Labhraíonn Seosamh Mac Seoin (Joseph Jones) le Seán faoina shaothar mar aisteoir (fógraí theilifíse, dráma ar stáitse agus físeáin cheoil) agus mar mhainicín i Nua Eabhrac. Tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua Eabhrac, Londain agus Páras agus saothar irisleabhair i leithéidí Vogue. Insíonn sé do Sheáin faoin obair a dhéanann sé le Strength to Strength, carthanacht a chabhraíonn le daoine a d'fhulaing mar gheall ar sceimhlitheoireacht.
Jan 29, 2021•14 min
Labhraíonn Aoife Scott faoin méid iontach atá bainte amach aici sa cheol go dtí seo. Déanfaimid comhrá faoina albaim 'Carry The Day' (2016) agus 'Homebird' a tháinig amach anuraidh, agus a singil is déanaí 'Sweet October'. Pléann sí tábhacht an cheoil tíre ina saol féin agus i gcoitinne agus insíonn sí dúinn faoina aistear ceoil, na rudaí is mó atá ina thionchar ar an stíl uathúil atá aici agus na buaicphointí is mó atá aici go dtí seo.
Jan 29, 2021•25 min
Labhraíonn Danny Mac Eachmharcaigh le Seán faoi na scéalta móra is déanaí lena charachtar Niall ar Ros na Rún. Insíonn sé do Sheáin faoin méid atá idir lámha aige faoi láthair - tograí nua scríbhneoireachta san áireamh - agus na nithe is mó atá ina thionchar ar a stíl scríbhneoireachta, stiúrthóireachta agus léiritheoireachta féin. Labhraíonn sé faoina scannán iontach Tyre Kickers a tháinig amach anuraidh chomh maith.
Jan 29, 2021•16 min
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoina clár úr 'Croí na Ceiste' a bheidh ar BBC2 oíche Dé Luain ag 10in. Beidh Caoimhe ag déanamh taighde agus iniúchadh ar Croí na Ceiste faoi cóireáil coiméideacha agus insíonn sí dúinn faoin bpróiseas a bhí i gceist leis an chlár a léiriú agus a thaifead, agus na daoine a chas sí orthu. Déanann sí cur síos ar an méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair - saothar raidió, modúl atá a thabhairt aici in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus sraith thei...
Jan 29, 2021•18 min
Labhraíonn Kobara (Keith Ó Briain) le Seán faoina singil nua Addict To Your Love, a EP Five Lovely Poisons, a shaothar le Seo Linn, amhrán úr le Oh Bryan agus go leor eile. Tugann sé súil siar ar a haistear ceoil, na buaicphointí is mó atá bainte amach aige go dtí seo agus méid atá fós le teacht i 2021.
Jan 29, 2021•20 min
Labhraíonn Marie Bheag Breathnach le Seán faoina cuid saothar i Ros na Rún ó thosaigh sí ar an tsraith sa bhliain 2002. Insíonn sí do Sheáin faoina scéal mór is déanaí lena carachtar Mo Gilmartin, a mharaigh Frances ar Ros na Rún níos luaithe i sraith 25. Tugann Marie súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag obair ar Ros na Rún go dtí seo, na scéalta atá déanta aici agus na rudaí is fearr faoi bheith ag aisteoireacht ar an tsraith.
Jan 24, 2021•23 min
Labhraíonn an Deoraí le Seán faoina singil nua 'Phase' atá díreach eisithe agus faoin bhfíseán ceoil a bhí stiúrtha ag Gerard Walsh. Tá comhrá álainn acu faoin stíl uathúil draíochtach atá ag an Deoraí, na hamhráin atá eisithe go dtí seo (Sceimhlitheoir, Concréit Fhuar, Digiteach agus Páiste Bocht) agus an méid atá le theacht i 2021.
Jan 22, 2021•21 min
Labhraíonn an réalta ceoil, raidió agus teilifíse Fiachna Ó Braonáin le Seán faoina aistear ceoil inár bhain sé rath agus séan a bhain sé amach ar fud an domhain. Déanann sé cur síos ar a shaothar leathan, a chuid ceoil solo, leis na Hothouse Flowers, le Prenup agus go leor ceoltóirí eile. Tá comhrá againn faoina chuid cláracha raidió 'Late Date' (ar RTÉ Radio 1) agus 'An Seomra Glas' (ar RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus a ról úr i Ros na Rún mar Luke Ó Braonáin.
Jan 22, 2021•34 min
Labhraíonn Julie Anne de Brún, múinteoir bunscoile le B.Oid, iarcheim san oideachas speisialta agus máistreacht san ICT, le Seán faoi conas Gaeilge a chur chun cinn ar scoil, sa chlann agus sa phobal. Tugann sí léargas den scoth dúinn ar an dátheangachas agus ilteangachas, oideachas bunscoile, na ceardlanna ceoil 'Colourstrings' a chuireann sí i láthair, a cuid saothar ar líne, an méid atá déanta aici le Gaeilge a chur chun cinn le Gaeilge Mhaigh Chuilinn agus Mother Tongues Ireland agus neart e...
Jan 22, 2021•38 min
Labhraíonn Donncha Ó Murchú le Seán faoina ról nua mar láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4. Tugann sé súil siar ar a thaithí agus a shaothar iontach le Molscéal agus mar thráchtaire agus craoltóir spóirt ar an raidió, seal torthúil a chaith sé i Montana agus a aistear iománaíochta le club CLG Cill Mochuda na Crócaigh.
Jan 15, 2021•17 min
Labhraíonn Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir agus bunaitheoir Fíbín, le Seán faoin méid a bhí ar siúl ag Fíbín le bliain anuas (an dráma drive-in Fiach, an dráma meánscoile An Triail agus neart eile). Déanann sé cur síos ar an tsraith is déanaí de Cúla4 ar Scoil atá ag tosú ar TG4, an clár theilifíse Samhlú a chraoladh ar TG4 thar an Nollag agus Is Eolaí Mé, sraith ar a bhfuil leabhar nua a fhoilsiú go luath.
Jan 15, 2021•19 min
Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoi thogra úr atá idir lámha aici le TG Lurgan agus Urdd Gobaith Cymru. Faighimid amach faoin saothar leathan raidió atá aici le Raidió na Life, a ainmniúchán do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020, a clár nua Ceap Do Shuaimhneas, Meon na mBan (a fuair ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020), Ar Leac Mo Dhoras (a bhain Gradam CRAOL 2020) agus neart eile. Insíonn sí dúinn faoina saotha...
Jan 15, 2021•29 min
Labhraíonn Richie Conroy le Seán faoina ról nua mar Scríbhneoir Cónaithe le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn sé do Sheán faoina úrscéal Dialann Emily Porter: An Jailtacht agus an dara leabhar sa tsraith Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal a bhuaigh gradam i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i 2020. Tugann sé léargas dúinn ar an réimse leathan scripteanna a scríofa aige do scannáin agus cláir theilifíse ar nós Two By Two , Two By Two: Overboard agus Fran: Assistant Mana...
Jan 15, 2021•25 min
Insíonn Ciara Ní É, Sinéad Ní Uallacháin, Cian Ó Dubhshláine, Caoimhe Ní Chathail, Colm Mac Gearailt, Matt Ó Baoill, Róisín Seoighe, Doireann Ní Ghlacáin, Áine Ní Bhreasláin, Ola Majekodunmi, Eoin Ó Dubhghaill, Cárthach Bán Breathnach, Kitty Ní Houlihan, Eoin McEvoy, Mícheál Ó Ciaraidh agus Muireann Nic Amhlaoibh dúinn faoi na rúin athbhliana atá acu do 2021.
Jan 09, 2021•7 min
Labhraíonn Aindriú De Paor le Seán faoin chuid oibre le RTÉ 2FM agus an taithí a bhí aige le Raidió na Life, RTÉ agus BLOC TG4 thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí go léir a tharraing i dtreo ne craoltóireachta é agus na cuimhní is fearr agus is greannmhara atá aige go dtí seo. Tugann sé léargas dúinn ar thiomsaitheoir airgid a rinne sé do Naomh Uinseann de Póil le gairid agus an méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair.
Jan 09, 2021•37 min
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Seán faoina cuid oibre le hICUF in Ottawa, Ceanada agus faoin saothar iontach a chruthaíonn sí don leathanach Instagram @dochailinrut. Insíonn sí do Sheán faoina taithí le ilteangachas agus í ag fás aníos I Rath Chairn, na rudaí is fearr faoin gceantar sin agus pobal na Gaeilge in Ottawa. Tugann sí léargas dúinn chomh maith ar a cuid scríbhneoireacht, filíocht agus amhráin ach go háirithe.
Jan 09, 2021•21 min
Labhraíonn Bronwyn, Tarach, Evan, Glen agus Matthew ó Grooveline le Seán faoin EP nua – Blind – atá eisithe acu, bailiúchán amhráin den scoth. Déanann siad cur síos ar na daoine agus na seánraí atá ina thionchar ar an gceol, an próiseas scríbhneoireachta agus taifeadta agus na cuimhní is fearr atá acu go dtí seo, ‘Blind’, ‘Deis Dall’ agus ceolchoirm ollmhór sa Glen Centre ina measc.
Jan 09, 2021•15 min
Labhraíonn Éanna Ó Conchúir, imreoir aitheanta le club CLG An Ghaeltacht le Seán faoin gym nua – Beo Fitness- atá bunaithe aige. Insíonn sé dúinn faoin ghnó nua agus tugann sé súil siar ar a chuid cuimhní is fearr le An Ghaeltacht go dtí seo, an lá a bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ina measc. Tugann sé comhairle mhaith dúinn chomh maith ó thaobh sláinte agus aclaíochta de, do 2021.
Jan 09, 2021•20 min
Labhraíonn Proinsias Ó Coinn le Seán faoina shaothar leathan ar an raidió – na cláir faisnéise atá déanta aige do BBC Radio 4 (Lacrimosa, Pen Pals agus To Whom It May Concern) agus Blas 5x5 ar BBC Sounds. Déanann sé cur síos ar thábhacht na scéalaíochta ina shaothar agus pléann sé ceisteanna móra saoil.
Dec 21, 2020•37 min
Labhraíonn Kevin Boushel le Seán faoina shaothar mar amhránaí agus mar chórchantaire, a thaithí le leithéidí an Marlborough Street Quartet agus Cór Palestrina, na daoine a spreag é le bheith ina amhránaí agus a shaothar mar láithreoir raidió le Raidió na Life.
Dec 21, 2020•26 min
Labhraíonn Mícheál Ó Ciaraidh le Seán faoina chomhlacht úr MÓC², na buaicphointí is mó ó bunaíodh an comhlacht i mbliana agus an méid atá ar siúl acu faoi láthair. Insíonn Mícheál dúinn faoina chuid pleananna don Nollaig agus na rúin atá pioctha aige don bhliain úr.
Dec 21, 2020•28 min
Labhraíonn Tomaí Ó Conghaile le Seán faoi Ghradaim Ceoil Nós, atá ag tarlú ag tús 2021 agus moltaí sna rannóga a chuartú ón phobal ag Nós do na rannóga go léir. Déanann Tomaí cur síos ar thábhacht an t-airneán cheoil Ghaelach agus insíonn sé do Sheáin faoina shaol agus a chuid oibre sa Bhruiséil.
Dec 14, 2020•23 min
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin agus Clíodhna Ní Dhufaigh ó na Gaelgals le Seán faoina podchraoladh nua ‘Podchraoladh na Gaelgals’, an bealach a chas siad ar a chéile san ollscoil, an t-aistear atá déanta acu ó shin agus go leor eile.
Dec 14, 2020•16 min
Labhraíonn Marcas Mac an Tuairneir le Seán faoina shingil nua Fichead 's A H-Ochd, a shaothar ceoil le Trosg, an Inverness Gaelic Choir agus go leor eile. Tugann sé léargas dúinn ar a shaothar filíochta ( Deò agus Lus na Tùise) agus drámaíochta ( ar nós 'Tilleadh' agus 'Tioradh’), a shaothar leathan agus neart eile.
Dec 14, 2020•14 min
Labhraíonn Darren Ó Dubhgáin le Seán faoina ról úr mar láithreoir aimsire agus leanúnachas ar TG4, amhránaíocht ar an sean nós, a shaothar le Cúla 4 ar Scoil agus mar chomhordaitheoir meáin shóisialta le TG4 agus a chuid pleananna don Nollaig agus an bhliain úr.
Dec 14, 2020•15 min
Labhraíonn Gráinne Ní Ghilín le Seán faoina ról úr mar stiúrthóir Cultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste, draíocht na Ceathrún Gaeltachta, cearta teanga ó thuaidh, a saothar leathan iriseoireachta agus neart eile.
Dec 14, 2020•38 min
Labhraíonn Eoin McEvoy le Seán faoina éistphéist nua ‘Seo Mo Spás’, a bhí ag treochtáil ar líne – amhrán a scríobh sé d’oíche mhór REIC, lán le tagairtí do shaol na Gaeilge. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre le hUCD, Aerach Aiteach Gaelach, Bród Bhaile Átha Cliath an Queercal Comhrá, cur Gaeilge chun cinn thar lear agus go leor eile.
Nov 29, 2020•32 min
Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoina saothar agus a cuimhní raidió agus teilifíse – mar láithreoir ar Beo ar Éigean agus Beidh Mé Ar Ais, mar mholtóir ar Réalta agus Gaolta agus mar léiritheoir ar Tús Áite. Déanann sí cur síos ar na laethanta saoire is fearr léi, tábhacht na cruthaíochta ina saol agus léir mór eile.
Nov 29, 2020•28 min
Labhraíonn Colm Mac Gearailt le Seán faoina chuid oibre ar Ros na Rún agus na scéalta móra lena charachtar Briain. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre mar léachtóir, na rudaí a thugann inspioráid dá chuid físdhánta agus caide mar a chaith sé an dianghlasáil.
Nov 29, 2020•23 min
Labhraíonn Seán Ó Baoill le Seán faoina shaothar teilifíse - an tsraith nua An Teach Seo Againne (RTÉ) a rinne sé a stiúradh, na sraitheanna An Focal Scoir agus I Lár an Aonaigh (BBC Thuaisceart Éireann) agus Ros na Rún (TG4), ina ndéanann sé ról Adam. Insíonn sé do Shéan faoi na cláir teilifíse is mó a thaitníonn leis agus a chuid pleananna don Nollaig agus an bhliain úr.
Nov 22, 2020•18 min