Labhraíonn Eve Belle le Seán faoina albam nua 'In Between Moments' a tháinig amach le déanaí agus ceolchoirm atá ag teacht aníos i Whelans ar an 8ú hAibreán 2021. Amharcann sí siar ar na buaicphointí is mó atá bainte amach aici, na rudaí a spreag sí sa cheol agus sa chumadóireacht agus go leor eile.
Nov 22, 2020•15 min
Labhraíonn Máire Uí Rabhartaigh le Seán faoi na scéalta móra lena carachtar Nóirín Mhic Aodha agus na cuimhní is fearr atá aici óna cuid ama ar Ros na Rún. Insíonn sí dúinn faoi na rudaí a tharraing i dtreo na haisteoireachta í agus faoin saothar leathan atá déanta aici ar an teilifís agus ar an stáitse.
Nov 22, 2020•15 min
Labhraíonn Eoin P. Ó Murchú le Seán faoin leabhar úr Tinte na Farraige Duibhe, a d'aistrigh sé agus a d'fhoilsigh Leabhar Breac. Déanann sé cur síos ar an mbunleagan agus na rudaí suimiúla a bhain leis an údar a scríobh é. Insíonn sé dúinn fosta faoina chuid scríbhneoireachta, a PhD, GaelGáirí, na Gaeil Óga agus neart rudaí eile.
Nov 22, 2020•24 min
Labhraíonn Fionnuala Ní Fhlatharta le Seán faoin 25 bliain atá caite aici i ról Berni Uí Neachtain ar Ros na Rún. Tugann sí súil siar ar na gcéad laethanta agus na cuimhní is fearr atá aici, na scéalta is taitneamhach agus is dúshlánach a bhí aici go dtí seo agus na scéalta móra le Berni i láthair na huaire.
Nov 16, 2020•27 min
Labhraíonn Doireann Ní Fhoighil le Seán faoi na scéalta móra lena carachtar Áine Ní Dhíreáin ar Ros na Rún. Tugann sí súil siar ar a saothar aisteoireachta go dtí seo, Ros na Rún agus an scannán Rúbaí ina measc, na rudaí a tharraing i dtreo na haisteoireachta í agus go leor eile.
Nov 16, 2020•12 min
Labhraíonn Ciara Ní É le Seán faoin oíche mhór a bhí ag REIC (le feiceáil ar leathanach Youtube Fiontar agus Gaeilge DCU), faoin féile Ceangal Dolen a ghlac sí páirt ann le déanaí, a ról mar scríbhneoir cónaithe i DCU agus ag saothar filíochta.
Nov 16, 2020•17 min
Labhraíonn Maitiú Ó Coimín le Seán faoina chuid oibre mar eagarthóir le Nós agus mar iriseoir le Tuairisc.ie. Déanann sé cur síos ar an aistear a rinne sé ar an gCamino, na rudaí a dhéanann sé nuair nach bhfuil sé i mbun iriseoireachta agus go leor eile.
Nov 16, 2020•25 min
Labhraíonn Caitlín Nic Aoidh le Seán bliain tar éis di a bheith mar an chéad aoi ar Seal le Seán. Insíonn sí do Sheáin faoina saothar mar shár-réalta theilifíse ar TG4, an taisteal a rinne sí in Éirinn i mbliana, a cuid rólchuspaí agus eiseamláirí agus na cuimhní is fearr atá aici ón saol scoile agus an Nollaig, chomh maith le léir mhór eile.
Nov 11, 2020•22 min
Labhraíonn Niamh Ní Chróinín le Seán faoina cuid oibre mar bhainisteoir le Raidió Rí-Rá agus le Conradh na Gaeilge, a saothar craoltóireachta ar Raidió Rí-Rá, Spin, RnaG agus go leor eile. Insíonn sí do Sheáin faoin cheol, an taisteal a rinne sí anuraidh agus comhlachtaí Éireannacha atá ag déanamh agus ag díol earraí iontacha i nGaeilge.
Nov 09, 2020•20 min
Labhraíonn Sam Ó Fearraigh le Seán faoi Ceangal Dolen II, comhdháil ina bhfuil saothar ó Éirinn, Albain agus an Bhreatain Bhig ag teacht le chéile. Déanann sé cur síos ar a shaothar filíochta, splancfhicsin agus drámaíochta, chomh maith leis an mháistreacht atá idir lámha aige i láthair na huaire.
Nov 09, 2020•25 min
Labhraíonn Cian Ó Dubhshláine le Seán faoina shaothar ar Raidió na Life - Fios Feasa, Bothán na bhFear agus Samhain FM, ach go háirithe. Insíonn sé do Sheáin faoina chuimhní is fearr ó Oíche Shamhna agus déanann sé cúrsaí taisteala a phlé.
Nov 09, 2020•32 min
Labhraíonn Máirín Ní Ghadhra le Seán faoina cuid oibre sna meáin le 30 bliain anuas, ar 7Lá (TG4) agus An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a saothar scríofa, na daoine a thug spreagadh di agus go leor eile.
Nov 09, 2020•18 min
Labhraíonn Irial Ó Ceallaigh le Seán faoina shaothar ceoil agus a chuid oibre ar an teilifís, mar fhear aimsire ar TG4 agus mar mholtóir ar Réalta agus Gaolta. Tugann sé súil siar ar a chuimhní is fearr ó na hOireachtais, an oíche a bhain sé Corn na bhFear ina measc.
Nov 02, 2020•24 min
Labhraíonn Maidhc P. Ó Conaola le Seán faoin charachtar Malachi ar Ros na Rún, na scéalta móra ar an chlár agus a shaothar leathan aisteoireachta ar an stáitse agus ar an teilifís.
Nov 01, 2020•18 min
Labhraíonn buaiteoir Chorn Uí Riada 2019 le Seán faoi na cuimhní is fearr atá aici ó na hOireachtais uilig a d'fhreastail sí ar thar na blianta, an oíche a bhain sí Corn Uí Riada agus cé chomh tábhachtach is atá amhránaíocht ar an sean-nós.
Nov 01, 2020•18 min
Labhraíonn Muireann Nic Amhlaoibh le Seán faoi na buaicphointí is mó atá bainte amach aici sa cheol, ar an raidió agus ar an teilifís. Insíonn sí dúinn faoina albam nua Thar Toinn, albam leictreonach a thaifead sí (Fís le Aeons) agus na rudaí a spreag í mar cheoltóir.
Oct 26, 2020•24 min
Labhraíonn Paul Mullen, imreoir rugbaí le San Diego Legion agus na American Eagles, le Seán faoina ghairmréim sa rugbaí. Insíonn sé dúinn faoi bheith sa bhaile in Inis Mór le linn na dianghlasála agus na buaicphointí is mó sa spórt go dtí seo.
Oct 26, 2020•14 min
Labhraíonn Seán Mistéil le Seán faoina chuid oibre ar Ros na Rún ó thosaigh sé ar an chlár i 2004. Déanann sé cur síos ar scéalta móra a charachtar David agus na cuimhní is fearr atá aige go dtí seo ar Ros na Rún.
Oct 26, 2020•14 min
Labhraíonn Stiofán Seoighe le Seán faoina chuimhní is fearr agus na scéalta móra uilig a bhí ag a charachtar Andy Ó Neachtáin ar Ros na Rún le breis agus 22 bliain anuas.
Oct 19, 2020•13 min
Labhraíonn Tadhg Ó Buachalla le Seán faoina chuid oibre le Ógras, na clubanna óige ar líne a bheidh a chur ar fáil acu, an Pop Up Gaeltacht i Lios Tuathail, a chuid oibre mar mhúinteoir agus ag cur na Gaeilge chun cinn, chomh maith lena ról ar an chlár 'Bothán na bhFear' ar Raidió na Life.
Oct 19, 2020•23 min
Labhraíonn Damien Ó Dónaill le Seán faoina aimniúchán ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais do Chraoltóir Solabhartha na Bliana, a chuid oibre mar léiritheoir le Bladhaire agus mar thráchtaire spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus go leor eile.
Oct 19, 2020•23 min
Labhraíonn Síomha Ní Ruairc le Seán faoi Gaeilge 24, a ainmniúchán ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtas 2020 (do Réalta Óg na Bliana) agus an sraith nua de An Ríl Deal ar TG4.
Oct 11, 2020•10 min
Labhraíonn Sadhbh Rosenstock le Seán faoina dlúthdhiosca nua 'Picnic Teidí', bailiúchán amhráin do pháistí atá eisithe ag Gael Linn. Insíonn Sadhbh do Sheán faoi na rudaí a spreag an dlúthdhiosca agus na hamhráin, a aistear fein le ceol agus le Gaeilge agus na daoine a spreag í, i measc go leor leor eile,
Oct 11, 2020•15 min
Labhraíonn Fionnuala Flaherty le Seán faoina saothar aisteoireachta - an sraith Corp agus Anam, an scannán Out of Innocence agus an dráma stáitse Fiach. Tugann sí súil siar ar an méid atá bainte amach aici go dtí seo agus na rudaí a spreag i dtreo na haisteoireachta í.
Oct 11, 2020•15 min
Labhraíonn Annamaria Nic Dhonnacha le Seán faoina carachtar Bobbi Lee Uí Neachtáin ar Ros na Rún. Tugann sí léargas dúinn ar an aistear a rinne sí i dtreo na haisteoireachta, na cuimhní is fearr atá aici óna cuid ama go dtí seo ar Ros na Rún, na scéalta móra a bhí aici ó thosaigh sí ar an chlár agus na bealaí a bhíonn tionchar mór dearfach ag na scéalta ar an lucht féachána.
Oct 05, 2020•20 min
Labhraíonn Felim Ó Maolmhána, fear óg le éim amach sa dlí agus sa pholaitíocht in Ollscoil Mhá Nuaid atá i mbun traenála faoi láthair le bheith ina dhlíodóir, le Seán faoi chúrsaí pholaitíochta anseo in Éirinn, san Eorap agus ar fud an domhain. Faighimid léargas ar na dul chun cinn atá déanta sa pholaitíocht, cad atá fós le déanamh agus go leor leor eile.
Oct 04, 2020•27 min
Labhraíonn Áine Máire Ní Óráin le Seán faoin seal atá caite aici i Ros na Rún ó thosaigh sí ar an chlár sa bhliain 2007, na scéalta móra is fearr agus is dúshlánaí a bhí aici agus í i ról Frances Uí Dhíreáin agus na cuimhní is fearr atá aici ón cuid ama ar an chlár.
Oct 04, 2020•19 min
Labhraíonn Danny Mac Eachmharcaigh le Seán faoina chuid oibre mar stiúrthóir agus mar aisteoir. Tugann sé léargas ar a scannán nua 'Tyre Kickers', a chéad scannán 'Old Firm Day' agus a ról mar Niall i Ros na Rún.
Sep 28, 2020•16 min
Labhraíonn Moya Ní Dhúgáin ón leathanach 'Environmental Éadaí' ar Instagram le Seán faoin fhaisean inbhuanaithe, conas cinntí níos ciallmhara a dhéanamh, dearadh agus faisean chomh maith le go leor rudaí eile.
Sep 27, 2020•16 min
Labhraíonn Pádraig Jack le Seán faoina albam nua 'Making Sand' a thaifead sé i Londain, an phróiséas taobh thiar den albam, na rudaí a bhíonn ina thionchar ar a stíl agus a chuid amhráin agus caide mar a mhothaigh sé bheith ar ais ar an stáitse tar éis an dianghlasáil.
Sep 27, 2020•26 min