Labhraíonn an ceoltóir, cumadóir agus léiritheoir Gráinne Holland le Seán faoina thogra nua Ceol na Sióg, albam nua le hamhráin do pháistí a chum agus a thaifead sí, agus leabhar a théann leis le léaráidí déanta ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Déanann Gráinne cur síos ar na rudaí a spreag an togra seo, na hamhráin a bhí ina inspioráid aici agus í ag fás aníos agus scéalta taobh thiar de na hamhráin.
Mar 26, 2021•27 min
Labhraíonn James Riordan le Seán faoina ról nua mar Dan ar Ros na Rún, an dráma Selvage a scríobh sé agus a raibh an phríomhpháirt aige ann anuraidh, a chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne le hAmharclann Bhrú i nGaillimh agus tograí móra drámaíochta idir lámha aige faoi láthair.
Mar 26, 2021•28 min
Labhraíonn an t-aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoina shaol sna scannáin, ar an teilifís, ar an stáitse agus ar an raidió, ag tabhairt siar ar bhuaicphointí agus cuimhní móra agus ag labhairt faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair. Pléitear na scannáin A Better You, I Am Patrick agus Arracht, na sraitheanna theilifíse Vikings, An Klondike agus Seachtar na Cásca, a shaothar scríofa agus stiúrtha, a bhua mar ghrianghrafadóir agus go leor leor eile....
Mar 19, 2021•43 min
Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoi chlár faisnéise den chéad scoth atá déanta aici le Waddell Media agus craolta ar TG4, faoin cháil a bhain Peig Sayers amach mar gheall ar a leabhar Peig, a chaith breis agus scór go leith de bhlianta ar shiollabas na hardteiste. Insíonn Sinéad dúinn faoin aistear a chuaigh sí ar le níos mó a fháil amach faoi bhean a bhí i bPeig í féin, na scéalta nach bhfuil cloiste againn fúithi agus an t-athrú dearfach atá tagtha ar an méid atá ráite faoi dhuine de ...
Mar 19, 2021•25 min
Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoina chuid oibre le Camara Education Ireland ar TechSpace agus ar TechFéile 2021, atá ar siúl idir Eanáir agus Márta 2021. Insíonn Jamie dúinn faoi na himeachtaí atá beartaithe do dheireadh TechFéile agus an tábhacht a bhaineann le hábhair STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus mata) san oideachas, agus faoina thaithí mar mheantóir le Gaeltacht UCD.
Mar 19, 2021•23 min
Labhraíonn Tadhg le Seán faoin méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas - seit iontach le Féile na Gealaí ar líne, amhráin agus físeáin úra a chruthú, agus Global Pride lena hamhrán nua Space Love. Insíonn sé do Sheáin faoin gceolchoirm mhór a bheidh ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach beo ar Youtube (Aoine 12 Márta) agus na hamhráin a bheidh aige ann.
Mar 12, 2021•19 min
Labhraíonn Caroline Seoighe le Seán faoina cuid oibre mar stíleálaí agus mar phearsa fhaisin agus tionchaire ar Instagram. Insíonn sí dúinn faoin seimineár Paisean Don Fhaisean a bheidh ar siúl ar Youtube Áras na nGael (Aoine 12 Márta) do Sheachtain na Gaeilge, le Jessica Diskin, Áine Donnelly, Mollaí agus Anna Campbell.
Mar 12, 2021•9 min
Labhraíonn Seán Seoighe, Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe in Áras na nGael, agus Róisín Seoighe le Seán faoin méid atá ar siúl ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge 2021 (Instagram takeovers, seimineáir, cainteanna, ceolchoirm agus go leor eile). Insíonn Seán dúinn faoin obair a bhíonn ar siúl i rith na bliana agus na bealaí a bhíonn siad ag freastal ar an bpobal, agus insíonn Róisín dúinn faoina cuid ceoil agus an méid atá beartaithe aici do Cheolchoirm Mhór Áras na nGael ...
Mar 12, 2021•15 min
Labhraíonn Declan Hannon, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 agus captaen ar fhoireann iománaíochta Luimnigh a bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó (2018 agus 2020), le Seán faoina thaithí mar ambasadóir, a haistear féin le Gaeilge, Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael agus moltaí do fhoghlaimeoirí le cur lena gcuid Gaeilge.
Mar 12, 2021•9 min
Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021, na himeachtaí agus na hathruithe a bhí i gceist le SnaG a chur ar líne in aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na hambasadóirí iontacha atá acu i mbliana agus a cuimhní is fearr ó Sheachtain na Gaeilge go dtí seo.
Mar 12, 2021•23 min
Labhraíonn Michaela Ní Labhraí le Seán faoina cuid oibre mar chef taosráin, a leathanach Instagram @mamafoxcakes agus Instagram takeover atá a dhéanamh aici d'Áras na nGael mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Insíonn Michaela dúinn faoi na rudaí is mó a spreag í dul I mbun bácála, faoi bheith ag obair in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha, an tábhacht a bhaineann le páistí a spreagadh a bheith ag bácáil agus ag cócaireacht, agus go leor leor eile.
Mar 05, 2021•15 min
Labhraíonn Máire Eilis Ní Fhlaithearta le Seán faoin méid atá ar siúl i Ros na Rún lena carachtar Caitríona i Sraith 25 agus insíonn sí dúinn faoin bhfíseán iontach a rinne foireann Ros na Rún bunaithe ar Jerusalema. Tugann sí léargas dúinn faoin bhliain eisceachtúil a bhí acu ag taifead an tsraith is déanaí in aimsir Chovid agus insíonn sí dúinn faoi na cuimhní is fearr ón 25 bliain i Ros na Rún go dtí seo.
Mar 05, 2021•13 min
Labhraíonn Marion Ní Loinsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún le Seán faoin éacht atá déanta acu cláir den scoth a chur amach le linn aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na dúshláin, na srianta a cuireadh i bhfeidhm, athruithe a bhí le déanamh agus na bealaigh a chuaigh foireann Ros na Rún i ngleic leis na modhanna taifeadta nua. Tugann sí súil siar ar na scéalta móra ó Shraith 25 go dtí seo agus buaicphointí ó bhreithlá mór Ros na Rún.
Mar 05, 2021•14 min
Labhraíonn Múinteoir Meg le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aici ag cur na Gaeilge chun cinn lena Instagram agus lena cuid oibre mar mhúinteoir meánscoile. Insíonn sí dúinn faoina sraith téacsleabhair nua Croí na Gaeilge, foilsithe ag Edco do mhic léinn an teastais shóisearaigh, agus faoin méid atá ar siúl aici le Gaelchultúr, i measc go leor leor eile.
Mar 05, 2021•20 min
Labhraíonn Eoin McEvoy faoin méid atá ar siúl ag na grúpaí Aerach Aiteach Gaelach agus Queercal Comhrá sna míonna amach romhainn, do Sheachtain na Gaeilge agus do Bhród 2021. Insíonn Eoin dúinn faoin scigamhrán a chruthaigh ochtar ón ngrúpa, bunaithe ar dhá rud a bhí go mór sna meáin le déanaí – rabhcán muirí nó sea-shanties agus scéal mór faoi bhriseadh rialacha na dianghlasála ar bhád amach ó chósta Mheicsiceo.
Feb 26, 2021•12 min
Labhraíonn an Dr. Claire Marie Dunne le Seán faoina lámhleabhar nua Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla don Seomra Ranga (foilsithe le COGG), a cuid oibre in Institiúid Oideachais Marino, litríocht do pháistí i nGaeilge agus ionadaíocht i leabhair do pháistí. Déantar comhrá faoi straitéisí leis an Ghaeilge a spreagadh sa seomra ranga, na leabhair do pháistí is fearr agus foilseacháin iontacha atá scríofa ag Claire Marie le moltaí léitheoireachta den scoth.
Feb 26, 2021•29 min
Labhraíonn Conall Ó Céidigh le Seán faoina chuid aisteoireachta – mar Rory i Ros na Rún agus mar Dan sa scannán Arracht – a chuid oibre le Clubforce agus a bhulladóir Collins, atá leathanach Instagram aige @collinsthebulldog. Tugann Conall súil siar ar na buaicphointí óna chuid ama i Ros na Rún go dtí seo agus an méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas agus insíonn sé dúinn faoin méid atá ag teacht aníos.
Feb 26, 2021•14 min
Labhraíonn Louise Cantillon le Seán faoina saothar raidió agus iriseoireachta – na cláir Spin ar Scoil, Spin Now agus Hit 30 na hÉireann ar Spin, agus an colún Louise Loves sa Limerick Leader. Déantar comhrá chomh maith faoi na buaicphointí is mó ag Louise go dtí seo, a cuid taithí mar mhúinteoir meánscoile, na rudaí is mó a thaitníonn léi agus go leor eile.
Feb 26, 2021•24 min
Labhraíonn an t-amhránaí, ceoltóir agus cumadóir J Smith liom faoina singil nua I’m Sorry. Déanann sé cur síos ar a stíl nua, curtha i gcomparáid leis an saothar atá déanta aige mar YURN agus mar phríomhamhránaí le Gypsies on the Autobahn. Insíonn sé do Sheán faoina thaithí go dtí seo, na buaicphointí is mó agus scéalta álainn taobh thiar den singil úr agus ealaín an singil.
Feb 19, 2021•9 min
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici leis na Gaelgals le cúpla mí anuas, podchraoladh ar Raidió Rí-Rá agus ócáid mhór do Sheachtain na Gaeilge san áireamh. Déanann sí cur síos ar mhíreanna atá déanta aici ar StadAir ar RTÉ 2FM le gairid agus comórtas a bhí sí ag reáchtáil ar a leathanach Instagram. Insíonn sí do Sheáin faoina clár An Meangadh Mór ar Raidió na Life agus a cuid oibre mar Fheidhmeannach Chumarsáide í le Conradh na Gaeilge, na hócáidí móra a bhei...
Feb 19, 2021•21 min
Labhraíonn an t-aisteoir agus léiritheoir Pól Penrose le Seán faoin méid atá ar siúl lena charachtar Colm i Ros na Rún ar TG4 faoi láthair, na hathruithe is mó atá tagtha ar a charachtar ó tháinig sé go Ros na Rún agus an méid atá ar siúl le Mo, Charlie agus go leor carachtair eile faoi láthair. Insíonn sé do Sheáin faoi na scéalta is dúshlánaí atá déanta agus buaicphointí an tsaoil ag aisteoireacht ar an chlár.
Feb 19, 2021•20 min
Labhraíonn an fidléir Megan Nic Fhionnghaile faoina cuid ceoil, an taithí agus na buaicphointí is mó atá aici go dtí seo agus an tsraith nua Sruth atá le craoladh ar TG4 agus ar BBC Alba thar ceithre eipeasóid, ag tosú oíche Domhnaigh an 21ú Feabhra. Labhraíonn Megan faoin gceiliúradh a dhéanann ar an nasc láidir atá idir an ceol traidisiúnta in Éirinn agus in Albain, agus an taithí a bhí aici ag seinm i gcuideachta réimse leathan ceoltóirí ar an chlár.
Feb 19, 2021•9 min
Labhraíonn Séamus Ó Flatharta – amhránaí agus damhsóir ar an sean nós a sheinneann an chláirseach, an fheadóg agus an bodhrán chomh maith - le Seán faoin méid atá bainte amach aige i saol an cheoil go dtí seo, na buaicphointí agus na cuimhní is fearr atá aige, faoi bheith ag ceol lena mhuintir agus na rudaí is mó a spreag a ghrá don cheol. Insíonn Séamus do Sheáin faoin gceolchoirm atá ar siúl aige agus a dheirfiúr Caoimhe d’Fhéile IMBOLC agus tiomsaitheoir airgid atá ar siúl aige faoi láthair d...
Feb 19, 2021•16 min
Labhraíonn Paul McCloskey le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta ar Ros na Rún mar Vince De Búrca ó thosaigh sé ansin sa bhliain 2000. Déanann sé cur síos ar na cuimhní is fearr agus na scéalta móra is dúshlánaí atá déanta aige ar an sobalchlár, agus tugann sé léargas dúinn faoi na scéalta móra atá idir lámha aige i láthair na huaire. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre i saol an cheoil leis an mbanna iontach Pyramid.
Feb 12, 2021•16 min
Labhraíonn Oisín Mistéil le Seán faoina shaothar leathan iontach agus an bhliain iontach a bhí aige, le cláir ar nós ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ agus ‘Finné’ ar TG4, agus Le Ceangal ar Bloc TG4. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre mar scríbhneoir, stiúrthóir, eagarthóir, láithreoir agus léiritheoir; an taithí iontach a bhí aige ag déanamh ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ lena seanmháthair agus na rudaí a bhíonn ina spreagadh aige agus na buaicphointí is mó ina shaol oibre go dtí seo.
Feb 12, 2021•26 min
Labhraíonn Ainle Ó Cairalláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair – a hionad aclaíochta Aclaí i gCorcaigh a bhunaigh sé i 2013 (ionad a chuireann béim ar an bpobal agus comhoibriú idir na baill). Insíonn sé do Sheán faoin togra iontach atá ar siúl aige le Aclaí sa Phalaistín le cúpla bliain anuas agus a phodchraoladh iontach Rebel Matters, ar a mbíonn comhráite spreagúla géarchúiseacha acu. Déanann Ainle cur síos ar na laochra is réabhlóidí is mó atá aige féin chomh maith....
Feb 12, 2021•31 min
Labhraíonn Séaghan Ó Suilleabháin, an Kerry Cowboy, le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair, idir feirmeoireacht, staidéar agus a chuid leathanaigh iontacha ar TikTok agus Instagram mar an Kerry Cowboy. Insíonn Séaghan do Sheáin faoina mhadra caorach cliste Braindí agus na bealaí dearfacha atá na cuntais ar na meáin shóisialta i ndiaidh tacú le daoine anseo in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Tá neart craic agus comhrá faoi shaol na tuaithe, madraí caorach a thraenáil agus go leor l...
Feb 12, 2021•22 min
Labhraíonn an sár-réalta craoltóireachta Bláthnaid Ní Chofaigh faoin méid iontach atá bainte amach aici agus an méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair. Tugaimid súil siar ar an aistear atá déanta ag Bláthnaid óna óige i Rath Chairn, go RTÉ agus Raidió na Gaeltachta, chomh maith le hUCD, áit inar bhain sí céim mháistreachta amach. Labhróimid faoi go leor de cláir móra Bláthnaid – Echo Island, The Afternoon Show, The All Ireland Talent Show, Bláthnaid Libh – a cuid laochra, na buaicphointí is ...
Feb 05, 2021•30 min
Labhraíonn Cillian Ó Donnachadha le Seán faoina shaothar leathan mar scríbhneoir, léiritheoir, aisteoir, stiúrthóir agus mar phuipéadóir, lena compántas drámaíochta Biscuits For Breakfast agus le déanaí le Fíbín agus ar Cúla 4. Tugann sé súil siar ar a dráma ‘Somewhere Under The Rainbow’, a thosaigh amach mar ghearrdráma agus a d’fhorbair go dtí gur cuireadh I láthair é os comhair teach lán san Olympia, agus ag Féile Fringe Dún Éideann agus i Londain. Labhraíonn Cillian faoina shaothar eile, ar ...
Feb 05, 2021•38 min
Labhraíonn Tessa Fleming le Seán faoina sraith nua – Peataí – le BBC Gaeilge, ina bhfeicimid í ag cur aithne ar réimse leathan peataí agus a gcuid úinéirí. Insíonn sí dom faoi na rudaí spéisiúla a d’fhoghlaim an lucht féachana faoi na hainmhithe agus an spraoi a bhí aici ag déanamh an clár. Labhraíonn Tessa fosta faoina saothar iontach sna meáin, na cláir raidió Blas 5x5 agus Litreacha san áireamh, agus go leor leor eile.
Feb 05, 2021•23 min