Labhraíonn Dara Ó Cinnéide le Seán faoi chaid agus a chuid oibre sna meáin chumarsáide. Insíonn sé do Sheáin faoi na laochra móra a bhí aige féin agus buaicphointí móra óna chuid ama ag imirt lena chlub, An Ghaeltacht, agus lena chontae, Ciarraí. Déanann sé cur síos chomh maith ar an ról atá aige mar chathaoirleach le Cumann Caide na Gaeltachta. Tugann Dara súil siar ar an méid iontach atá bainte amach aige sna meáin chumarsáide ó thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i 1999 agus an post ...
Aug 20, 2021•30 min
Labhraíonn Tristan Rosenstock le Seán faoina shaothar sa chraoltóireacht, iriseoireacht, ceol agus go leor eile. Faighimid amach faoina shraith raidió An Cúinne Dána (RTÉ Raidió na Gaeltachta), cláir faisnéise a rinne sé ar shaothar Seamus Heaney agus Breandán Ó Beacháin, a chuid oibre mar eagarthóir liteartha Comhar agus buaicphointí móra leis an bhuíon cheoil Téada. Insíonn Tristan dúinn faoi Traid Éireann agus togra iontach atá ag teacht aníos go luath, ag déanamh ceiliúradh ar Colmcille 1500...
Aug 13, 2021•27 min
Labhraíonn Mollaí Nic Eochaidh le Seán faoin bpodchraoladh Corpoideachas le Bloc TG4 agus an dráma raidió Cruachás atá le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Domhnach 15ú Lúnasa ag 8in), déanta ag Cumann Drámaíochta UCC. Insíonn Mollaí do Sheáin faoin chéim atá a dhéanamh aici i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sa Cheol agus Gaeilge. Faighimid amach faoina taithí leathan le ceol agus an leathanach iontach Ceol le Mol atá aici ar Instagram.
Aug 13, 2021•30 min
Labhraíonn Rónán Ó Snodaigh le Seán faoina halbam nua Tá Go Maith, bailiúchán 9 n-amhrán nuachumtha atá ar fáil ar Bandcamp anois. Insíonn Rónán faoin phróiseas taifeadta suimiúil agus na rudaí a spreag na hamhráin. Faighimid amach faoin gcamchuairt ‘Post Lockdown Tour’ atá a dhéanamh ag Kíla i Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair agus an fuaimrian aitheanta a rinne siad don scannán Wolfwalkers.
Aug 13, 2021•24 min
Labhraíonn Cormac Mac Caisín le Seán faoina leathanach Instagram iontach ‘Tart Go Leor’, a chuireann oideas do mhanglaim agus milseoga ar fáil. Faighimid moltaí iontacha ó Chormac agus faighimid amach faoin mbiachlár a bheadh aige ar Come Dine With Me. Faighimid amach faoin méid iontach a dhéanann Cormac leis an nGaelscolaíocht agus i bpobal na Gaeilge chomh maith.
Aug 06, 2021•29 min
Labhraíonn Paul Conroy le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aige sa pheil Ghaelach go dtí seo, mar imreoir le Gaillimh agus lena chlub Naomh Séamus. Cloisimid faoi na buaicphointí CLG, a obair theilifíse le TG4, Cúl Camps agus an saol sa mhúinteoireacht, agus é mar mhúinteoir Gnó agus Gaeilge. Insíonn Paul dúinn chomh maith faoi na rudaí a spreag an obair iontach a dhéanann sé ag cur na Gaeilge chun cinn.
Aug 06, 2021•20 min
Labhraíonn Ciarán Mac Fhearghusa le Seán faoi Óga Yoga, a chuid físeáin iontacha ar Youtube (Corpoideachas le Ciarán), ranganna ióga I scoileanna agus an méid atá déanta aige le TG4. Insíonn Ciarán dúinn faoin aistear atá déanta aige le bheith ina mhúinteoir ióga agus an tionchar a bhí ar mháistreacht a rinne sé sa phleanáil teanga ar bhunú na Gaeil Óga. Faighimid amach faoi na tograí iontacha atá idir lámha ag Ciarán faoi láthair chomh maith.
Aug 06, 2021•26 min
Labhraíonn Máirtín Mac Gabhann le Seán faoin fheachtas #IsDeontóirMé / #Donate4Dáithí agus an dul chun cinn atá déanta ag an fheachtas go dtí seo. Tá an feachtas ag iarraidh soft opt-out don deonú orgáin a thabhairt isteach agus insíonn Máirtín dúinn faoin tábhacht a bhaineann le seo. Insíonn Máirtín dúinn faoi Dháithí, laoch mór an fheachtais, cé chomh tábhachtach is atá sé comhráite a thosú le teaghlach agus cairde faoin deonú orgáin. Thig libh aistear Dháithí agus a thuismitheoirí Máirtín agu...
Aug 06, 2021•24 min
Labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh le Seán faoina shaol sa pholaitíocht, mar Mhéara Bhaile Átha Cliath Theas i mbliana agus mar Chomhairleoir Contae. Insíonn sé do Shéain faoina phobal dúchais i gCluain Dolcáin, na rudaí a spreag é ó thaobh na Gaeilge de agus an méid atá déanta aige sa chraoltóireacht le 10 mbliana anuas. Faighimid léargas iontach ar an Pop Up Gaeltacht a bhunaigh Peadar le hOsgur Ó Ciardha agus faighimid amach faoi bhuaicphointí agus na cuimhní is fearr atá ag Peadar ón podchraola...
Jul 30, 2021•24 min
Labhraíonn Muireann Nic Amhlaoibh le Seán faoin togra nua Róisín Reimagined, atá a dhéanamh aici leis an Irish Chamber Orchestra agus an ceoltóir agus léiritheoir Dónal O’Connor, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, agus seisear cumadóirí / cóiritheoirí ceoil Éireannacha; Cormac McCarthy, Paul Campbell, Linda Buckley, Sam Perkin, Niamh Varian-Barry, agus Michael Keeney. Beidh ceolchoirm mór a dhéanamh acu don Kilkenny Arts Festival agus albam de Róisín Reimagined pleanáilte chomh maith, agus fea...
Jul 30, 2021•17 min
Labhraíonn An Chéad Ghlúin Eile, Étáin agus Máire Ní Churraoin, le Seán faoina cuid ceoil, an bua mór a bhí acu ar Réalta agus Gaolta 2019 agus an méid atá bainte amach acu sa cheol ó shin. Insíonn Étáin agus Máire dúinn faoi na rudaí a thug spreagadh dóibh mar cheoltóirí, an chaoi a roghnaíonn siad amhráin agus buaicphointí móra ceoil go dtí seo. Labhraíonn siad faoin méid atá ar siúl acu taobh amuigh den cheol - céimeanna sa Ghaeilge, Diagacht agus múinteoireacht, an tábhacht atá ag an creidea...
Jul 30, 2021•25 min
Labhraíonn an múinteoir, podchraoltóir, gníomhaí teanga agus ceoltóir Niall Ó Siadhail le Seán, agus é ar ais in Oileán an Ghuail i gContae Thír Eoghain, tar éis seal fada i Londain. Insíonn Niall dúinn faoina shuim sa Ghaeilge - béaloideas agus sean-Ghaeilge ach go háirithe - agus an saol múinteoireachta i Londain. Cloisimid faoin podchraoladh iontach Nuacht Mhall agus a chuid ceoil - tá ceol cumtha, canta agus eisithe ag Niall mar Low Flying Orchestra. Faighimid léargas ar an méid a dhéanann N...
Jul 30, 2021•19 min
Labhraíonn Ruairí Egan le Seán faoina chuid oibre mar láithreoir ar Raidió Rí-Rá agus Raidió na Life, a phodchraoladh Léim Thart, a chuid priontaí, na físeáin a dhéanann sé do Bhloc TG4 agus Cúla 4 ar Scoil, a shaothar leis an Ghaeltokt agus Gaeltacht X. Insíonn sé dúinn faoina thaithí ag ceolchoirm mhór faoin spéir le déanaí agus faighimid moltaí popcheoil iontacha ón gCríoch Lochlainn.
Jul 16, 2021•20 min
Labhraíonn Marion Ní Loinsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún, le Seán faoi na scéalta móra a thit amach ar Ros na Rún i mbliana agus iad i mbun Sraith 25. Insíonn sí dúinn faoi na bealaí go ndearna siad ceiliúradh ar bhreithlá mór Ros na Rún, carachtair a tháinig agus a d’imigh sa tsraith agus an méid gur chor dúinn súil a choimeád amach do nuair a fhilleann Ros na Rún do Shraith 26 san fhómhar.
Jul 16, 2021•12 min
Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir tréitheach Caoivín le Seán faoina chuid ceoil, a shingil úra Keep Her Lit agus Old Man Davey san áireamh. Pléann sé a stíl ceoil uathúil, a thaithí agus buaicphointí sa cheol traidisiúnta agus an phlean atá aige dá chuid ceoil san am amach romhainn.
Jul 16, 2021•24 min
Labhraíonn Barry Sugrue le Seán faoin obair atá a dhéanamh aige le Conradh na Gaeilge, leis an gclár TechSpace agus le Gaeltacht X. Insíonn Barry dúinn faoina shuim sa díospóireacht agus an saol ollscoile in OÉ Gaillimh. Tugann sé súil siar ar an oíche a bhain sé Corn Uí Chon Ceanainn ag Oireachtas 2019 agus déantar plé ríthábhachtach faoi cé acu is fearr – Sharpay nó Gabriella?
Jul 16, 2021•21 min
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail faoina sraith raidió nua Blas: Ceol Sa Chroí, atá a chraoladh ar BBC Raidió Uladh. Díríonn an tsraith seo ar cheoltóirí na tíre agus ceoltóirí le Gaeilge agus faighimid léargas iontach ar chúlraí, stíleanna agus saothar na gceoltóirí. Insíonn Caoimhe dúinn faoi sin agus an méid atá le teacht uaithi go luath.
Jul 16, 2021•16 min
Labhraíonn an tAthair Seán Ó Gallchóir le Seán faoin gcaoga bliain atá caite aige mar shagart agus é ag ceiliúradh a Iubhaile Órga. Tugann sé súil siar ar a óige, na rudaí a spreag sé le bheith ina shagart, a thaithí agus é ag ullmhú le bheith ina shagart i Má Nuad agus a shaol oibre (i gColáiste na Croise Naofa agus Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola ar an Fhál Charrach, i mBun a’ Leaca agus i nGort a Choirce) ó ornaíodh é i 1971. Faighimid léargas iontach ar a shuim sa stair agus Gaeilge, an sao...
Jul 09, 2021•26 min
Labhraíonn Thomas Carty, dornálaí proifisiúnta trom-mhéacháin ó Bhaile Átha Cliath, le Seán faoin gcinneadh a rinne sé dhul proifisiúnta sa dornálaíocht, a chéad bhabhta proifisiúnta a bhain sé le déanaí, a chuid oibre mar thraenálaí pearsanta, a thaithí sa Celtic Warriors Gym agus le Murphy’s Boxing, na dornálaithe a bhí ina inspioráid aige agus campaí leis an dornálaí Anthony Joshua.
Jul 09, 2021•11 min
Labhraíonn Máirtín Seoighe le Seán faoin obair iontach a dhéanann sé mar chraoltóir agus iriseoir – a ról úr mar chlár reachtaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, an podchraoladh Corpoideachas le Mollaí Nic Eochaidh ar Bloc TG4 agus a shaothar iriseoireachta le Nós. Insíonn Máirtín dúinn faoi na rudaí go léir a spreag an bua iontach atá aige sa chraoltóireacht agus san iriseoireacht, agus an chéim a rinne sé sa Dlí agus Gaeilge.
Jul 09, 2021•15 min
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Seán faoin mbua a bhí aici sa Chluiche Snatch a d'eagraigh Aerach Aiteach Gaelach le déanaí, le tacaíocht ón Oireachtas agus Foras na Gaeilge. Bhuaigh Rút an Chluiche Snatch agus insíonn sí dúinn faoi cén fáth gur roghnaigh sí an carachtar Kim Kardashian a dhéanamh, an t-ullmhúchán a bhí i gceist agus an taithí iontach a bhí aici ag taifead an Chluiche Snatch. Labhraíonn sí fosta faoin saol i gCeanada agus í ag filleadh ar Éirinn go luath.
Jul 09, 2021•11 min
Labhraíonn Derek Czajka le Seán faoin aistear iontach atá déanta aige le bliain anuas agus é ag foghlaim Gaeilge. Cloisfidh sibh an chaighdeán iontach atá bainte amach aige agus insíonn sé dúinn faoin na rudaí a spreag é leis an teanga a fhoghlaim, chomh maith leis na bealaí iontacha a phiocann sé suas an teanga. Insíonn Derek dúinn chomh maith faoin méid atá déanta aige mar chórcheoltóir, faoina chuid oibre san oideachas féinstiúrtha agus a thaithí i mbruachbhailte Chalifornia agus sa cháthair ...
Jul 09, 2021•23 min
Labhraíonn Seán Ó Maolchiaráin le Seán faoi na tograí móra atá idir lámha aige faoi láthair – a phodchraoladh Gaeilge Anois, a chuid oibre le Gaeltacht X agus a ról mar Uachtarán Tánaisteach Oifigeach Leasa in Ollscoil Luimnigh. Insíonn sé dúinn faoin gcéim a rinne sé sa choláiste, an Erasmus a rinne sé sa Bhreatain Bhig agus an méid atá déanta aige le meabhairshláinte agus meabhairshláinte na bhfear a chur chun cinn le hobair fheachtasaíochta agus tiomsaitheoir airgid mór do Movember.
Jul 02, 2021•27 min
Labhraíonn an Deoraí le Seán faoina singil nua An bhFuil Tú Ann, A Anam? Insíonn sé dúinn faoin teachtaireacht taobh thiar den amhrán, an físeán iontach (stiúrtha ag Gerard Walsh agus le haisteoireacht ó John Connors) agus an bpróiseas taobh thiar den amhrán.
Jul 02, 2021•9 min
Labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le Seán faoin tsraith nua – Aiteach, Ní Aisteach – atá cruthaithe aige agus a chomhlacht MÓC₂ do Bloc TG4. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag an tsraith agus faoin bpróiseas a bhí i gceist leis an tsraith a léiriú. Déanann sé cur síos chomh maith ar an méid a bhí ar siúl ag MÓC₂ ó thosaigh siad amach bliain ó shin agus faoin méid atá ag teacht aníos acu go luath.
Jul 02, 2021•21 min
Labhraíonn an t-aisteoir Hilary Bowen-Walsh faoina cuid taithí mar aisteoir, rinceoir agus ceoltóir, ag díriú isteach ar róil mhóra a bhí aici le déanaí – Mollser sa dráma Me Mollser / Mise Mollser le hAmharclann na Mainistreach, san ócáid Seá! Seá! Seá! Do Bhloomsday, mar Becky sa scannán Bitch (gradam don aisteoir ban is fearr ag Féile Scannánaíochta Killer Valley), The Travels of Jonathan Swift leis an Blue Raincoat Theatre Company (Gradam Amharclannaíochta Irish Times don chliar is fearr) ag...
Jul 02, 2021•26 min
Labhraíonn Seán Mac Risteaird le Seán faoi Dána, seimineár ar líne a bheidh ar siúl ar an 18ú agus 25ú de Mheitheamh, le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn Seán dúinn faoina chuid oibre mar ollamh cúnta le DCU, an taighde agus na foilseacháin atá déanta aige, a PhD ar shaothar liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Cathal Uí Shearcaigh, an méid atá ar siúl aige le Sealbhú agus go leor leor eile.
Jun 11, 2021•40 min
Labhraíonn Marcus Mac Conghail le Seán faoina chnuasach filíochta nua Spásas, foilsithe le déanaí ag Coiscéim, leabhar ina bhfuil réimse leathan stíleanna agus téamaí sna dánta. Insíonn Marcus dúinn chomh maith faoi Aistí Ón Aer, sraith raidió nua atá a chur i láthair aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Luan ag 16:10.
Jun 11, 2021•22 min
Labhraíonn Kevin Johnston le Seán faoi Chluiche Snatch trí Ghaeilge atá le bheith ar siúl ar an 26ú Meitheamh. Tá an ócáid a reáchtáil ag Aerach Aiteach Gaelach ar Youtube. Beidh seachtar aíonna ag déanamh aithris ar réalta móra trí Ghaeilge agus beidh urraíocht ó Fhoras na Gaeilge agus an tOireachtas. Labhraíonn Kevin faoina chuid oibre i saol na Gaeilge agus faoina chuid aisteoireachta chomh maith.
Jun 11, 2021•15 min
Labhraíonn Cillian Ó Donnchadha le Seán faoi sheó nua – Ar Ais Arís – le Brú Theatre a bheidh a chur i láthair in Iarthar na hÉireann i rith mí Mheithimh. Beidh an seó, le rince, scéalaíocht agus réaltacht fhíorúil, a chur i láthair i nGaoth Dobhair, Béal Átha Mhuirthead, Inis Oírr, Corca Dhuibhne agus Oileán Chléire, agus ticéid ar fáil saor in aisce.
Jun 04, 2021•19 min