Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de...
Mar 07, 2023•2 min•Ep. 7
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre ...
Mar 06, 2023•2 min•Ep. 6
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbli...
Mar 05, 2023•2 min•Ep. 5
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Vín ag...
Mar 04, 2023•2 min•Ep. 4
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d’fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d’idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polai...
Mar 04, 2023•7 min•Ep. 136
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmha...
Mar 03, 2023•3 min•Ep. 3
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíocht...
Mar 02, 2023•2 min•Ep. 2
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón...
Mar 01, 2023•3 min•Ep. 1
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótáil den chéad uair i bhfabhar iarrthóir P...
Feb 25, 2023•5 min•Ep. 135
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceapta...
Feb 18, 2023•6 min•Ep. 134
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an ...
Feb 11, 2023•6 min•Ep. 133
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosai...
Feb 04, 2023•6 min•Ep. 132
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foi...
Jan 28, 2023•5 min•Ep. 131
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPle...
Jan 21, 2023•5 min•Ep. 130
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington dhá bhliain ó shin, cé nár éirigh l...
Jan 14, 2023•4 min•Ep. 129
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bh...
Jan 07, 2023•5 min•Ep. 128
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, Oíche Chinn Bliana 2022. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na coinníollacha i gcuid de na réigiúin is measa ag dul i bhfeabhas ach tá ullmhúcháin á ndéanamh ar eag...
Dec 31, 2022•5 min•Ep. 127
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche m...
Dec 24, 2022•6 min•Ep. 126
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an peileadóir a scóráil an báire a thug chu...
Dec 10, 2022•5 min•Ep. 124
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn, t...
Dec 03, 2022•5 min•Ep. 123
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain sé 5.6 amach ar scála Richter. Mar bharr...
Nov 27, 2022•6 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de Mhí na Samhna, 2022. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh le pacáiste scaoilíocaíochta de phá trí mhí. Tháinig an teachtaireacht díreach tar éis Musk a insin...
Nov 19, 2022•5 min•Ep. 121
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála agus go bhfuil géarghá le héirí as úsáid breosla...
Nov 12, 2022•4 min•Ep. 120
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol mhór nach mbeidh Bolsanaro sásta glacadh leis an toradh seo agus go ndéanfaidh sé iarracht an post mar uachtarán a choinneáil...
Nov 05, 2022•5 min•Ep. 119
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agus de réir sin tá sé ina Phríom...
Oct 29, 2022•4 min•Ep. 118
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d’éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgaireacht ag comórtais a phlé. Tháinig...
Oct 22, 2022•4 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí...
Oct 15, 2022•6 min•Ep. 116
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rún...
Oct 08, 2022•4 min•Ep. 115
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle duine breise i dteideal cúram saor in a...
Oct 01, 2022•4 min•Ep. 114
Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhailigh na céadta míle i lár Londan Dé Luain do shochraid Bhanríon Eilís II. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc. Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. ...
Sep 24, 2022•6 min•Ep. 113