Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall) - podcast episode cover

Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall)

Mar 01, 20233 minEp. 1
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón ghrian. In 1898 thosaigh Marie agus Pierre Curie ag déanamh staidéir ar úráiniam i bPáras, agus in 1903, roinn Becquerel agus Muintir Curie Duais Nobel ar son a gcuid saothar a bhain le radaighníomhaíocht. Is scéal cáiliúil é faoi fhionnachtain de thaisme: ach is scéal nach bhfuil a oiread sin clú air ná gur tháinig an grianghrafadóir Abel Niépce de Saint-Victor ar an fhionnachtain chéanna de thimpiste fosta, 40 bliain roimh Becquerel.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fhionnachtain cheannródaíoch - pioneering discovery

salainn úráiniam atá tineghealánach – phosphorescent uranium salts

astaigh – emit

radaighníomhaíocht - radioactivity

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android