpháirtíocht idir Conradh na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le maoiniú ón Rialtas. Meascán spriocanna atá i gceist: an Ghaeilge a chur chun cinn ar chomharthaíocht, ar fhógraí, agus ar bhiachláir; Ceathrú Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach; agus líonra gnólachtaí a fhorbairt mar pháirt den phlean teanga sa chathair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cabhlach na Rúise - the Russian navy

cúis imní - cause of concern

foscailte = oscailte - open (Gaeilge Dhún na nGall)

pilleadh = filleadh - return (Gaeilge Dhún na nGall)

lacáiste - discount

líonra gnólachtaí - network of businesses

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android