Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain) - podcast episode cover

Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)

Mar 07, 20232 minEp. 7
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, go háirithe an rithim, le chéile le ceol Cairibeach agus ceol Eorpach chun snagcheol a chruthú. Mar sin, deirtear gurb é an snagcheol an t-aon fhoirm ealaíne a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe, agus ba mhór an tionchar a bhí ag an cheol seo, in éineacht le ceol gaspal agus na gormacha, ar phopcheol i rith an 20ú céad agus fós inniu. Go deas!

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceirnín – record

snagcheol - jazz

seánra - genre

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android