Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 103 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhraíomar le Bee Ní Choitir beo ó Hebron na Palaistíne, ag labhairt faoin saol ansin agus an obair atá á déanamh aici le Youth Against Settlements ansin, Chomh maith Roinn mé eolas faoi scoláireachtaí atá ar fáil faoi láthair do Mheiriceánaigh le teacht agus cúrsaí a dhéanamh i gceantair Gaeltachta na hÉireann i rith an tsamhraidh le www.fulbright.ie

Feb 23, 201618 min

Clár 102 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chulamar ó Sheaghan Mac An tSionnaigh faoi thuras a dhéanfaidh turas go Ceanada níos déanaí sa mhí ar son Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada ag iarraidh institiúidí nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa chlár agus glacadh le teagascóirí Gaeilge de chuid ICUF Eolas ar www.icuf.ie Chomh maith leis sin labhraíomar le Andréa Farrell a bheidh ag déanamh a chéad gig grinn aonair go luath i mBÁC faoin tábhacht a bhaineann leis an taisteal d'fhuirseoirí óga agus faoi na gigeanna...

Feb 02, 201631 min

Clár 101 - 2016 - Raidió na Life

Cloisfimid ó Eibhlin Zurell faoin stoirm uafásach atá ag bualadh cósta Oirthir na Stát Aontaithe faoi láthair agus ansin ó Oisín Montanari atá ag teagasc ar an gclár ICUF i bhFredricton, New Brunswick i gCeanada faoi láthair. Deiseanna scoláireachta éagsúla do Cheanadaigh agus d'Éireannaigh ar fáil. Féach www.icuf.ie i gcomhair tuilleadh eolais.

Jan 26, 201627 min

Clár 100 - 2016 - Raidió na Life

Ar Chlár 100 den tsraith idirnáisiúnta faoi chainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne, chualamar ó Róisín Nic Fhearghusa faoin obair atá á déanamh aici i Doha, Qatar. Chomh maith leis sin, d'fhill m'iarchomhláithreoir Eoin Ó Catháin ar an gclár beo ón mBruiséil le breathnú siar ar 100 clár de Fada is Fairsing agus ar chúpla scéal reatha ón mBruiséil agus na Stáit Aontaithe.

Jan 12, 201623 min

Clár 99 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Robert Henneberg linn ón mBruiséil faoi chúrsaí sa chathair ansin agus faoin mbagairt sceimhlitheoireachta a fógraíodh i gCathair na Mánach sa Ghearmáin ar Oíche Cinn Bliana, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin faoin bhfeachtas Habitat for Humanity a bhfuil sí féin agus daltaí na scoile Gonzaga i mBÁC ag obair air le tithe a thógáil i Zaimbia na hAfraice agus lá rásaíochta a dhéanfaidh siad chun airgead a thiomsú dó. Ar deireadh chualathas ó Pheadar de Brún as Swindon, Sasana ...

Jan 05, 201629 min

Clár 98 - 2015 - Raidió na Life

Agallamh speisialta a bhí ar an gclár seo ón tráchtaire Pj Mac Gabhann ag breathnú siar ar an méid atá tar éis titim amach san Eoraip agus sa MheánOirthear ó na hionsuithe a rinneadh ar Pháras go cúrsaí sa tSiria.

Dec 08, 201525 min

Clár 97 - 2015 - Raidió na Life

Clár speisialta d'Fhada is Fairsing a bhí anseo ag breathnú siar ar na hionsuithe a rinneadh ar Pháras le deireanas. Labhair Barra Ó Scanláin linn ó Lyon na Fraince, áit a bhfuil sé ar Erasmus agus ag obair faoin atmaisféar ansin an oíche sin agus meon na Francach faoi na hionsuithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheán Ó Baoill a bhí i bPáras seachtain i ndiaidh na n-ionsuithe faoin gcathair tar éis na tragóide.

Dec 01, 201528 min

Clár 96 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ón Ollamh Kevin Scannel, a oibríonn le mionteangacha agus cúrsaí teicneolaíochta i St Louis Missouri agus a labhair ag cómhdháil i mBaile Átha Cliath le déanaí faoina chuid taighde. Ar sheachtain bhrónach do Pháras tar éis ionsaí an Aoine, d'éisteamar siar le hagallamh a Rinne muid tamall ó shin le Caoimhe Ní Mhuilleoir faoi chúrsaí Gaelacha sa chathair ansin. Breathnóimid ar an tragóid níos doimhne an tseachtain seo chugainn.

Nov 17, 201525 min

Clár 95 - 2015 - Raidió na Life

Clár speisialta Ceanadach a bhí anseo le hAralt Mac Giolla Chainnigh ag labhairt faoin chúrsaí Gaeilge i gCeanada agus faoin turas atá á dhéanamh aige timpeall ar Éirinn leis an bpobal Gaeilge anseo a nascadh leis an bpobal thall ansin, Oireachtas na Samhna san áireamh. Chomh maith leis sin labhair muid le Geni Beretton i Montreal faoina turas féin go hÉirinn le déanaí a bhuaigh sí tar éis di buachan sa chomórtas ar an Sean-nós ag Oireachtas Gaeilge Cheanada an samhradh seo caite.

Nov 03, 201529 min

Clár 94 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Nikki Ragsdale, amhránaí sean-nóis agus Treoraí na Gaeilge le Comhaltas Cheoltóirí na hÉireann thall i Meiriceá Thuaidh, a bhí i láthair ag roinnt imeachtaí a eagraíodh do chuairt an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn i San Francisco na Stát Aontaithe i rith na seachtaine sin. Chomh maith leis sin, chualamar píosa cainte a rinne Naoise Waldron agus Síobhra Aiken ag Seisiún Eolais de chuid Fulbright na hÉireann le déanaí faoin nGaeilge i Montana, i Massachusettes agus go...

Oct 27, 201525 min

Clár 93 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Cóilín Duffy linn le labhairt faoin gCorn Domhan Rugbaí agus na cluichí a bhí ag Éirinn sna seachtainí beaga anuas. Chomh maith leis sin chulamar cúpla mír ó Sheisiún Eolais a bhí ag Coimisiún Fulbright na hÉireann le déanaí in oifigí Foras Na Gaeilge faoi na deiseanna atá ann do dhaoine le Gaeilge le Fulbright- píosa cainte a rinne an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD faoi chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus óráidí ó iarscoláirí Fulbright Síle Concanno...

Oct 20, 201521 min

Clár 92 - 2015 - Raidió na Life

Chualamar ar an gclár seo ó Brian Ó Broin faoin scaoileadh gunna in Oregon na Stát Aontaithe, óráid Obama ina leith agus na cúiseanna a bhfuil na dlithe gunna mar atá sa tír, Chomh maith leis sin labhair Barra Ó Scannláin linn atá ag déanamh bliana Erasmus i Lyon na Fraince faoi láthair faoin méid atá ar siúl aige thall.

Oct 06, 201530 min

Clár 91 - 2015 - Raidió na Life

Labhair Brian Ó Conchubhair linn ar an gclár seo faoi dhámhachtainí Fulbright atá ar fáil sa teicneolaíocht foghlama teangan in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin labhraíomar le Dan McDonald atá ag eagrú díolachán ealaíne do na teifigh in Calais agus sa tSiria a bheas ar siúl ar an 30 Meán Fómhair sa Workman's Club i mBAC agus bhí Siún Ní Cheallaigh ag labhairt faoin ngrúpa de mhúinteoirí tíreolais atá tar éis teacht le chéile chun acmhainní a roinnt agus coth...

Sep 22, 201532 min

Clár 90 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár chualamar ó Mhairéad Nic Giolla Mhichíl faoin scoláireacht Fulbright TechImpact atá á déanamh aici in Ollscoil Notre Dame agus ó Shorcha Batchelor i dTeicseas faoina seal le hOideas Gael sa samhradh.

Sep 15, 201523 min

Clár 89 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair mè le Matthew Holmberg a mhúin Gaeilge in Ollscoil Harvard i Massachusetts ar feadh roinnt blianta agus a chaith sealanna i nGaeltacht na hÉireann thar na blianta faoin múineadh agus faoina saol féin. Chomh maith leis sin bhí Seán Ó Baoill beo linn le labhairt faoi phíosa a rinne sé do meoneile.ie le déanaí faoin leon Cecil a maraíodh i mí Lúnasa agus faoi chearta agus leas ainmhithe.

Sep 01, 201525 min

Clár 88 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Karen Reshkin thall in Illinois faoi 'Na Gaeil' in Chicago a mbíonn sí ag múineadh Gaeilge leo agus eile agus ó Laura Ní Chathasaigh i gCuáit a labhair lenár dtuairisceoir Dylan Mac Réamoinn.

Aug 25, 201527 min

Clár 87 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Chris Herron i Vancouver faoina saol ansin agus faoin spéis ar chuir sé sa Ghaeilge agus é ar chuairt in Éirinn 3 bliana ó shin. Chomh maith leis sin chualamar ó Natália Danzmann a bhog go hÉirinn ón mBrasaíl ag tús na bliana faoin méid atá déanta aici go dtí seo-ó fhíseáin le Coláiste Lurgan go ComicCon!

Aug 11, 201523 min

Clár 86 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhair Caitríona Weafer aka. An Croí Ait linn faoin gcúrsa Gaeilge in Hollywood ar eagraigh sí féin agus daoine eile i gCathair na n-Aingeal, agus a bheas ar siúl ó mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. Chualamar freisin faoin gcéad scannán Gaeilge a rinneadh, 'Oidhche Sheanchais' ó Bhrian Ó Catháin ó Ollscoil Mhaigh Nuad. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh blianta go dtí gur thángthas ar chóip de in Ollscoil Harvard in 2012.

Jul 28, 201526 min

Clár 85 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclar seo labhair me le Síne Nic An Ailí faoin mbliain a bhí aici i Missoula, Montana ar scoláireacht Fulbright agus ansin labhair Eoin Ó Catháin linn faoin ionsaí buama a rinneadh sa Túirc inné inar maraíodh 30 gníomhaithe óga agus faoi chás na n-inimirceach san Eoraip i láthair na hEorpa.

Jul 21, 201528 min

Clár 84 - 2015 - Raidió na Life

Ar an 84ú clár, labhraíomar le Aisling Ní Shírínn faoin mbliain iontach a chaith sí ar scéim ‎ICUF‬ i dTorontó anuraidh agus faoi na deiseanna iontacha a thug sí di. Chomh maith leis sin labhair Cóilín Ó Dubthaigh linn faoi Wimbledon 2015 agus cúpla gné spéisiúil a sheas amach faoin gcomórtas i mbliana.

Jul 14, 201526 min

Clár 83 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gcéad chlár tar éis sosa shamhraidh, rinne muid clár speisialta faoi Oireachtas Gaeilge Cheanada inar labhraíomar le Máirín Nic Dhonnchadha ó Oireachtas na Gaeilge a thaistil go Ceanada don fhéile agus a chabhraigh leis an moltóireacht, agus le Bríd Keady, uachtarán Oireachtas Gaeilge Cheanada, a bhí ar an bhfoireann a d'eagraigh go leor d'imeachtaí na féile i mbliana.

Jul 07, 201524 min

Clár 82 - 2015 - Raidió na Life

Bhí Eoin Ó Cathain beo linn ó Washington D.C. áit a bhfuil sé ag obair ar feadh tamaill don samhradh ar an gclár seo. Chomh maith leis sin, chualamar ó Vikki Ní Bhréin duine de na hÉireannaigh a tháinig abhaile chun vóta a chaitheamh sa dá Reifreann Dé hAoine an 22 Bealtaine agus ó Shíne Nic An Ailí atá ag obair in Ollscoil Montana, inar bhuaigh an fhoireann iománaíochta 'Na Grizzlies', faoi stiúradh Naoise Waldron, Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta de chuid CLG na gColáistí Náisiúnta (NCGAA) sna...

May 26, 201525 min

Clár 81 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar faoi na Gaeil-Shasanaigh i Londain agus an tábhacht a bhaineann le cuairt an Phrionsa Charles ar Éirinn, don phobal Gael-Shasanach agus eile ón iriseoir leis an Irish Post James Mulhall. Chomh maith leis sin,labhair Eoin Ó Catháin linn faoin intéirneacht a bheas á déanamh aige in Washington D.C. don samhradh leis an gcomhlacht Mc Graw-Hill.

May 19, 201522 min

Clár 80 - 2015 - Raidió na Life

Ar an 80ú clár, labhraíomar le láithreoir '7 Lá' de chuid TG4, Páidí Ó Lionáird agus le Seán Mac an tSíthigh, físiriseoir le RTÉ agus TG4 faoi thoghcháin na Breataine agus an toradh air, a chuir iontas ar go leor daoine sa Bhreatain agus timpeall na cruinne.

May 12, 201525 min

Clár 79 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Vikki Ní Bhréin atá lonnaithe i Massachusetts ag múineadh na Gaeilge agus labhair Eoin McEvoy linn ó Pennsylvania áit a bhfuil sé féin i mbliana mar scoláire Fulbright i mbliana. Labhair Eoin linn faoi scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine.

May 05, 201523 min

Clár 78 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Devin Ó Flanagáin ón Indiana Celtic Community i MeánIarthar na Stát Aontaithe faoin deireadh seachtaine Gaeilge a bhí á reachtáil acu i mBloomington, Indiana agus na himeachtaí Ceilteacha éagsúla a bhíonn ar siúl acu leis an bpobal ansin. Chomh maith leis sin bhí Michelle Nic Grianna, buaiteoir Phearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach linn le labhairt linn faoin bhFéile a bhí ar siúl in Inbhir Nis na hAlban agus faoina cuid oibre féin le Raidió na Gaeltacht...

Apr 28, 201525 min

Clár 77 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhraíomar leis an mblagadóir agus an bhean iontach Sinéad de Búrca faoin scéal a d'inis sí ag ‪'The Moth‬' a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí, faoi rudaí eile a nglacann sí páirt iontu agus faoin gclár a dhéanadh sí féin le Raidió na Life tráth! Chomh maith leis sin labhair Evin Ó Dunaigh linn ó Ghlaschú faoi scéal dhúnmharú na mná Éireannaí Karen Buckley sa chathair.

Apr 21, 201525 min

Clár 76 - 2015 - Raidió na Life

Labhair Ambasadóir na hÉireann i gCeanada Ray Bassett linn ó Ottowa faoina ról mar Ambasadóir agus stair agus rath na Gaeilge i gCeanada. Labhair Eithne Dunbar linn ó Cheanada freisin faoina saol le Gaeilge sa tír, an obair dhian atá déanta aici chun cultúr na hÉireann a spreagadh sa tír agus faoi Dhámhachtlann na Laoch. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi Hillary Clinton agus toghchán uachtarántachta na SAM, agus faoin oíche roghnaithe do Chailín Gaelach Na Gaeil Óga a bheas ar siúl go luath.

Apr 14, 201527 min

Clár 75 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár anocht, rinneadh an-phlé ar chúrsaí reatha na seachtaine: Labhair Scott de Buitléir linn faoi dhlí conspóideach Indiana, a thabharfadh an cead do dhaoine a ngnó a dhiultú do dhaoine a chuireann isteach ar a gcreideamh. Bhí an faitíos ann go mbainfeadh daoine úsáid as leis an bóthar a thabhairt do dhaoine aeracha. Labhair muid le Noel Canty faoi thragóid eitleáin sa Fhrainc, agus conas mar a bhí a lá sa seomra nuachta TV5 nuair a tharla sé. Agus chomh maith, labhair muid le Caoimhe Ní...

Mar 31, 201524 min

Clár 74 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Chaoimhe Ní Mhuilleoir i bPáras faoin 'An Ghaeltacht sur Seine', eagraíocht Ghaelach sa chathair agus na himeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl sa chathair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. D'inis sí dúinn faoi chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ann freisin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Dhónall(Danny) Doyle in Kingston, Ontario faoi stair na Gaeilge is na Gaidhlige i gCeanada agus faoi léacht a thug sé ar an ábhar in Ollscoil na Banríona i Kingston le déanaí.

Mar 24, 201522 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android