Sinéad Ní Uallacháin
Mar 19, 2021•25 min
Episode description
Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoi chlár faisnéise den chéad scoth atá déanta aici le Waddell Media agus craolta ar TG4, faoin cháil a bhain Peig Sayers amach mar gheall ar a leabhar Peig, a chaith breis agus scór go leith de bhlianta ar shiollabas na hardteiste. Insíonn Sinéad dúinn faoin aistear a chuaigh sí ar le níos mó a fháil amach faoi bhean a bhí i bPeig í féin, na scéalta nach bhfuil cloiste againn fúithi agus an t-athrú dearfach atá tagtha ar an méid atá ráite faoi dhuine de na banlaochra is mó atá againn anseo in Éirinn.
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android
