Colm Mac Gearailt
Labhraíonn Colm Mac Gearailt le Seán faoina shaothar aisteoireachta agus é i ról Bhriain Mac Donagh ar Ros na Rún , a chuid físdhánta - Deor(a)íocht ina measc - a PhD, a chuid oibre mar staraí agus léachtóir agus go leor leor eile.

Labhraíonn Colm Mac Gearailt le Seán faoina shaothar aisteoireachta agus é i ról Bhriain Mac Donagh ar Ros na Rún , a chuid físdhánta - Deor(a)íocht ina measc - a PhD, a chuid oibre mar staraí agus léachtóir agus go leor leor eile.
Labhraíonn Hannah Rua Ní Bhaoill le Seán faoi méid iontach atá ar siúl aici, Féile na Gealaí ar líne ach go háirithe - oíche ar Youtube ina bhfuil JJ Ó Dochartaigh, Emma Ní Fhíoruisce, Clann Mhic Ruairí agus Tadhg ag cur seiteanna beo i láthair.
Labhraíonn Joe Kelly le Seán faoi Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann, a bhronnadh duaiseanna le déanaí, ar Máire Zepf agus ar Kim Sharkey do leabhair Ghaeilge. Déanann Joe cur síos ar an obair atá ar siúl ag CBI le léitheoireacht do pháistí a chur chun cinn.
Labhraíonn Stiofán Ó Fearaíl le Seán faoina aistear ceoil, ar dtús le TG Lurgan (ina ndeachaigh siad 'viral' ar fud an domhain le Avicii V Lurgan) agus ansin le Seo Linn, banna ceoil atá i ndiadh rath agus séan a bhaint amach ar fud na cruinne le hamhráin trí Ghaeilge. Déanann Stiofán a shaothar teilifíse, tiomsaitheoir airgid do Self Helf Africa agus go leor leor eile a phlé.
Labhraíonn Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal Chonradh na Gaeilge, le Seán faoi Gaeltacht X - leathanach iontach ar Instagram agus TikTok atá a chur ar fáil do dhaoine óga le pobal ar líne a chruthú trí Ghaeilge.
Labhraíonn Tadhg, ceoltóir agus cumadóir, le Seán faoina chuid ceoil, na ceolchoirmeacha beo, an phróiséas scríbhneoireachta agus cúrsaí faisean, agus faighimid blaiseadh iontach den saothar atá le theacht uaidh.
Labhraíonn Áine Ní Bhreasláin, craoltóir raidió le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina clár Bladhaire (a bhain gradaim ag an Celtic Media Festival', a podchraoladh Beo Ar Éigean le Siún Ní Dhuinn agus Sinéad Ní Uallacháin, a cuid oibre sna meáin agus go leor leor eile.
Labhraíonn Darragh Ó Caoimh le Seán faoina shaothar filíochta, féile 'Half Moon Festival', Gaeltacht X, an saol ollscoile agus go leor leor eile.
Labhraíonn Eoin Ó Dubhghaill le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta, a shraith nua Le Ceangal (ar Bloc TG4), Ros na Rún, Grace Harte, Aifric , a scannán nua Arracht agus 'End Meeting' - páirt den sraith 'Dear Ireland' le Amharclann na Mainistreach.
Labhraíonn Daniel O'Donnell, sár-réalta ceoil na hÉireann, le Seán faoin méid a bhí ar siúl aige i rith na pandéime agus faoina shaothar ceoil agus teilifíse.
Labhraíonn Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Seán faoi na dúshláin móra atá ann don Ghaeilge agus ceantair Gaeltachta. Déanann sé cur síos ar fheachtas 'Caomhnú Ráth Chairn' atá ag iarraidh stop a chur le tionscadal mór tógála sa cheantar.
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Seán faoina clár raidió 'Afra Éire' ar Raidió na Life, a físeán iontach 'What Does Irishness Looke Like?', togra nua atá idir lámha aici 'Beyond Representation' agus go leor leor eile.
Labhraíonn Jack ó An Deoraí le Seán faoina shaothar, idir cheol agus ealaín, an chumadóireacht agus na físeáin, na daoine atá ina thionchar air agus an fís ceoil atá aige.
Labhraíonn Aodhán Ó Maoileoin le Seán faoina chuid oibre mar iriseoir le TG4 agus an clár 7Lá agus an tiomsaitheoir airgid iontach 'Le Chéile do Mollaí'. Déanann sé an singil nua 'Lean On Me' le hAmhránaithe Cois Farraige don charthanacht a phlé chomh maith.
Labhraíonn Marcus Mac Conghail le Seán faoina shaothar ceoil agus scríofa, an sraith raidió Meascra (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus an bailiúcháin scríofa Meascra Ón Aer a tháinig ón chlár.
Labhraíonn Áine Ní Churráin le Seán faoina 40 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, na cuimhní is fearr atá aici ón ré sin agus na clárcaha stairiúla atá déanta aici - Barrscéalta agus Líon Tí ina measc.
Labhraíonn Kitty Ní Houlihan le Seán faoina saothar mar bhanríon drag, an faisean a bhíonn a chruthú aici, na banríona atá ina thionchar uirthi agus a grá don Ghaeilge.
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoina cuid oibre sna meáin – a clár raidió ar BBC Sounds Blas 5x5, a cuid saothar teilifíse, Féile na Gealaí, Laochra Loch Lao, faisean inbhuanaithe, Gaeltacht Bhéal Feirste agus go leor leor eile.
Labhraíonn Cárthach Bán Breathnach le Seán faoina chuid oibre sna meáin chumarsáide - an podchraoladh 'An Spota Dubh' a dhéanann sé le Cian Ó Griallais, a chuid oibre mar reachtaire spóirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, SportsMind Ireland, C.L.U.B. ar TG4 agus go leor leor eile.
Labhraíonn Rónán Ó Dálaigh le Seán faoi Thriftify , fiontar gnó nua san fhaisean agus in earraí inbhuanaithe. Déanann Rónán cur síos chomh maith ar a chuid oibre mar ghníomhaí agus mar fhiontraí agus é ag cur cúiseanna tábhachtacha ar nós ‘Extinction Rebellion’ agus teifigh in Éirinn go mór chun cinn.
Labhraíonn Seán le Dara Devaney faoin dráma ‘drive-in’ nua – Fiach – atá a chur i láthair ag Fíbín agus an Taibhdhearc, an dá ainmniúchán a fuair Dara ag na IFTAs 2020 (do Finky agus Arracht ), an sraith theilifíse An Klondike agus a shaol mar aisteoir.