Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath) - podcast episode cover

Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)

Mar 17, 20222 min
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig  san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdiúirí Éireannacha in Arm na Breataine máirseáil i mBostún sa bhliain 1737. Sa naoú haois déag tháinig méadú mór ar an líon inimirceach Éireannach sna Stáit Aontaithe agus leis sin d’éirigh na paráidí ní b'fhorleithne. Inniu, déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i níos mó tíortha ná aon fhéile náisiúnta eile.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

biocáire - vicar

iarchoilíneacht - ex-colony

For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android