Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá - podcast cover

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Seán Ó Dubhchonpodcasters.spotify.com
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Myra Zepf

Labhraíonn Myra Zepf le Seán faoina saothar is déanaí – na leabhair An Féileacán agus an Rí (buaiteoir Gradam Reics Carló 2020), Nóinín (buaiteoir Ghradam CBI do Leabhar na Bliana 2020) agus Míp (ainmnithe ar ghearrliostaí Gradam Reics Carló agus Gradam CBI), sraith theilifíse nua bunaithe ar shraith Rita (buaiteoir Gradam Chumann Litearthachta na hÉireann 2019), an scannán Sol (ina ndearna sí aistriúchán agus guthú) agus go leor eile.

Jun 04, 202130 min

Somhairle Mag Uidhir

Labhraíonn Somhairle Mag Uidhir le Seán faoina shaothar raidió – a chlár cainte úr Ón Bhun Aníos , a chlár ceoil Somhairle Cathrach Bhéal Feirste agus cláir nuachta ar Raidió Fáilte. Insíonn sé do Sheáin faoina shaothar iriseoireachta, na rudaí a spreag agus a tharraing i dtreo na craoltóireachta é agus an nuacht is déanaí ón bhfeachtas Acht Anois, agus go leor eile.

Jun 04, 202129 min

Robbie Irwin

Labhraíonn Robbie Irwin faoin méid atá ar siúl aige mar Oifigeach Rannpháirtíochta Mac Léinn in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath agus mar Chomhlach Proifisiúnta le Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuaidh, chomh maith le MA atá idir lámha aige ar Dearadh agus Forbairt na Ríomhfhoghlama. Tugann sé súil siar ar a thaithí le Eco Schools, COGG agus Twinkl, agus Coláistí Gael Linn i nDún na nGall. Insíonn sé dúinn fosta faoin gQueercal Comhrá agus Aerach Aiteach Gaelach, agus amhrán a ...

May 28, 202141 min

Osgur Ó Ciardha

Labhraíonn Osgur Ó Ciardha faoina méid atá bainte amach aige sa turasóireacht, anseo in Éirinn agus i Meiriceá Theas, a thogra úr – Zanzibar Locke – i lár na cathrach, ach go háirithe. Déanann sé cur síos ar na rudaí a spreag an Pop Up Gaeltacht agus an tionchar atá aige ar shaol na Gaeilge. Insíonn sé dúinn chomh maith faoin MBA a bhain sé amach ó UCD i 2018 agus a thaithí ag déanamh an tsraith Beidh Mé Ar Ais ar TG4, agus go leor comhrá eile.

May 28, 202130 min

Micheál Ó Conghaile

Labhraíonn Micheál Ó Conghaile le Seán faoin méid iontach atá bainte amach ag Cló Iar-Chonnacht, ó bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta i 1985. Déanann sé cur síos ar an gcartlann leathan leabhair agus ceol atá foilsithe acu, na rudaí a thug an spreagadh do CIC a thosú agus na slite inár gcur CIC le cúrsaí foilsitheoireachta in Éirinn, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Insíonn sé dúinn faoina shaothar féin chomh maith, ar nós a chnuasach gearrscéalta An Fear A Phléasc agus a húrscéal Sna F...

May 28, 202136 min

Pádraig Ó Tiarnaigh

Labhraíonn Pádraig Ó Tiarnaigh le Seán faoina ról mar Bhainisteoir Cumarsáide ó Thuaidh do Chonradh na Gaeilge agus Gaeltacht Bhéal Feirste, ina bhfuil sé ag obair. Insíonn sé dúinn faoin aistear atá déanta ag an Dream Dearg atá ag iarraidh Acht Gaeilge a chinntiú ó Thuaidh. Déanann sé cur síos chomh maith ar a obair mar léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, a ról mar chathaoirleach i gColáiste Aodh Mhic Bhricne i Teileann agus go leor leor eile.

May 21, 202136 min

Mollaí Ní Mhiacháin

Labhraíonn Mollaí Ní Mhiacháin le Seán faoina saothar mar chraoltóir, blagálaí agus tionchaire. Cloisimid faoina leathanach Stay Sásta atá bliain ar an bhfód an tseachtain seo, faoina clár Caint Leis na Cailíní ar Raidió Rí-Rá, a leathanach Instagram mollai_ agus Seimineár Faisin Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge. Insíonn sí dúinn freisin faoin mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, agus an méid atá a dhéanamh aici leis an gCumann Gaelach in IOM....

May 21, 202118 min

Stiofán Ó Briain

Labhraíonn Stiofán Ó Briain le Seán faoin dochtúireacht atá idir lámha aige i UCD agus an méid atá ar siúl aige le Cumann Mhic Léinn Cheiltise na hÉireann agus comhdháil Mhic Léinn Cheiltise 2020. Cloisimid faoina mhír ‘Focal an Lae’ ar Twitter agus na focail is fearr leis, insíonn sé dúinn faoina shaothar scríofa – na dánta ‘Éiric’ agus ‘Fearg agus Fraoch’, an scéal béaloidis ‘Fear Báite Bád’ agus go leor eile.

May 21, 202124 min

PJ Mac Láimh

Labhraíonn PJ Mac Láimh le Seán faoina shiopa bearbóra nua Chop Central, atá ar oscailt ar phríomhshráid an Daingin. Insíonn sé do Sheáin faoin bhearbóireacht, stíleanna éagsúla agus an méid atá déanta aige le foireann caide An Ghaeltacht i gCiarraí, buaiteoirí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019.

May 14, 202116 min

John Sharpson

Labhraíonn John Sharpson le Seán faoi chúrsa nua ar líne a bheidhs a chur i láthair aige le CPD College - Six Bricks - agus tugann sé súil siar ar bhuaicphointí móra Home School Hub agus After School Hub, a shaothar le RTÉ JR, na físeáin ar Youtube a dhéanann sé (an TRY Channel, Sharuf agus Areyahavinthat) agus Bleaist Eolaíochta ESB na bliana seo.

May 14, 202117 min

Seán Ó Baoill

Labhraíonn Seán Ó Baoill le Seán faoin tsraith nua de An Focal Scoir atá ag dul amach gach oíche Luan ag 10in ar BBC2 Thuaisceart Éireann, faoi shraith nua de I Lár An Aonaigh atá ar an bhealach, obair le Meon Eile agus Ros na Rún, a shraith An Teach Seo Againne (RTÉ) agus togra úr atá ag teacht aníos sna míonna amach romhainn.

May 14, 202126 min

Ian Mac Gabhann

Labhraíonn Ian Mac Gabhann le Seán faoin méid atá bainte amach aige agus ar siúl aige faoi láthair – a ról mar oifigeach oideachais le Gael Linn, an méid atá déanta aige le hICUF i gCeanada, saothar leathan raidió atá déanta aige thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid ceoil, an t-amhrán Is Cuimhin Liom ach go háirithe, agus faoina leathanach Instagram nua Aplotment33 a dhéanann cur síos ar an aistear atá a dhéanamh aige ag cur agus ag fás glasraí sa chathair.

May 07, 202130 min

Ola Majekodunmi

Labhraíonn Ola Majekodunmi le Seán faoin méid a bhí ar siúl aici ó bhí sí ar an gclár anuraidh – a cuid iriseoireachta le Nós, a clár raidió Afra-Éire ar Raidió na Life, an scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanann sí, a cuid oibre theilifíse agus róil atá aici le Foras na Gaeilge, Mother Tongues Ireland agus Beyond Representation, i measc go leor rudaí eile.

May 07, 202128 min

Cian Ó Cíobhain

Labhraíonn Cian Ó Cíobhain le Seán faoin 22 bliain atá caite aige ag cur An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tugann sé súil siar ar na rudaí is mó a spreag an grá atá aige don cheol, na rudaí a tharraing i dtreo a cheird mar DJ é agus labhraíonn sé faoina chuid buaicphointí agus cuimhní móra óna shaol leis an gceol go dtí seo, scéal suimiúil faoin gceoltóir, léiritheoir agus DJ Andrew Weatherall agus go leor eile.

May 07, 202127 min

Gráinne Bleasdale

Labhraíonn Gráinne Bleasdale le Seán faoina thaithí sna meáin le cúig bliana déag anuas - ag aisteoireacht, ag obair mar láithreoir, ag puipeadóireacht, ag plé le cúrsaí ceoil agus spórt, agus neart eile. Tugann sí súil siar ar a ról agus a cuid taithí le Aifric, drámaí móra ar an stáitse atá déanta aici (Tóraíocht, An Triail, Fornocht Do Chonac agus eile) agus an ghrá atá aici don phuipeadóireacht. Déanann sí cur síos ar an méid atá idir lámha le déanaí - Scléip 2021 (ina raibh sí mar mholtóir)...

Apr 30, 202123 min

Pádraig Jack

Labhraíonn Pádraig Jack le Seán faoin conradh foilsitheoireachta nua atá taifeadta aige le Beautiful World Music. Beidh sé ag cumadh amhráin lena hathair, Barry Ronan, mar chuid den togra, agus insíonn Pádraig dúinn faoi bheith ag cruthú ceoil le Barry. Insíonn Pádraig dúinn chomh maith faoina halbam iontach Making Sand agus faoi thogra úr atá idir lámha aige, Barrdair an Cheoil, le cúigear ceoltóirí agus cumadóirí eile ó Éirinn agus an Bhreatain Bhig.

Apr 30, 202124 min

Brídín

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Brídín faoina EP nua Ocean Of Stars agus a saol mar cheoltóir agus mar adhlacóir, ábhar a bhí faoi chaibidil ar chlár faisnéise ar RTÉ le déanaí agus in agallamh a rinne Brídín ar The Tommy Tiernan Show. Insíonn Brídín do Shéain faoina thaithí le ceol san ollscoil i UCC i gCorcaigh, faoin tionchar atá ag an baile ar a cuid ceoil, na rudaí is mó a spreagann í agus neart eile.

Apr 30, 202117 min

Hugh Mac Giolla Cheara

Labhraíonn Hugh Mac Giolla Cheara le Seán faoina chuid oibre mar chomhordaitheoir meáin shóisialta le BLOC TG4 agus lena chuid físeáin ar TikTok, Goitse Alpaca agus go leor eile. Insíonn sé do Sheáin faoina thaithí iontach le drámaíocht agus Béarla san ollscoil, faoin University Observer agus na rudaí is mó a bhí ina thionchar ar an ngreann atá aige.

Apr 23, 202130 min

Darach Ó Tuairisg

Labhraíonn Darach Ó Tuairisg le Seán faoi dhá thogra mhór atá idir lámha ag Fíbín - leabhar nua 'Is Eolaí Mé' atá foilsithe acu, bunaithe ar an tsraith theilifíse, agus 'Cruthaím', ina bhfuil siad ag lorg duine óg cruthaitheach ó gach contae in Éirinn agus duine amháin ón diaspóra, mar chuid de Chruinniú na nÓg 2021.

Apr 23, 202114 min

Séamus Ó Scanláin

Labhraíonn Séamus Ó Scanláin le Seán faoina shaothar mar láithreoir agus clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus mar láithreoir ar Glór Tíre ar TG4. Déanann sé cur síos ar a thaithí iontacha ag guthú do scannáin agus cláir theilifíse, insíonn sé dúinn faoi na rudaí a tharraing i dtreo na craoltóireachta é agus tugann sé súil siar ar an oíche a bhain sé gradam mór do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtas 2019.

Apr 23, 202124 min

Eoin Ó Cáthain

Labhraíonn Eoin Ó Cáthain faoina shaothar iontach sna meáin chumarsáide agus é mar thuairisceoir polaitíochta. Insíonn sé dúinn faoina thaithí san Eoraip agus an ról nua atá aige mar thuairisceoir polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é lonnaithe i nDáil Éireann. Tugann sé súil siar chomh maith ar na scéalta pholaitíochta is mó le linn a chuid ama ag tuairisciú agus go leor leor eile.

Apr 16, 202119 min

Edel Ní Churraoin

Labhraíonn Edel Ní Churraoin le Seán faoina clár raidió nua, Sin Ráite, atá a chur i láthair aici féin agus Caoimhe Ní Chathail ar Raidió Fáilte. Tá neart craic chomh maith faoin saol agus an pobal i mBéal Feirste, an ceol traidisiúnta agus rince, a banna ceoil Las, an saothar leathan theilifíse atá déanta aici agus Féile na Gealaí, a bhunaigh sí le cairde i 2016.

Apr 16, 202128 min

Andrew Jackson

Labhraíonn Andrew Jackson le Seán faoina shaol in Abu Dhabi faoi láthair, an bhliain mar atá sé caite aige ó bhí Márta 2020 ann, an ceol thraidisiúnta agus máistreacht atá déanta aige ar an ábhar. Insíonn sé dúinn faoin phodchraoladh Nuall na nÓg a dhéanann sé lena chairde Anna Ní Nualláin agus Cillian Mac Cába, agus faighimid léargas ar an bhfeachtas Mise Fosta agus laochra móra atá ag Andrew.

Apr 16, 202136 min

Darragh Ó Caoimh

Labhraíonn Darragh Ó Caoimh le Seán faoina ról úr mar Oifigeach Gaeilge is Cultúr i UCC, Cuallacht UCC, a chéim sa Dlí agus Gaeilge, cúrsaí drámaíochta san ollscoil agus Iris Breac, foilsithe san ollscoil le déanaí. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid filíochta, ócáid mhór atá ag teacht aníos aige le REIC mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta, a thaithí le Gaeltacht X anuraidh agus a ról nua mar bhall de Choiste Ghnó Chonradh na Gaeilge.

Apr 09, 202122 min

Ciara Ní É

Labhraíonn Ciara Ní É le Seán faoi dhá ócáid mhóra atá ag teacht aníos roimh i bhfad – Cluiche Snatch trí Ghaeilge atá a eagrú ag Aerach Aiteach Gaelach agus an Queercal Comhrá agus Oíche REIC mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt, a bheidh ar siúl ar an 23ú Aibreán. Insíonn Ciara do Sheáin chomh maith faoina saothar is déanaí, dán nua le tionlacan dar teideal ‘A Love Poem By The Leaving’ ina measc.

Apr 09, 202121 min

Eoin Ó Dubhghaill

Labhraíonn Eoin Ó Dubhghaill le Seán faoin dráma raidió eisceachtúil 'Rún', a bhuaigh Gradam Joe Steve agus a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Scríobh Eoin an dráma, a bhí léirithe ag Fíbín agus taifeadta sa Taibhdhearc i nGaillimh agus is iad na haisteoirí Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach atá le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma. Insíonn Eoin do Sheáin faoin bpróiseas scríofa agus léirithe, faoi cá háit a bhfuair sé inspioráid don s...

Apr 09, 202133 min

Éanna Ní Lamhna

Labhraíonn Éanna Ní Lamhna le Seán faoina leabhar nua Our Wild World, foilsithe ag O’Brien Press agus insíonn sí dúinn faoina cuid oibre mar bhitheolaí, gníomhaí timpeallachta agus comhairleoir fiadhúlra. Déanann sí cur síos ar an méid atá idir lámha aici mar uachtarán ar Chomhairle Crann na hÉireann, a saothar teilifíse agus raidió (ar an chlár Mooney Goes Wild gach Luan ar RTÉ Radio 1) agus go leor eile ó thaobh na timpeallachta agus an nádúr de.

Apr 02, 202126 min

Caitríona Ní Dhomhnaill

Labhraíonn Caitríona Ní Dhomhnaill le Seán faoi na róil mhóra atá déanta aici mar aisteoir go dtí seo – mar Shorcha i Ros na Rún , mar Mháire sa dráma An Triail (léirithe ag Fíbín) agus mar Neasa ar an chlár An Siopa Ealaíne ar Cúla 4. Tugann sí súil siar ar na buaicphointí atá aici go dtí seo (a céad dráma ar an stáitse agus a ainmniúchán sa rannóg Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 ina measc) agus insíonn sí dúinn faoi na scéalta móra lena carachtar ar Ros na Rún fa...

Apr 02, 202128 min

Jo Ní Chéide

Labhraíonn Jo Ní Chéide le Seán faoina cuid oibre mar chraoltóir ar na cláracha An Bóthar Go Nashville (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus Glór Tíre (TG4), agus insíonn sí dúinn faoina clár teilifíse nua Viva Ceol Tíre atá ag dul amach gach oíche Mháirt ar TG4. Insíonn sí do Sheáin faoina taithí, a cuimhní agus a grá don cheol tíre agus an tábhacht atá ag an cheol tíre ina saol agus ina cuid oibre.

Apr 02, 202132 min

Padraic Ó Griallais

Labhraíonn Padraic Ó Griallais le Seán faoi Micil Distillery, an chéad drioglann dhleathach i nGaillimh le breis agus céad bliain anuas. Insíonn sé faoi na rudaí iontacha atá bainte amach acu agus ar siúl acu faoi láthair. Déanann sé cur síos ar na táirgí iontacha atá ar fáil acu, gin agus poitín lámhdhéanta i gConamara, chomh maith le fuisce agus uachtar Gaelach atá a chruthú acu i mbliana, agus faighimid léargas iontach ar an stair taobh thiar den drioglann.

Mar 26, 202123 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android