Pax Ó Faoláin
Aug 27, 2021•26 min
Episode description
Labhraíonn Pax Ó Faoláin le Seán faoina thaithí agus saothar leathan sa cheol traidisiúnta agus faoina bhua iontach mar fhidléir leis an bhuíon cheoil Nuadán. Insíonn sé dúinn faoin albam nua ‘Dén Díobháil’ atá eisithe acu, ról úr atá ag Pax sa cheol traidisiúnta le TG4, físeáin a rinne sé le Cúla 4 ar Scoil agus go leor eile. Faighimid amach faoin obair a rinne Pax ar Fhéile na Leathghealaí anuraidh agus ar na drámaí ‘Cruachás’ agus ‘Rogha Gach Díogha’ le Cumann Drámaíochta UCC. Labhraíonn Pax chomh maith faoin gcéim sa cheol a bhain sé amach ó Cheolscoil Chorcaí agus MA sa Bhainistíocht Ealaíon agus Léiritheoireacht Chruthaitheach ó UCC.
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android
