Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d’fhreagair siad...
Sep 17, 2022•6 min•Ep. 112
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. ...
Sep 10, 2022•5 min•Ep. 111
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachta * Inniu an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Féadtar comparáid a dhéanamh idir an monsún i mbliana agus monsún na bliana 2010, an ceann ba mharfaí i stáir na Pacastáine, inar maraíodh níos mó ná 2,000 duine. Maraíodh ar an chuid is lú 1,136 duine ó mhí an Mheithimh agus scriosadh bóithre, barra, bailte, agus droichid ar fud na tíre. Tuairimíonn oifigigh go raibh níos mó ná 33 mhílliún Pacastánach, nó duine amháin as seachtar, buai...
Sep 03, 2022•6 min•Ep. 110
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháinig an comóradh sé m...
Aug 27, 2022•5 min•Ep. 109
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Lunasa. Is mise Liam Ó Brádaigh. Táthar ag súil go mbaileoidh na sluaite ag Béal na Blá in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo le haghaidh lá cuimhneacháin ag comóradh céad bliain ó bhásaigh an ceannaire míleata agus polaitiúil, Mícheál Ó Coileáin. Ba dhuine lárnach é Ó Coileáin i gCogadh na Saoirse in Éirinn a thug tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Mharaigh ionsaitheoir anaithnid é i luíochán i m...
Aug 20, 2022•5 min•Ep. 108
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Rinne an FBI creach ar theach Donald Trump in Palm Beach, Florida Dé Luain. Creidtear go raibh siad ag lorg doiciméid a bhaineann le hAirm Núicléacha. Níl sé soiléir ar tháinig siad ar na doiciméid i gceist. I ndiaidh na creiche dúirt Trump gur ‘weaponisation’ ar an gCóras Dlí Choiriúil a bhí ar siúl ag daoine atá ag iarraidh bac a chur air seasamh sa Toghchá...
Aug 13, 2022•4 min•Ep. 107
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí bean chéile Uachtarán na hÉireann, Sabina Higgins, páirteach i gconspóid an tseachtain seo mar thoradh ar litir a scríobh sí chuig an Irish Times maidir lena thráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin. Sa litir, atá bainte de shuíomh idirlín an Árais anois, scríobh Sabina go raibh díomá uirthi nár spreag an nuachtán aon idirbheartaíocht ar son sos cogaidh a d’fhéadfadh teacht ar s...
Aug 06, 2022•6 min•Ep. 106
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Iuil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d’aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ní bheadh Comhaontú Aoine an Chéasta an...
Jul 30, 2022•6 min•Ep. 105
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna Dé Do...
Jul 23, 2022•4 min•Ep. 104
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomhanna. Dúirt an réaltfhisi...
Jul 16, 2022•5 min•Ep. 103
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí seachtain mhíshuaimhneach in Uimhir 10 Sráid Downing i Sasana, nuair a sheol níos mó ná 50 aire parlaiminte litreacha isteach ag rá go raibh siad ag éirí as a bpost. Thosaigh an tuile oíche Dé Máirt leis an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid, tar éis leithscéal á ghabháil ag Boris Johnson faoi phost rialtais a thabhairt do Chris Pincher, fear ar cuir...
Jul 09, 2022•5 min
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Dúirt sí gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne Wi...
Jul 02, 2022•5 min•Ep. 101
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro ina chéad Uachtarán ar an eite chlé sa tír. Ó thuaidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinne an Chúirt ...
Jun 25, 2022•5 min•Ep. 100
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 18ú de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cuireadh bac ar phleananna rialtas na Breataine lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda. Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach Dé Máirt. Ach, thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh do na sé cinn eile ag an nóiméad deiridh. Déanfaidh an chúirt cinneadh ar dhlíthiúlacht bheartas Ruanda an m...
Jun 18, 2022•5 min•Ep. 99
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé ar an 28 Meitheamh. Le haghaidh daltaí a gcuireann Covid-19 nó méala isteach orthu beidh deis acu scrúduithe iarchur...
Jun 11, 2022•4 min•Ep. 98
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá scuainí daoine ag fanacht uaireanta ag aerfort Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas, agus chaill thar ceithre chéad déag duine a gcuid eitiltí an deireadh seachtaine seo caite amháin. D’aithin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath gur theip orthu ina ndualgais do phaisinéirí an deireadh seachtaine seo caite, ag tabhairt le fios gurbh í an phríomhfhadhb ná nach raibh acmhai...
Jun 04, 2022•6 min•Ep. 97
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine...
May 28, 2022•5 min•Ep. 96
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dheimhnigh rialtas na Fionlainne agus rialtas na Sualainne an tseachtain seo go ndéanfaidís iarratas ar bhallraíocht NATO. Cé go raibh na tíortha sásta fanacht taobh amuigh den chomhghuaillíocht go dtí seo, tá ceannairí polaitiúla go mór i bhfabhar ballraíochta anois, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le hUa...
May 21, 2022•5 min•Ep. 95
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Sinn Féin ina pháirtí is mó i gComhthionól Chnoc an Anfa, agus seacht suíochán is fiche buaite sa toghchán acu, an chéad uair riamh a bhain páirtí náisiúnach an toradh sin amach. Bhí toradh maith ag Páirtí an Chomhaontais freisin, atá lárnach maidir le cúrsaí bunreachtúla de, le seacht gcinn déag. Bhí droch-thoradh ag an bPáirtí Aontachtach Daonlathach, a chaill s...
May 15, 2022•6 min•Ep. 94
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá Toghchán Chomhthionól Stormont ar siúl i dTuaisceart na hÉireann. Is iad Sinn Féin an páirtí leis an líon is mó vótaí. Bhaineadar amach 29% de na vótaí céadrogha. Is léir go mbeidh Leascheannaire an pháirtí Michelle O’Neill ina Céad-Aire i dTuaisceart na hÉireann. Is uair stairiúil é mar ní raibh náisiúnach sa ról seo cheana. Bheadh ar Sinn Féin agus Aontachtai...
May 07, 2022•7 min•Ep. 93
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an e...
Apr 30, 2022•4 min•Ep. 92
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an troid is troime ag tarlú i gceantair an Donbass, ait atá buailte ar an Chrimé atá faoi smacht na Rúiseach ó 2014...
Apr 23, 2022•4 min•Ep. 91
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus Spacex...
Apr 16, 2022•4 min•Ep. 90
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amha...
Apr 09, 2022•6 min•Ep. 89
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Thosaigh cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin in Iostanbúl an tseachtain seo. Gheall na Rúisigh go maolódh fórsaí Rúiseacha a ngníomhartha míleata timpeall na príomhchathrach Cív agus in áiteanna eile i dtuaisceart na tíre fad is atá na cainteanna ar siúl. Tuigeann anailísithe áirithe go bhfuil na Rúisigh ag maolú a ngníomhartha míleata i gceantair nach bhfuil smac...
Apr 02, 2022•5 min•Ep. 88
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste. Boeing 737 ab ea an t-eitleán agus bhí sé á chur ar fáil ag an aerlíne China Eastern Airlines ag an am. Thar...
Mar 26, 2022•5 min•Ep. 87
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh isteach ina dtithe. I ...
Mar 19, 2022•4 min•Ep. 86
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh ...
Mar 17, 2022•2 min
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton ...
Mar 16, 2022•2 min
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíoch...
Mar 15, 2022•2 min