Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá - podcast cover

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Seán Ó Dubhchonpodcasters.spotify.com
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Máire Pheitir Uí Dhroighneáin

Labhraíonn Máire Pheitir Uí Dhroighneáin le Seán faoin 25 bliain atá caite aici i Ros na Rún ar TG4. Insíonn Máire do Shéain faoina taithí iontach ar Baile An Droichid ar Raidió na Gaeltachta agus faoin méid iontach atá bainte amach aici le amhránaíocht ar an sean nós agus tionchar iontach aici ar an chéad ghlúin eile d'amhránaithe.

Oct 29, 202122 min

Máire Bríd Ní Chualáin

Labhraíonn an craoltóir Máire Bríd Ní Chualáin faoin obair iontach atá a dhéanamh aici le Raidió na Gaeltachta agus a taithí leis an stiaisiún i gCasla le sé bliana anuas. Insíonn sí dúinn faoin duais a bhain sí do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais anuraidh agus an bhliain atá caite aici ó shin. Faighimid léargas iontach ar shaol Mháire Bríd taobh istigh agus taobh amuigh den stiúideo.

Oct 29, 202127 min

Maud Keane

Labhraíonn an craoltóir Maud Keane le Seán faoin ainmniúchán atá faighte aici do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Insíonn sí do Shéan faoina taithí ag obair le Raidió Rí-Rá agus le Bloc TG4 i mbliana, faoina saol ollscoile agus í ag staidéar in Ollscoil Luimnigh agus seal atá a chaitheamh aici i bPáras ar Erasmus.

Oct 29, 202118 min

Pa Sheehy

Labhraíonn Pa Sheehy le Seán faoina hEP nua 'The Art Of Disappearing' a chuaigh díreach isteach i Rogha Dheich na Cairte in Éirinn le cúpla seachtain anuas. Insíonn Pa dúinn faoi na hamhráin úra atá cumtha aige, na rudaí a spreag é agus caide mar a mhothaíonn sé bheith ar ais ag eisiúint ceoil agus ag déanamh ceolchoirmeacha. Tugann sé súil siar ar bhuaicphointí óna chuid ama mar phríomhamhránaí Walking On Cars agus mar amhránaí leis féin agus insíonn sé dúinn faoi na pleananna atá aige don bhli...

Oct 15, 202122 min

Caoimhe Ní Chathail

Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoin tsraith theilifíse iontach Éadaí SOS a bhí ar BBC Thuaisceart Éireann le gairid agus atá a chraoladh ar TG4 faoi láthair. Tugann Caoimhe moltaí iontacha dúinn faoin bhfaisean inbhuanaithe agus na buntaistí a bhaineann le siopadóireacht dhara láimhe. Labhraíonn Caoimhe chomh maith faoi na hainmniúcháin atá faighte aici i mbliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus an méid iontach a bheidh ar siúl aici sna míonna amach romhainn.

Oct 15, 202115 min

Alan Walpole

Labhraíonn Alan Walpole le Seán faoina haistear mar fhear óg in Éirinn sna luathochtóidí, a shaol i Sasana agus an cinneadh a rinne sé teacht ar ais go Baile Átha Cliath i 2015. Fuair muid léargas ar scéal Alan sa dráma 'Idir Mise agus Craiceann do Chluaise' a chuir Aerach Aiteach Gaelach i láthair don Dublin Fringe Festival, agus faighimid amach faoin taithí iontach a bhí ag Alan agus é ag obair ar an togra le hEoin McEvoy, Ciara Ní É agus an fhoireann.

Oct 15, 202120 min

Jamie Ó Flannúra

Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoi na tograí móra atá idir lámha aige faoi láthair. Faighimid amach faoin méid atá a dhéanamh aige le STEAM - eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, ealaín agus mata - a chur chun cinn i scoileanna agus an méid atá pleanáilte do Creative Tech Fest atá ag teacht aníos go luath. Insíonn Jamie dúinn faoina thaithí ar eagrán den tsraith nua 'Moving West' ar TG4 agus labhraíonn sé chomh maith faoi lá mór atá pleanáilte sa Daingean do Fungie.

Oct 08, 202127 min

Áine Ní Dhonnaile

Labhraíonn Áine Ní Dhonnaile le Seán faoin méid iontach a dhéanann sí le Gaeilge agus faisean a chur chun cinn ar líne. Faighimid amach faoin leathanach úr - Dar Leo Féin - atá tosaithe aici ar Instagram ina gcuireann sí agallaimh le ceisteanna fíorshuimiúla ar aoínna speisialta. Insíonn sí dúinn faoin obair atá déanta aici le Gaeltacht X, Bloc TG4 agus coláistí samhraidh i Rann na Feirste, agus faighimid léargas ar a taithí ollscoile agus í ar ais ar champas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh....

Oct 08, 202117 min

Bridget Bhreathnach

Labhraíonn Bridget Bhreathnach le Seán faoina pictiúrleabhar is déanaí 'Cluasa Capaill ar an Rí' (maisithe ag Shona Shirley McDonald agus foilsithe ag Futa Fata) - leabhar a bhain Gradam Reics Carló i rith na seachtaine. Insíonn Bridget dom faoi conas mar a mhothaigh sí nuair a fuair síí dea-scéala go raibh sí ainmnithe ar an ngearrliosta. Faighimid amach chomh maith faoi na leabhair eile atá scríofa aici ( Lúlú agus an Oíche Ghlórach agus Ní Mise A Rinne É ), a saothar a bheith aistrithe go tea...

Oct 08, 202117 min

Máirín De Buitléir

Labhraíonn Máirín De Buitléir le Seán faoin ról atá a dhéanamh aici mar Dee ar Ros na Rún. Insíonn sí do Shéain faoi na scéalta is mó a sheasann amach di agus í ag amharc siar ar a tréimhse sa tsraith ó bhí 2015 ann agus déanaimid comhrá faoin doimhneacht agus an iliomad tréithe a bhaineann le Dee. faighimid amach faoin méid atá ar siúl ag an carachtar faoi láthair agus an méid a bhí ar siúl ag Máirín í féin agus í ar bhriseadh ó Ros na Rún - teastas múinteoireachta, teach, coileán agus eile....

Oct 08, 202117 min

Sinéad Ní Scolaí

Labhraíonn Sinéad Ní Scolaí le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair - saothar mar 1/8 de na Gaelgals, podchraoladh na Gaelgals ar Raidió Rí-Rá, láithreoireacht raidió ar Raidió na Life agus saothar a rinne sí do Bhloc TG4, RTÉ 2FM agus go leor eile i mbliana. Faighimid amach faoin ainmniúchán atá faighte aici do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Agus leis an méid seo ar siúl aici, tá sí ag déanamh céim sa Scríobh agus Cumarsáid i UCD, agus insíonn sí dúi...

Oct 01, 202122 min

James Ó Flatharta

Labhraíonn James Ó Flatharta le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aige sna meáin - podchraoladh nua 'Na Seansálaithe' a bhí seolta inniu ar na hardáin uilig agus Spórt TG4, lena raibh James ag obair le bliain anuas. Insíonn sé dúinn faoi chéimeanna atá déanta aige sna dána, meáin agus cumarsáid, agus margaíocht agus an chaoi atá tionchar acu ar an obair atá a dhéanamh aige. Faighimid amach faoin méid shuimiúil atá ag teacht aníos ag James agus faoi Sky Dive carthanachta a rinne sé i rith a...

Oct 01, 202117 min

Antoine 'Toto' Ó Gríofa

Labhraíonn Antoine 'Toto' Ó Gríofa le Seán faoin aistear fíorshuimiúil atá déanta aige mar dhornálaí, mar shaighdiúir agus mar imreoir peile. Insíonn Toto dúinn faoin ghrá atá aige don dornálaíocht, na bhabhtaí is dúshlánaí agus is fearr leis, a laochra troda agus go leor eile. Insíonn sé dúinn faoina thaithí san airm, an taisteal atá déanta aige lena phost agus tábhacht an pheil Ghaelaigh do chomh maith.

Oct 01, 202118 min

Dáithí Ó Muirí

Labhraíonn Dáithí Ó Muirí le Seán faoina shaothar raidió agus theilifíse - na cláir Blas (BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió Feabhail) agus I Lár An Aonaigh (BBC2 Thuaisceart Éireann) ach go háirithe - agus an aistear fíor-shuimiúil atá déanta aige sna meáin, ag tosú leis an tsraith Glór Anoir (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus atá ag dul ó neart go neart. Cloisimid faoi na hainmniúcháin atá faighte ag Dáithí sna Gradaim Chumarsáide i mbliana (Pearsa Raidió na Bliana agus Sraith Raidió na Bliana do B...

Oct 01, 202128 min

Cuán Ó Flatharta

Labhraíonn Cuán Ó Flatharta le Seán faoina chuid oibre, mar chraoltóir raidió agus teilifíse, agus mar phríomhoide Gaelscoile. Insíonn Cuán dúinn faoina shraith iontach, Splanc ar Newstalk, agus na hainmniúcháin atá faighte ag Splanc ag Gradaim Raidió IMRO agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Labhraíonn Cuán faoin tráchtaireacht le Spórt TG4, seal le Fulbright I Meiriceá, an ghaelscolaíocht agus go leor eile.

Sep 17, 202120 min

Sadhbh Devlin

Labhraíonn Sadhbh Devlin le Seán faoina saothar – na leabhair Beag Bídeach agus Bí Ag Spraoi Liom, agus a pictiúr leabhar nua Geansaí Otto, atá ainmnithe do Ghradam Chumann Litearthachta na hÉireann I mbliana. Insíonn sí dúinn faoi thograí thar a bheith a suimiúil atá déanta aici – Comhluadar Teo, le Children’s Books Ireland, Writers in Schools, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Inis Magazine agus go leor eile, seal mar Scríbhneoir Cónaithe le dlr agus go leor eile.

Sep 17, 202131 min

Pól Ó Gríofa

Labhraíonn Pól Ó Gríofa le Seán faoin méid atá déanta aige i ról Mack Ó Riain sa sobalchlár Ros na Rún ó bhí 1997 ann. Insíonn sé dúinn faoi na scéalta is mó agus is dúshlánaí a bhí aige, na cuimhní is fearr ón seal ar Ros na Rún go dtí seo, agus na scéalta móra atá ar siúl aige faoi láthair. Faighimid amach faoi na rudaí a tharraing i dtreo na haisteoireachta é, róil atá déanta aige ar shiúl ó Ros na Rún (Murdair Mam Trasna, Corp Agus Anam, An Bronntanas agus eile) agus neart craic eile chomh m...

Sep 17, 202120 min

Aedraen Ó Dubhghaill

Labhraíonn Aedraen Ó Dubhghaill le Seán faoi Choláiste Lurgan agus TG Lurgan, agus an obair iontach atá ar siúl aige ansin. Insíonn sé dúinn faoin bhfeachtas atá a reáchtáil ag Coláiste Lurgan maidir le hathnuachan atá ag teastáil don ionad ina bhfuil siad lonnaithe. Faighimid amach faoi na rudaí a spreag Aedraen sa Ghaeilge, a thaithí ollscoile in Ollscoil Mhá Nuad (ina bhfuair sé céim agus MA), an traenáil múinteoireachta atá a dhéanamh aige agus go leor eile.

Sep 17, 202141 min

Sibéal Davitt

Labhraíonn an damhsóir aitheanta Sibéal Davitt faoin méid iontach atá bainte amach aici sa rince agus faighimid amach faoin seó nua - Minseach - a bheidh ar siúl mar chuid den Dublin Fringe Festival. Insíonn sí dúinn faoi buaicphointí agus deá-chuimhní rince, an bpróiséas a bhí i gceist le Minseach a chruthú agus na téamaí a bheidh le feiceáil sa seó.

Sep 10, 202123 min

Méabh Ní Bheaglaoich

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir aitheanta Méabh Ní Bheaglaoich le Seán faoina saol sa cheol agus a albam nua 'Mise Le Meas', atá ar fáil ar bandcamp faoi láthair. Scríobh Méabh tromlach na n-amhráin ar 'Mise Le Meas' agus pléann sí na téamaí agus scéalta a thug spreagadh di agus í i mbun cumadóireachta. Insíonn sí dúinn faoin bpróiséas taifeadta agus buaicphointí móra sa cheol.

Sep 10, 202127 min

Gearóid Ó Cairealláin

Labhraíonn Gearóid Ó Cairealláin le Seán faoina shaothar saoil - Lá, Preas an Phobail, Raidió Fáilte, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Aisling Ghéar, a sheó stáitse 'The Wheelchair Monologues' agus an sraith raidió 'Elvis: Beo Go Deo' a bhíonn ar Raidió Fáilte gach Aoine ag a 3.

Sep 10, 202116 min

Tadhg Mac Dhonnagáin

Labhraíonn Tadhg Mac Dhonnagáin le Seán faoin úrscéal nua 'Madame Lazare' atá foilsithe aige, leabhar atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana. Insíonn Tadhg dúinn faoin bpróiséas scríbhneoireachta, na rudaí a bhí ina spreagadh aige agus faoi charachtair agus suíomhanna an leabhair. Labhraíonn Tadhg faoina chuid oibre mar fhoilsitheoir le Futa Fata agus Barzaz chomh maith.

Sep 10, 202125 min

Áine Ní Ghlinn

Labhraíonn an file agus scríbhneoir aitheanta Áine Ní Ghlinn le Seán faoin gcnuasach filíochta Rúin Oscailte (foilsithe ag Coiscéim agus ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2021). Insíonn Áine dúinn faoin bpróiseas a bhí I gceist leis na dánta agus an leabhar a scríobh, téamaí na ndánta agus na hathruithe atá tagtha ar shaol na scríbhneoireachta mar bhean agus mar Ghaeilgeoir. Déanann Áine cur síos ar an méid iontach atá ar siúl aici mar Laureate na nÓg, an chéad laureate le formhór dá saothar...

Sep 03, 202139 min

Eoin McEvoy

Labhraíonn Eoin McEvoy le Seán faoin dráma fuaime Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, atá a chur i láthair ag Aerach Aiteach Gaelach don Dublin Fringe Festival. Tá script don dráma scríofa ag Eoin agus ag Ciara Ní É, bunaithe ar scéal Alan Walpole, le ceol ó Aoife Ní Mhórdha agus le healaín ó Tadhg Ó Ciardha. Beidh an seó ar siúl ón 24-26ú Meán Fómhair i gClub an Chonradh, le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Tá ticéid ar fáil ag fringefest.com. Faighimid amach chomh maith faoin méid iontach ...

Sep 03, 202119 min

Tadhg Ó Ciardha

Labhraíonn Tadhg Ó Ciardha le Seán faoina shaol mar ealaíontóir, scríbhneoir agus ceoltóir. Insíonn sé dúinn faoin MA atá déanta aige sa Bhéaloideas agus Drámaíocht agus saothar fíorshuimiúil atá cruthaithe aige mar pháirt de sin. Faighimid amach faoin ealaín a chruthaíonn sé agus atá a dhíol aige, faoi shraith t-léinte atá deartha aige, agus na rudaí is mó a bhíonn ina thionchar ar a shaothar. Insíonn Tadhg dúinn faoin ealaín atá a chruthú aige do sheó Idir Mise agus Chraiceann do Chluaise agus...

Sep 03, 202126 min

Aodán Ó Ceallaigh

Labhraíonn Aodán Ó Ceallaigh le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na bhFear (atá buaite trí uaire aige) agus na lúibíní ag Oireachtas na Samhna. Insíonn sé do Sheáin faoina chéim mháistreachta sa Ghnó agus IT trí Ghaeilge agus an suim atá aige i ngairmeacha éagsúla, a shraith raidió iontach Beatha na Gairme (gur féidir éisteacht siar leis ar SoundCloud anois) agus saothar aisteoireachta le hAisteoirí Bulfin agus Guthanna Binne Síoraí, agus tograí éagsúla le guthú agus ar an raidió....

Aug 27, 202127 min

Pax Ó Faoláin

Labhraíonn Pax Ó Faoláin le Seán faoina thaithí agus saothar leathan sa cheol traidisiúnta agus faoina bhua iontach mar fhidléir leis an bhuíon cheoil Nuadán. Insíonn sé dúinn faoin albam nua ‘Dén Díobháil’ atá eisithe acu, ról úr atá ag Pax sa cheol traidisiúnta le TG4, físeáin a rinne sé le Cúla 4 ar Scoil agus go leor eile. Faighimid amach faoin obair a rinne Pax ar Fhéile na Leathghealaí anuraidh agus ar na drámaí ‘Cruachás’ agus ‘Rogha Gach D íogha’ le Cumann Drámaíochta UCC. Labhraíonn Pax...

Aug 27, 202126 min

Noel Ó Gallchóir

Labhraíonn Noel Ó Gallchóir le Seán faoina leabhar úr ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’ atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, Gradam Foilsitheoireachta de chuid Oireachtas na Gaeilge. Faighimid léargas iontach ar an siúl agus ar an tionchar a bhí ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an phobal agus ar an amharclannaíocht, go háitiúil agus go náisiúnta ó bunaíodh iad. Insíonn Noel do Sheáin faoin obair atá déanta aige féin le hAisteoirí Ghaoth Dobhair agus Aisteoirí Ghort a’ Choirce, agus leis a...

Aug 27, 202132 min

Eimear Fitzpatrick - Gaeilge Bheo

Labhraíonn Eimear Fitzpatrick le Seán faoina leathanach Gaeilge Bheo ar Instagram. Tugann sí moltaí Gaeilge iontacha dóibh siúd a bheidh ag filleadh ar an scoil nó ar an ollscoil go luath. Cloisimid faoin ngrá atá aici don stair agus don Ghaeilge, agus an tábhacht atá acu di. Insíonn Eimear dúinn chomh maith faoin traenáil atá ar siúl aici chomh maith le bheith ina chóitseálaí.

Aug 20, 202120 min

Pauric O'Meara

Labhraíonn Pauric O’Meara, ceoltóir agus cumadóir tréitheach, le Seán faoina shaothar ceoil. Cloisimid faoin singil nua – Final Say – atá eisithe aige le gairid, chomh maith lena hEP iontach Looking Forward To Hindight, atá ar fáil ar Bandcamp. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí a bhíonn ina inspioráid ag a chuid amhráin agus a phróiseas scríbhneoireachta. Labhraíonn Pauric faoina chuid ceolchoirmeacha atá ag teacht aníos go luath, sa Soundhouse, in Winthrop Avenue agus i Whelans, agus faighimid...

Aug 20, 202122 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android