Raidió na Life 106.4FM - podcast cover

Raidió na Life 106.4FM

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Félim Ó Maolmhána_Scéalta reatha

Scéalta reatha: Cúrsaí polaitiúla san Ostar gan rialtas nua fós, tar éis céad lá ón olltoghchán, Rialtas nua sa tír seo ag braith ar thacaíocht Michael Lowry agus bás Jean Marie Le Pen sa bhFrainc

Jan 08, 202522 min

Fada is Fairsing 24ú Nollaig 2024

Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg.

Dec 24, 202425 min

Scrathóg – S2 E17 – Sí an Nollaig í!

Tá bronntanas deas faighte againn i mbliana agus dhá cluiche ar súil ar Lá Nollag. Cé go bhfuil ach coicís fágtha, tá an-chuid le dhéanamh faoi cá háit a bheidh na foirne ar fad faoi dheireadh na bliana, agus cluichí iontach tábachtach ag tarlú ag an deireadh seachtaine.

Dec 23, 202440 min

Cúrsaí Cultúrtha leis an gComhairle Ealaíon

Aisling Nic Artáin, Ceannasaí Gaeilge an Chomhairle Ealaíon ag breathnú ar ais ar na himeachtaí agus scéimeanna chultúrtha atá tacaithe ag an gComhairle i 2024.

Dec 19, 202420 min

Rónán Ó Domhnaill - Coimisiún na Meán

Tugann Rónán Ó Domhnaill as Coimisúin na Meán a léargas dúinn ar thorthaí an suirbhé a choimisinigh an Choimisún i leith an Ghaeilge sna meáin.

Dec 19, 202414 min

Scrathóg - S2E16 - Gortú Patrick Mahomes & Féidearthachtaí na Playoffs

Tá an-chuid gortuithe ag na Detroit Lions faoi láthair, comh maith le amhras ag na Kansas City Chiefs faoi Patrick Mahomes agus é gortuithe i gcoinne na Browns. Ar cheart dó imirt i gcoinne na Texans dé Sathairn? Agus an mbeidh aon athrú idir anois agus deireadh na bliana ar na foirne sna playoffs?

Dec 18, 202442 min

Fada is Fairsing 10ú Nollaig 2024

Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Briana Ní Loinsigh as New Jersey, ina cónaí i Nua Eabhrac anois, faoina turas foghlama teanga leis an nGaeilge and leis an bPolainnis, a blag agus neart eile!

Dec 17, 202425 min

Fada is Fairsing 17ú Nollaig 2024

Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin agus faoin gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi lánúin ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa chathair dar teideal La Vie sa Bhruiséil.

Dec 17, 202426 min

Scrathóg – S2E15 – Na Dallas Cowboys ar Shlí na Fírinne

Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Bengals ar an Luain, ní bheidh na Cowboys sna playoffs i mbliana. Ach cé a bheidh? Tá iomaíocht géarr chun na playoffs a bhaint amach, agus ach ceithre seachtain fágtha den gnáth-séasúr.

Dec 12, 202438 min

Naoise O Cearuil TD FF

Agallamh leis an dTeachta Dála nuathofa do Chill Dara Thuaidh, Naoise Ó Cearúil. Cén tuairim atá aige faoi rialtas nua? An ceart d'Fhianna Fáil labhairt le Sinn Féin?

Dec 09, 202410 min

Briseadh Croí san Aviva

Bhí imreoir Shamrock Rovers agus imreoir faoi aois na hÉireann Scarlett Herron ag caint le Cárthach faoin cluiche cinniúnach ar an Máirt sa Staid Aviva.

Dec 06, 202418 min

Scrathóg - S2E14 - Saqoun Barkley: MVP?

An iad Saqoun Barkley agus Josh Allen an beirt fágtha sa rás don MVP? An gcosnóidh fadhbanna Justin Tucker cluiche do na Ravens sna playoffs? An bhfuil na Packers in ann bua ollmhór a fháil ar na Lions?

Dec 05, 202443 min

Fada is Fairsing 3ú Nollaig 2024

Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de thionscadal ilchultúrtha comhpháirtíochta a raibh Oideas Gael ar cheann de 5 chomhpháirtí Eorpacha ann. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán Dunbar faoin gcúrsa Ghaeilge na hAlban ar an Oileán Sgitheanach m...

Dec 03, 202428 min

An Ghaeilge sa Seanad - Seán Ó Coinn

Agus an toghchán don Seanad ag tarlú go luath, tá Foras na Gaeilge ag lorg duine chun seasamh ar son na Gaeilge agus an Ghaeilge amháin i dtithe an Oireachtais. Bhí seans againn labhairt le Príomh Fheidhmeach an Fhorais.

Nov 30, 20247 min

Todhchaí Geal Gaelach - Daithí de Buitléir

Cé go bhfuil lión na ngaeilgeoirí ag dul i meid sa phríomhchathair, tá sé fós deacair go leor ar phobail na Gaeilge teacht ar bealaí agus áiteanna í a labhairt. Tá na ceithre bárdais áitúla tagtha le cheile chun Gaeilge 365 a chur ar bun chun an scéal sin athrú agus cuid lárnach de sin ná Todhchaí Geal Gaelach. Bhuaileamar isteach chucu chun tuilleadh eolais a fháil.

Nov 30, 202415 min

Ros na Rún - Laura Heeney

Níl Penny ach leandailte i Ros na Rún le mí nó dhó ach is cosúil go bhfuil sí tiomanta nach ndéanfar dearmad uirthi riamh! Ach go h-áirithe Manus bocht! Bhí deis cainte againn le Laura Heeney an t-aisteoir taobh thiar do Phenny faoi conas mar atá ag éirí leí sa jab nua.

Nov 30, 202412 min

Éire agus An Astráil

An cluiche deireanach sa tsraith seo agus foireann na hAstráile ag teacht go Baile Átha Cliath agus Joe Schmidt i gceannas. Bhí muid ag caint le Jeff Neville ó The Loose Head faoina mór scéalta ar fad.

Nov 27, 202433 min

Díospoireacht Prime Time - Eoin Ó Catháin

Eoin Ó Catháin, iar-comhfhreagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta ag caint linn faoin díopspóireacht idir Simon Harris, Micheál Martin agus Mary-Lou McDonald.

Nov 27, 202413 min

Plé ar scéalta reatha_Olltoghchán_Meánoirthear_ConorMcGregor

Labhair Félim Ó Maolmhána linn faoi dhíospóireacht teilifíse idir ceannairí na trí príomhpháirtithe ata ag iarraidh bheith i gceannas ar rialtas tar éis an olltoghchán. Chomh maith leis sin bhí ple ar an sos cogaidh sa Liobáin agus cás Conor McGregor. 271124

Nov 27, 202424 min

Gormacha - Clare Sands

Clare Sands ag labhairt faoina EP nua-eisithe agus conas mar a tháinig se le chéile.

Nov 26, 20249 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android