Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.
Feb 17, 2025•26 min
Insíonn an file agus léachtóir ó Ollscoil Luimnigh dúinn faoina tionscnamh ceannródaíoch le soinéid William Shakespeare a aistriú go Gaeilge ag baint úsáid as peintiméadar iambach.
Feb 12, 2025•28 min
Cormac ó Dubhláine ó Chumann Gaelach UCD ag tabhairt léargas dúinn ar chlár pacáilte na bliana.
Feb 12, 2025•6 min
Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir BÁC le Gaeilge ag labhairt faoi feinimeán na Pop Up Gaeltachta, a stair agus a thodhchaí.
Feb 11, 2025•7 min
Téann Liam O'Connor ón Taisce Cheol Dúchais Éireann tríd clár na sraithe a rithfidh ón 14ú - 19ú Feabhra in ITMA ar Chearnóg Mhuirfean.
Feb 11, 2025•15 min
Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.
Feb 11, 2025•26 min
Daithí Mac Uait ó Chumann Cultúrtha Mhic Reachtainn ag caint linn faoin imeacht a tharlóidh in Áras Mhic Reachtainn ag deireadh na míosa.
Feb 11, 2025•9 min
Éanna Ó Caollaí, Eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times, ag plé ceist mhaoinithe Fhorais na Gaeilge linn, atá fós gan réiteach breis agus seachtain ó gur fhoilsíodh nach mbeidh siad in ann tacaíocht a bhí beartaithe a chuir ar fáil do thograí Gaeilge ar fud na tíre.
Feb 11, 2025•12 min
Agallamh le Jake Óg ó na Shan Vans faoina dtionscadal nua faoin bPalaistín agus faoina gceol a thugann dúshlán do choilíniú an lae atá inniu ann. Le nathanna cainte agus scéalta nuachta ó ExtraG.ie
Feb 11, 2025•18 min
Comhrá le Mel Ó Súird faoin taighde atá ar bun aige mar chuid den Ionad Leighis Domhanda i gColáiste na Trionóide.
Feb 10, 2025•23 min
Comhrá le Helena Ní Bhrollacháin de chuid Coiste Seachtain na Gaeilge Sult na Sollán agus Chill Dara le Gaeilge faoi sheoladh Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí eile le linn an fhéile.
Feb 10, 2025•5 min
Tá na Kansas City Chiefs ag cuartú 3 bua Superbowl as a chéile - rud nach bhfuil déanta i ré an chomórtais. Ag seasamh sa bhealach, tá Saquon Barkley agus na Philadelphia Eagles. Cé acu a bheidh an bua in New Orleans?
Feb 09, 2025•42 min
An séasúr NFL ag teacht chun críche agus cluiche iontach a bheidh ann cinnte le na Chiefs agus iarraidh an tríú Super Bowl as a chéile a bhuachaint i gcoinne na Eagles. Bhí Naoise Waldron agus Emmet Ryan linn chun na mórscéalta ar fad a phlé.
Feb 07, 2025•32 min
Tá áthas ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus TG4 “Scoil Choille,” a sheoladh, sraith nua 12 clár a chuirfidh páistí idir 5-9 mbliana d’aois faoi gheasa ag áilleacht na cruinne nádúrtha. D'inis an láithreoir Gráinne Holland dúinn faoin a bhfuil i gceist leis an clár nua.
Feb 06, 2025•12 min
Beidh Julie Jay ar an stáitse ar an 9ú Feabhra i Whelan's. D'inis sí dúinn faoi a seó nua.
Feb 06, 2025•12 min
Bhí Fiach Moriarty ag labhairt linn faoin albam nua aige 'Liberties' agus nuacht aige freisin faoi ghearrliosta Gradam Folk RTÉ.
Feb 06, 2025•10 min
Peadar Cox, an traenálaí gutha ar an scannán nua dátheangach ag labhairt faoin dúshlán Gaeilge shochreidthe a fháil ó aisteoirí gan focal acu.
Feb 05, 2025•16 min
Bhí deis cainte againn le Mháirín Mhic Lochlainn atá ag glacadh páirt Jude i Ros na Rún i mbliana.
Feb 05, 2025•9 min
Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ag labhairt linn faoi na ciorruithe atá le déanamh ag an bhForas ar mhaoiniú d'eagraíochtaí Gaeilge agus ar scéimeanna maoinithe Gaeilge de bharr easpa leanúnach maoinithe an fhorais trasteorainn.
Feb 05, 2025•17 min
Bhí Nóra Ní Anluain Fay ag labhairt linn faoi croíbhriseadh agus a seó nua, 'Please Break My Heart'. Seó aonarach atá ann atá le feiceáil in Amharclann Scabhat Smock ar an triú lá déag agus an ceathrú lá déag de mí Feabhra 2025.
Feb 04, 2025•14 min
Agallamh le Andrea Palandri, a bhí ar an guthán ó Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoin albam nua aige, 'An Veidhlín Muimhneach'.
Feb 04, 2025•14 min
Agallamh le Aisling Nic Artáin ón gComhairle Ealaíon.
Feb 04, 2025•15 min
Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.
Feb 04, 2025•26 min
Ceann de na féilte rásaíochta is fearr agus an DRF ar bun ag an deireadh seachtaine. 9 gcinn de rásaí Grád 1 agus bhí Paddy Demond linn agus muid ag breathnú ar na rásaí ar fad.
Jan 31, 2025•31 min
Beidh tús spleodrach leis an gcraobh i mbliana agus Sasana ag teacht go Baile Átha Cliath don chéad chluiche sa bhfeachtas. Bhí Conán O'Donnell linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Jan 30, 2025•18 min
Ciarán Ó Cofaigh, scríobhneoir agus ceann de léiritheoirí na sraithe RTÉ ar ábhar féilte ársa na tíre. Craolfar an dara chlár sa tsraith ar fhéile Imbolg an Luan seo chugainn.
Jan 28, 2025•17 min
Labhair Rob O'Connor, léiritheoir na sraithe TG4 linn agus an cuardach tosaithe d'iomaitheoirí óga chun seasamh ar son na hÉireann sa Junior Eurovision i mbliana.
Jan 28, 2025•10 min
Labhair an veidhleadóir Veinéiseach linn faoina chéad albam aonair, an saol i gCorca Dhuibhne agus cúpla rud eile.
Jan 28, 2025•13 min
Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne.Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol san Éigipt, an chúis gur bhog sí ann agus na difríochtaí cultúrtha leis an tír.
Jan 28, 2025•28 min
Labhair an TD Mairéad Farrell linn faoi thubaiste Stoirm Éowyn i gConamara agus na laigí san infreastruchtúr agus seirbhísí sa cheantar a ghéaraí éifeachtaí na stoirme.
Jan 28, 2025•8 min