Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh) - podcast episode cover

Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh)

Mar 06, 20222 min
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. 

Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre uaire i rith a ghairme. Tá sé 7 dtroithe 1 orlach ar airde. Chomh maith leis an spórt, rinne Shaq ceirníní rapcheoil agus rinne sé aisteoireacht i roinnt scannán agus clár teilifíse i gcaitheamh na mblianta. Faoi láthair, tá sé ag obair mar anailísí spóirt ar an teilifís agus mar óstach podchraolta freisin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cispheil - basketball

troigh - foot

orlach - inch

anailísí - analyst

óstach - host

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android