2 Iúil 2022 (Maigh Eo) - podcast episode cover

2 Iúil 2022 (Maigh Eo)

Jul 02, 20225 minEp. 101
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Dúirt sí gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne William Barr go poiblí nach raibh aon fhianaise de chalaois leathan sa toghchán a chaill sé; go raibh a fhios ag Trump go raibh cuid mhaith den slua a tháinig chuig a óráid ar an séú Eanair armtha nuair a dhírigh sé ar an Capitol iad; agus gur chuala sí Mark Meadows, Ceann Foirne an Tí Bháin, ag rá gur cheap Trump go raibh crochadh tuillte ag Mike Pence.

Cothrom an lae seo céad bliain ó shin, bhí Cath Bhaile Átha Cliath ar siúl ag tús an Chogaidh Chathartha. Thosaigh an cath agus an cogadh nuair a thug airm an tSaorstáit faoi na Ceithre Cúirteanna, a bhí faoi fhorghabháil ag na poblachtánaithe frith-Chonartha. Cailleadh ochtó daoine sa chath, cúig shiabhialtach is tríocha ina measc. Scriosadh cuid mhór de Shráid Uí Chonaill, agus mhill an pléascadh is mó a thárla i mBaile Átha Cliath riamh na Ceithre Cúirteanna go hiomlán. Cailleadh go deo an stór doiciméad ríluachmhar tábhachtach do stair na hÉireann a bhí in Oifig na dTaifead Poiblí sa phléascadh.

Tá an teileascóp James Webb ag oibriú anois, ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach an cine daonna riamh. Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú. Beidh na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil, agus tá réalteolaithe ar fud an domhain ar cipíní ag fanacht orthu.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

iar-sainchabhróir - ex-aide

crochadh - hanging

an Cogadh Cathartha - the Civil War

poblachtánaithe frith-Chonartha - anti-Treaty republicans

an Ollphléasc - the Big Bang

grianchóras - solar system


For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android