Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá - podcast cover

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Seán Ó Dubhchonpodcasters.spotify.com
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Gráinne Holland

Labhraíonn Gráinne Holland le Seán faoina cuid ceoil (a tríú albam 'Corcra' a bhain Gradaim Ceoil Nós d'Albam na Bliana), a saothar teilifíse agus a ainmniúchán ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge don sraith 'Scéal Phobal Bhóthar Seoighe'. Tugann sí léargas ar a óige ag fás aníos tumtha sa Ghaeilge agus sa chultúr i mBéal Feirste agus ar na rudaí a spreag í tabhairt faoi chúrsaí ceoil agus a cuid oibre mar léiritheoir.

Sep 21, 202020 min

Jade Pepper

Labhraíonn Jade Pepper le Seán faoi chúrsaí faisean agus an maincíneacht agus a thaithí le Gaeilge a chur chun cinn le Bloc TG4, Conradh na Gaeilge agus a saothar ar na meáin shóisialta, a cuid cruthaíochta agus go leor leor eile.

Sep 21, 202032 min

Calum Agnew

Labhraíonn Calum Agnew le Seán faoin shingil nua 'Crazy', a shaothar cumadóireachta, a thaithí le TG Lurgan agus an saol ó tháinig an dianghlasáil isteach.

Sep 14, 20207 min

Oisín Mac

Labhraíonn Oisín Mac le Seán faoina albam nua 'Meon na hAoise', saol an cheoil trí Ghaeilge, an scríbhneoireacht agus go leor leor eile. Tugann sé léargas ar conas gur fhorbair sé a stíl agus a fhuaim uilíoch uathúil, agus ar an bpróiséas taobh thiar dá albam nua.

Sep 06, 202021 min

Joe Ó hEachteirn

Labhraíonn Joe Ó hEachteirn le Seán faoina ról nua mar múinteoir agus láithreoir ar Cúla 4 ar Scoil (le TG4 agus Fíbín Media), a shaol múinteoireachta, conas is fearr daltaí a spreagadh agus go leor leor eile.

Sep 06, 202018 min

Eòghan Stiùbhart

Labhraíonn Eòghan Stiùbhart le Seán faoi Gàidhlig agus Albain, a chuid leathanaigh Gàidhlig Gu Leòr - Apple Clips ar Facebook agus ‘love_gaidhlig’ ar Instagram, agus faoi mbealach a dhéanann sé an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre.

Aug 31, 202024 min

Hugh Ó Raghallaigh

Labhraíonn Hugh Ó Raghallaigh le Seán faoin mBlascaod Mhór, béaloideas agus stair na n-oileáin ar fud na tíre, cúrsaí scríbhneoireachta, ilteangachas, an saol ollscoile agus go leor leor eile.

Aug 31, 202018 min

Róisín Ní Mhaoláin

Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoina cuid oibre le Conradh na Gaeilge, a saothar raidió ar Raidió na Life (An Meangadh Mór, Bricfeasta Blasta agus Meon na mBan), GaelGals agus a cuid oibre le Gaeilge a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide.

Aug 31, 202015 min

Caoimhe Ní Chathail 2.0

Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoi Féile Liú Lúnasa atá ag tarlú ar líne ar an 28-29 Lúnasa, ina mbeidh go leor ócáidí speisialta; Comórtas Slamfhilíochta, painéal cainte ar 'An Timpeallacht', ceolchoirmeacha le Bréag agus Brìghde Chaimbeul, Jamie Murchadh & Edel Ní Churraoin, agus Dianchúrsa Gaeilge.

Aug 22, 202016 min

Niamh Ní Chróinín

Labhraíonn Niamh Ní Chróinín le Seán faoi Oíche Mhór Gaeltacht X a bhí ar Raidió Rí-Rá agus ar RTÉ 2fm le ceiliúradh a dhéanamh ar Gaeltacht X. Insíonn sí dúinn faoi na haíonna speisialta agus na hiontais a bhí acu ar an gclár, amhráin nua trí Ghaeilge ó Picture This, Na Coronas agus Gabrielle Aplin ina measc.

Aug 22, 202010 min

Póilín Nic Géidigh

Labhraíonn Póilín Nic Géidigh le Seán faoina cuid oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a cuid cártaí agus priontaí atá ar díol ag poilin.com, a saothar le Cúla 4 ar Scoil agus Nós, a céim máistreachta, an cuntas TikTok 'An Ghaeltokt' agus go leor leor eile.

Aug 22, 202030 min

Doireann Ní Ghlacáin

Labhraíonn Doireann Ní Ghlacáin le Seán faoi 'Fleadh 2020' a bhí a chur i láthair aici ar TG4, an cheol traidisiúnta, a podchraoladh 'Mise Éire' agus an PhD atá idir lámha aici.

Aug 18, 202016 min

Síomha Ní Ruairc

Labhraíonn Síomha Ní Ruairc le Seán faoina cuid oibre le Gaeltacht X, Conradh na Gaeilge, 'Ríl Deal' agus 'Réalta agus Gaolta' ar TG4, an faisean inbhuanaithe, a ngealltanas agus go leor leor eile.

Aug 18, 202018 min

Mícheál Ó Ciaraidh

Labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le Seán faoina shaothar teilifíse ar TG4, na físeanna nua 'Mícheál agus the Moo Crew' atá taifeadta aige do pháistí bunscoile agus an obair atá ar siúl aige le Bloc TG4 . Tugann sé súil siar ar chuimhní scoile agus amharcann sé amach chun tosaigh agus go leor rudaí nua idir lámha aige.

Aug 11, 202031 minSeason 1Ep. 39

Caitríona Ní Chualáin

Labhraíonn Caitríona Ní Chualáin, láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4 agus múinteoir bunscoile, le Seán faoin cuid oibre ar an teilifís agus faoi chlár nua - Cúla 4 ar Scoil - atá a chur i láthair aici le freastal ar pháistí bunscoile le linn na pandéime.

Aug 11, 20206 minSeason 1Ep. 42

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Labhraíonn Brídín Ní Mhaoldomhnaigh le Seán faoina saol mar aisteoir ar Ros na Rún agus í i ról mar Katy Daly ó bhí 2010 ann. Déanann sí cur síos ar an réimse leathan scéalta agus téamaí atá clúdaithe aici ina saothar agus pléann sí cúrsaí Gaeilge, na meáin agus an scríbhneoireacht chomh maith.

Aug 11, 202025 minSeason 1Ep. 41

Jamie Ó Tuama

Labhraíonn Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an CLG, le Seán faoin méid atá ar siúl aige le Gaeilge agus cluichí CLG a chur chun cinn. Déanann sé cur síos ar Cuaille, irisleabhar iontach do pháistí agus do dhéagóirí, ar chúrsaí CLG trí mheán na Gaeilge.

Aug 11, 202017 minSeason 1Ep. 40

Pádraig Jack

Labhraíonn Pádraig Jack, ceoltóir agus cumadóir de bhunú Árainn, le Seán faoina shaothar ceoil - amhráin i nGaeilge agus i mBéarla. Déanann sé a singil nua 'Streetbed Ridden' agus a chéad albam 'Making Sand' (atá ag teacht amach níos déanaí i mbliana) a phlé agus labhraíonn sé faoina shaol le ceol agus le Gaeilge.

Aug 11, 202024 minSeason 1Ep. 43

Ógie Ó Céilleachair

Labhraíonn Ógie Ó Céilleachair, scríbhneoir agus múinteoir ó Ghaeltacht na Rinne, le Seán faoina shaothar - na leabhar Cúpla agus Katfish agus Scéalta Eile ina measc - agus faoin podchraoladh Podcast Ógie, ina ndéanann sé na leabhair sin a phlé.

Aug 11, 202023 minSeason 1Ep. 44

Aodhán Ó Deá

Labhraíonn Aodhán Ó Deá, Leas Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, le Seán faoina chuid oibre le Gaeilge a chur chun cinn agus faoi chúrsa ar líne iontach - Coláiste na Físe - atá a chur ar fáil do dhaoine óga a bheadh ag cailleadh amach ar thaithí Gaeltachta i mbliana.

Aug 11, 202014 minSeason 1Ep. 45

JJ Ó Dochartaigh

Labhraíonn JJ Ó Dochartaigh, ceoltóir agus cumadóir de bhunú Dhoire faoina shaothar ceoil atá thrasnaíonn teorainn ceoil - acústach, rince / leictreonach, rapcheol agus go leor eile. Labhraíonn sé faoina thogra nua, mar Losta Plot, agus na hamhráin I Am You, You Are Me agus I Mo Cheann . Pléann sé amhráin ar nós A Ghaela agus Ná hAbair É Déan É agus a shaol le ceol agus le Gaeilge.

Aug 11, 202025 minSeason 1Ep. 46

Moya Brennan

Labhraíonn Moya Brennan, sár-réalta ceoil na hÉireann, le Seán agus tugann sí súil siar ar an 50 bliain atá caite aici le Clannad, ag tabhairt blaiseadh de na cuimhní is fearr atá aici ón tréimhse in - Clannad ag an Letterkenny Folk Festival, 'Theme From Harry's Game' ar Top of the Pops agus an chamchuairt agus dlúthdhiosca nua 'In A Lifetime', agus go leor eile. Déanann sí cur síos ar a saothar ina aonar agus na buaicphointí móra atá aici ina aistear ceoil.

Aug 11, 202059 minSeason 1Ep. 54

Megan Nic Ruairí

Labhraíonn Megan Nic Ruairí, ceoltóir agus cumadóir as Rann na Feirste, le Seán faoina singil nua Can't Trust The Moon . Déanann sí a saothar le Clann Mhic Ruairí agus a cuid ceoil nua ina aonar a phlé, chomh maith le go leor nithe eile.

Aug 11, 202012 minSeason 1Ep. 46

Róisín Seoighe

Labhraíonn Róisín Seoighe, amhránaí agus cumadóir de bhunú Chonamara, faoina saothar - na hamhráin Geasa, Níl Mé Marbh agus An Teanga Linn ina measc - cúrsaí aisteoireachta, an saol ollscoile agus go leor leor eile.

Aug 11, 202015 minSeason 1Ep. 47

John Prendergast

Labhraíonn John Prendergast le Seán faoin méid atá ar siúl aige le Tobar Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí, an feachtas #SeoÍAnGhaeltacht agus an méid atá déanta aige le Gaeilge a chur chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear chomh maith.

Aug 11, 202015 minSeason 1Ep. 48

Traolach Ó Buachalla

Labhraíonn Traolach Ó Buachalla le Seán faoin cúig bliain atá caite ó baineadh amach Comhionnanas Pósta in Éireann tar éis reifreann stairiúil. Tugann Traolach súil siar ar an tréimhse sin agus an méid atá tarlaithe ó shin.

Aug 11, 202021 minSeason 1Ep. 50

Ciara Ní É

Labhraíonn Ciara Ní É le Seán faoina cuid filíochta, na hoícheanta REIC, an chlár iontach Saol Trí Ghaeilge , a cuid oibre mar scríbhneoir cónaithe i DCU agus go leor leor eile.

Aug 11, 202020 minSeason 1Ep. 49

Siobhán Ní Dhúgáin

Labhraíonn Siobhán Ní Dhúgáin ó Phobalscoil Chloich Cheannfhaola i gContae Dhún na nGall le Seán faoi físeán TikTok iontach a rinne foireann na scoile le slán a fhágáil ag daltaí ardteistiméireachta na scoile, a chuaigh 'viral' ar líne.

Aug 11, 20208 minSeason 1Ep. 53

Ciarán Mac Giolla Bhéinn

Labhraíonn Ciarán Mac Giolla Bhéinn ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich le Seán faoi shár-obair na Cultúrlainne, an duais mór a bhronn Glór na nGael orthu, Gaeltacht Bhéal Feirste agus go leor leor eile.

Aug 11, 202012 minSeason 1Ep. 52
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android