Raidió na Life 106.4FM - podcast cover

Raidió na Life 106.4FM

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Treoraigh do Thodhchaí - Grace D'Arcy

Grace D'Arcy, Bainisteoir Cláir, Academy of the Near Future i gColáiste na Trionóide ag labhairt faoin tionscnamh nua do dhaoine óga le nuálaíochtaí comhshaoil a spreagadh tríd an nGaeilge agus traidisiúin a bhaineann léi.

Jan 27, 202510 min

Sliocht - Frances Morton

Tugann an fliúiteadóir Glaschúch léargas dúinn ar cruthú a céad albam Sliocht.

Jan 27, 20258 min

Sraith Iomána Babhta 1

Bhí Paudie O Neill ag plé tús maith i Roinn 1A ag Corcaigh , Cill Chainnigh agus Tiobraid Arainn, agus an struchtúr nua sa sraith.

Jan 27, 202520 min

Sraith Peile Babhta 1

Phlé Rónán Ó Beoláin na cluichí ó Roinn 1 na sraithe peile le Cárthach, tionchar na rialacha nua agus imreoirí a sheas amach.

Jan 27, 202516 min

Scrathóg - S2E20 - Cluiche Ceannais AFC & NFC

Táimid buailte ag cluiche ceannais an AFC agus an NFC. Beidh na Bills ar ais in Arrowhead arís agus iad ag iarraidh an Super Bowl a bhaint amach don chéad uair ó 1993, nuair a chailleadar i gcluiche cheannais an Super Bowl don ceathrú uair ó a bhí 1990 ann. Ar thaobh an NFC, beidh cath an NFC East againn in Philadelphia, tar éis bua mór do na Commanders i gcoinne na Detroit Lions. Beidh súil ag na Eagles dul ar ais chuig an Super Bowl le Jalen Hurts agus toradh difriúil a fháil ar an méid a thar...

Jan 24, 202542 min

NFL - Craobhacha AFC agus NFC

Níl fágtha againn anois ach ceithre fhoireann agus na cluichí craobha don AFC agus NFC ag an deireadh seachtaine, na cluichí leathcheannais don Super Bowl. Bhí Brian Barry agus James Ó Flatharta linn agus muid ag breathnú ar na cluichí agus na mórscéalta ar fad.

Jan 23, 202530 min

Laura Heeney & Tradfest

Agallamh le Laura Heeney, atá i ról Penny i Ros na Run ar TG4; Ag ceiliúradh an Tradfest, Nuacht ó ExtraG.ie agus na nathanna cainte.

Jan 22, 202515 min

Fada is Fairsing 21ú Eanair 2025

Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fògartha an tseachtain seo caite.

Jan 21, 202529 min

Laochra Gael - Sarah McCoy

Agus tús á chur an tseachtain seo leis an tríú sraith is fichead den chlár, labhraíonn muid leis an léiritheoir Sarah McCoy.

Jan 21, 202511 min

Coimisiún na Meán - Rónán Ó Domhnaill

Cé nach bhfuil sé ar an bhfód ach nach mór dha bhliain, tá dualgaisí agus freagrachtaí Coimisiún na Meán ag dul i méid ó bunaíodh iad. Chomh maith le sin, b’fhéidir an dualgas is mó atá acu anois ná neamhspeachás na meáin a chosaint. Bhí deis cainte againn le Rónán Ó Domhnaill chun torthaí an scéim urraíochta acu a phlé.

Jan 21, 202514 min

Ceol Úr ó James Shannon

James Shannon ag labhairt faoin singil nua le IMLÉ, an 2024 gnóthach a bhí aige agus pleananna don bhliain úr.

Jan 21, 202510 min

Cath mór idir Allen agus Jackson

Ceithre chluiche iontacha le teacht ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr b'fhéidir ná an cluiche idir na Ravens agus na Bills agus Josh Allen agus Lamar Jackson ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Bhí muid ag caint le Emmet Ryan agus Brian Barry faoi seo agus na cluichí eile ar fad.

Jan 16, 202536 min

Scrathóg – S2E19 – Babhta Divisional

Beidh na Kansas City Chiefs agus na Detroit Lions ar ais linn don Babhta Divisional tar éis an sos acu an tseachtain seo chaite. Beidh Patrick Mahomes ag tabhairt aghaidh ar cosaint na Heuston Texans, agus na Lions ag imirt i gcoinne Jayden Daniels agus na Washington Commanders. An leanfaidh séasur dochreidte na Philadelphia Eagles ar aghaidh i gcoinne na LA Rams, agus cé a bheidh an bua acu i gcluiche na MVPs: Jackson agus na Ravens, nó Allen agus na Bills?

Jan 16, 202548 min

Ré Ó Laighléis Cuid 1

An chéad chuid den chomhrá a bhí ag Rossa Ó Sioradáin le Ré Ó Laighléis i mí na Nollag.

Jan 15, 202513 min

Scéalta reatha 150125_Félim Ó Maolmhána

Plé ar na comhráití faoi bhunú rialtais nua, sos cogaidh ar deireadh thiar i nGaza (?), agus deacrachtaí rialtas an Lucht Oibre sa Bhreataine. 150125

Jan 15, 202527 min

An Ghaeilge ar politics.ie

Agallamh le Darren J Prior faoi an Ghaeilge ar politics.ie, na nathanna cainte agus scéalta nuachta ó ExtraG.ie

Jan 14, 202518 min

Sing in Irish - Eoin Ó Conchúir

Tá cúrsaí teanga á chur ar fáil ag Bitesize Irish le cúig bhlian déag anuas agus i mbliana tá cúrsa iomlán núa curtha ar fáil acu, Sing in Irish. Insíonn Eoin Ó Conchúir dúinn faoi.

Jan 13, 202511 min

Fada is Fairsing 14ú Eanair 2025

Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó Dubháin, ar cheoltóir proifisiúnta é sa Bhruiséil.

Jan 13, 202524 min

Scéalta reatha_Félim Ó Maolmhána

Plé ar thoghcháin an tSeanaid anseo in Éirinn, iompar Elon Musk agus é ag tacú le páirtithe ar an eite dheis ar fud na hEorpa, agus Justin Trudeau ag éirí as i gCeanada.

Jan 10, 202524 min

Na Playoffs ag Tosú

Tús á gcuir leis na Playoffs an deireadh seachtaine seo agus 6 chluiche mhóra ann. Labhair muid le Naoise Waldron agus James Ó Flatharta maidir leis na mórscéalta ar fad.

Jan 09, 202547 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android