Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 73 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin, múinteoir meánscoile a bheidh ag dul go Zambia na hAfraice le grúpa daltaí is múinteoirí ón scoil Gonzaga ag tógáil tithe um Cháisc. Labhair John Ó Liodáin linn faoi chúpla feachtas a bhfuil sé ag obair orthu faoi láthair i mBÁC - ceann Amháin chun Gaeilgeoirí le spéis sa reifreann Mí Bealtaine a tharraingt le chéile - tar éis dó filleadh tamall ó shin ó bheith ag múineadh Gaeilge i mBéising na Síne. Labhair Eoin faoi scéal Hilary Clinton agus roi...

Mar 10, 201526 min

Clár 72 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhraíomar leis an FPE(MEP) Liadh Ní Riada faoin bhfeachtas ar thug sí faoi chun Gaeilge a labhairt gach lá ar feadh seachtaine agus í i mbun oibre sna hinsititiúidí Eorpacha, i rith Seachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin labhraíomar le Laura Gaynor faoi Fhéile Scannán Berlinale agus chualamar ó Natalia Danzmann faoi ranganna Rúisise atá ar siúl i mBÁC faoi láthair.

Mar 03, 201530 min

Clár 71 - 2015 - Raidió na Life

Ba chlár speisialta é seo faoi na Oscars‬! Labhair Lisa, Eoin agus Lisa Madden, Clár Reachtaire RnL. Chomh maith leis sin chualamar ó Aralt Mac Giolla Chainnigh faoi Chomhdháil de chuid Comhaltais i Meiriceá Thuaidh a bheidh ar siúl i bParsippany 'Nua-Gheansaí' mí Bealtaine agus faoi Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh a cuireadh le chéile le déanaí. Ar deireadh chualamar ó Mháirtín Ó Cillín faoi Lá na Líreachán/Lollipop Day a bheas ar siúl an tseachtain seo chun airgead a bhaili...

Feb 24, 201527 min

Clár 70 - 2015 - Raidió na Life

Don 70ú clár, bhí clár lán, bríomhar againn! Bhí an bhean Bhrasaíleach-Ghaelach Natália Danzmann sa stiúideó linn ag labhairt faoin bhféile Carnaval sa Bhrasaíl agus chualamar agallamh a rinne sí féin le Cristóir Ó Faoláin a bhí ag cóisir Carnaval i mBaile Átha Cliath. Chomh maith labhair Eoin faoi scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine, cúrsaí eacnamaíochta na Gréige san áireamh agus labhair Lisa faoi Shiúlóid urraithe atá á eagrú sa Bheilg ag Cystic Fibrosis Ireland (breis eolais ag cfirelan...

Feb 17, 201529 min

Clár 69 - 2015 - Raidió na Life

Anocht ar an gclár, chuala muid ó iar Ard-Mhéara ar Bhéal Féirste, Máirtín Ó Muilleoir, agus é ag déanamh tráchta ar an mBille nua Gaeilge a foilsíodh i dTuaisceart Éireann ar maidin. Rinneadh plé ar thábhacht na Gaeilge ó thuaidh, agus ar cad gur cheart don Rialtas i bPoblacht na hÉireann, fiú, a dhéanamh chun tacú leis an nGaeilge. Ina theannta sin, thug Lisa neart eolais dúinn ar dhámhachtáiní Fulbright atá ar fáil do mhuintir Mheiriceá agus do mhuintir Éirinn leis an gclár Fulbright, go háir...

Feb 03, 201526 min

Clár 68 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo de Fada is Fairsing, bhí Natalia Danzmann beo sa stiúideó linn tar éis di bogadh go hÉirinn óna háit dhúchais Sao Paulo sa Bhrasaíl. Chomh maith leis sin labhair iriseoir de chuid tuairisc.ie Maitiú Ó Coimín linn faoi thaighde a rinneadh ar chainteoirí na Breatnaise agus ar úsáid na teangan ar líne sa lá atá inniu ann. Ar deireadh, chualamar​ ​ó Mhichaeline Donnelly, atá mar Oifigeach Forbartha don Cheathrú Gaeltachta le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire faoi na ranganna Gaidhlige (...

Feb 03, 201526 min

Clár 67 - 2015 - Raidió na Life

Labhair an múinteoir staire Ogie O Ceilleachair linn faoin 70ú Comóradh de Shaoradh Auschwitz ar an gclár seo agus chualamar ó Janik Bastien as Québéc atá ina hollamh socheolaíochta i Montréal faoina saol féin agus faoi phobal láidir Gaelach Cheanada. Phléamar roinnt de na scéalta idirnáisiúnta is mó den tseachtain freisin- síobadh sneachta Nua Eabhrac san áireamh!

Jan 27, 201526 min

Clár 66 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Lisa le Treasa Ní Loinn atá lonnaithe i gcathair St.Louis gar do chathair Ferguson, Missouri faoin gcorraíl ansin le tamall anuas, faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aici ag déanamh taighde ar theicneolaíocht theangan agus faoi na blianta a chaith sí san Astráil freisin. Labhair Eoin leis an Dochtúir Ian Malcolm, Prostastúnach agus Aontachtach i dTuaisceart Éireann, faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dó.

Jan 20, 201525 min

Clár 65 - 2015 - Raidió na Life

Bhí Liam Ó Cuinneagáin ag labhairt linn ar an gclár seo faoi ráth agus obair Oideas Gael agus faoin bpáipéar a thabharfaidh sé ag Comhdháil Transatlantic Connections de chuid Ollscoil Drew, NJ i mBun Dobhráin an tseachtain seo. Labhair Eoin Ó Catháin linn faoi scéal Charlie Hebdo agus na rudaí atá tar éis titim amach sa Fhrainc an tseachtain seo, tar éis d'ionsuithe a bheith déanta ar oifigí na hirise i gceartlár Párais ag tús na seachtaine seo caite.

Jan 13, 201528 min

Clár 64 - 2015 - Raidió na Life

Ar an gcéad chlár den bhliain 2015, chualamar ó Edel Ní Churraoin ar as Londain di ó dhúchas agus atá lonnaithe i mBéal Feirste anois. Labhair sí linn faoin bpobal láidir Gaeilge atá sa chathair anois agus faoi ghnéithe éagsúla den chathair. Chomh maith leis sin chualamar ó Suzanne de Paor a chaith dhá bhliain ag obair i dTorontó, Ceanada agus atá anois tar éis filleadh ar Éirinn.

Jan 06, 201525 min

Clár 63 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár deireanach de 2015, labhair Eoin linn beo ó Chontae an Chláir, áit a bhí sé don Nollaig, agus labhraíomar faoi na scéalta idirnáisiúnta nuachta is mó den bhliain. Chomh maith leis sin chulamar ó Natalia Danzmann sa Bhraisíl a fuair ainmniúchán ar tuairisc.ie d'fhíseán Gaeilge a rinne sí inar chan sí aistriúchán ar amhrán as an scannán Frozen.

Dec 23, 201427 min

Clár 62 - 2014 - Raidió na Life

Anocht ar an gclár, labhair Eoin le beirt dá mhic léinn, Clíodhna Ni Dhufaigh agus Andrew Jackson, faoina dtaithí agus iad ag taisteal timpeall na cruinne. Tá Clíodhna ag tabhairt aghaidhe ar an Nua Shéalainn an tseachtain seo chugainn, áit a mbeidh a deartháir le pósadh agus labhraíonn faoin gcodarsnacht idir an dá thír. Anuraidh ghlac Andrew bliain saor agus chuaigh sé timpeall na tíre agus timpeall an domhain ag casadh ceoil. Tá sé ina bhall de dhá cheolfhoireann, agus idir an dá linn nuair a...

Dec 09, 201425 min

Clár 61 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chuaigh muid go Ceanada le labhairt le Gus O' Gorman a bhog ó Ghaillimh go Montréal breis is 40 bliain ó shin agus le Aralt Mac Giolla Chainnigh a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn ​in Ottowa agus timpeall ar Mheiriceá Thuaidh. Ina theannta sin, labhraíomar faoi scéalta idirnáisiúnta na seachtaine, ag díriú ar chás Michael Browne i​ ​bh​Ferguson​.​

Dec 02, 201427 min

Clár 60 - 2014 - Raidió na Life

Ag céiliúradh an 60ú cláir bhreathnaíomar​ siar ar na haíonna éagsúla a bhí againn sna cláir a bhí againn go dtí seo, phléamar staitisticí agus scéal an phobail leathain Gaeilge atá ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis sin, labhair Síle Nic Suibhne linn ó Dubai faoin obair atá idir lámha aici ansin ar son Bord Bia.

Nov 25, 201426 min

Clár 59 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhíomar ag caint le Padhraig Mac Lochlainn a bhfuil a shaol caite ag déanamh éagsúlacht post ó shagart go múinteoir Gaeilge, in áiteanna ar fud na cruinne ó Zambia go Quebec, áit a bhfuil sé lonnaithe anois. Bhí píosa beag amhránaíochta ar an Sean-nós aige dúinn ar an gclár freisin! Labhair Eoin linn faoi chúpla ceann de na scéalta idirnáisiúnta is mó den tseachtain-pósadh Charles Manson agus an banríon áilleachta a fuadaíodh san áireamh.

Nov 18, 201426 min

Clár 58 - 2014 - Raidió na Life

Labhraíomar le Nicole Muller, Scoláire Fulbright Gearmánach-Mheiriceánach atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dá scoiláireacht ag déanamh taighde is léachtóireacht ar chúrsaí Urlabhra agus Teangan, agus ar an Teangeolaíocht. Chualamar ó Ghearóid Breathnach freisin atá ag taisteal i Meiriceá Theas agus timpeall na cruinne ar feadh roinnt míonna, agus a bhí in Rio de Janeiro nuair a labhair muid leis. Phléamar roinnt scéalta móra idirnáisiúnta a tháinig chun cinn an tseachtain seo freisin.

Nov 11, 201423 min

Clár 57 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo phléamar scéal na ndlithe gunna éagsúla agus na n-ionsuithe gunnaí is deireanaí i Meiriceá Thuaidh. Labhraíomar leis an iarshaighdiúr Aralt Mac Giolla Chainnigh faoi na hionsuithe a tharla i Montréal agus in Ottowa le gairid, agus chuir sé cás na Stát Aontaithe agus cás Cheanada i gcomparáid lena chéile dúinn. Labhair Brian Ó Broin, léachtóir sna Léann Éireannach agus sa Teangeolaíocht sna Stát Aontaithe faoin ionsaí gunna is deireanaí ansin agus athruithe ar dhlithe le gairid. A...

Nov 04, 201429 min

Clár 56 - 2014 - Raidió na Life

I gclár na seachtaine seo, tháinig Máire de Staic isteach chun labhairt linn ar an Stail Ghaelach agus ar scéalta idirnáisiúnta. Labhair Siobhán Nic Fhlannachadha linn mar gheall ar an imeacht atá eagraithe aici don Satharn seo 25ú Deireadh Fómhair ina mbeidh sí agus a cairde ag déanamh Zumba ar feadh trí uaire chun airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Óspidéal na bPáistí Crumlin agus Irish Horse Society. Ag deireadh an chláir, thug Cárthach Bán Breathnach cuairt orainn agus chuir sé síos ar a...

Oct 21, 201424 min

Clár 55 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo d'Fhada is Fairsing, labhraíomar le Bláth de Búrca, a rinne an tríú sraith de 'Ó Tholg go Tolg' lena comhláithreoir Ciara Ní Bhroin. Thaisteal siad ar fud na hEorpa ag fanacht ar thoilg éagsúla, ag bualadh le daoine éagsúla agus ag déanamh rudaí as an ngnáth ar shaoire an-éagsúil ar thaifead siad gach cuid de! Labhraíomar le Seaghan Mac an tSionnaigh atá i mbun dochtúireachta sa Bhéaloideas faoi láthair agus a chaith dhá bhliain ag múineadh Gaeilge i Montreal,Ceanada. Chomh maith...

Oct 14, 201426 min

Clár 54 - 2014 - Raidió na Life

Ar chlár na seachtaine seo labhair muid le Séamas Ó Meachair, atá lonnaithe sa Bhrúiséil, mar gheall ar na héisteachtaí a bhí ar siúl an tseachtain seo caite le coimisinéirí an Aontais Eorpaigh a cheapadh. Choinnigh Máire de Staic ar an eolas muid faoi ócáidí móra atá ag teacht aníos do na Gaeil Óga agus labhair Brenda Nic Ghairbhí linn faoin éacht iontach a rinneadh le linn na seachtaine nuair a labhraíodh an Ghaeilge gan stad ar feadh seachtaine agus grúpaí éagsúla ar fud an domhain ag glacadh...

Oct 07, 201425 min

Clár 53 - 2014 - Raidió na Life

Ar an 53ú clár, chualamar ó Vikki Ní Bhréin a d'eagraigh cuairt an bhanna ceoil Seo Linn chuig an ollscoil ina bhfuil sí ag múineadh i Massachusetts. Rinne siad ceolchoirm den scoth ann agus labhair Vikki faoin gcuairt agus faoin méid atá ar siúl aici in Chicopee, Massachusetts.Chomh maith leis sin labhraíomar le Róisín Nic Fhearghusa atá ag múineadh i Doha i gCatar i mbliana agus ar deireadh phléamar scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine freisin.

Sep 30, 201427 min

Clár 52 - 2014 - Raidió na Life

Ar chlár an lae inniu, labhair Eoin le Lisa Nic an Bhreithimh mar gheall ar na comórtaisí éagsúla atá á dtairiscint ag Fulbright in Éirinn. Má tá spéis ag éinne, is féidir teagmháil a dhéanamh leo, agus tá gach eolas ar an suíomh www.fulbright.ie Ina theannta sin, d’éist muid le cúpla píosa ceoil, agus bhí an deis againn éisteacht le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a chaith an samhradh san Afraic ag obair go deonach. Bhí Brídín ag teagasc dramaíochta agus amhránaíochta do phaistí óga sa Tanzain.

Sep 23, 201419 min

Clár 51 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhraíomar le Louis de Paor faoina bhliain idir ollscoileanna i Nua Eabhrac agus California ar scoláireacht Fulbright ag teagasc agus ag obair ar shaothair éagsúla, bhíomar ag caint le Mariachiara Pecchiari as an Iodáil a d'fhoghlaim Gaeilge i nGaillimh agus í ag staidéar in OÉG ansin agus phléamar scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine - reifreann na hAlban agus cás Oscar Pistorius san áireamh.

Sep 16, 201424 min

Clár 50 - 2014 - Raidió na Life

Ar chlár na seachtaine seo, labhair muid le hEvan atá ag obair le Conradh na Gaeilge i nGlaschú agus rinneadh plé ar an reifreann neamhspleáchais a bheidh ar siúl ar an 18ú Meán Fómhair. Ina theannta sin, thug Dáithí Ó Muircheartaigh agus Fionntán Ó Tuathail cur síos ar an samhradh taitneamhach a bhí acu agus iad ar an víosa J1 i Meiriceá.

Sep 09, 201426 min

Clár 49 - 2014 - Raidió na Life

Ar an 49ú clár, phléigh Lisa agus Eoin scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine, labhair siad le Lisa Saladin atá díreach tar éis aistriú go hÉirinn ó Idaho, Meiriceá ar scoláireacht Fulbright chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge i gCOBÁC agus le Síle Concannon atá díreach tar éis filleadh ó bhliain ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Montana.

Sep 02, 201428 min

Clár 48 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo bhreathnaigh Lisa Nic an Bhreithimh agus Eoin Ó Cathain, comhláithreoirí nua an chláir, ar na scéalta is mó den tseachtain timpeall na cruinne. Labhair siad le Diarmuid Breatnach faoi chúrsaí i nGáza faoi láthair agus an ghluaiseacht idirnáisiúnta ag tacú le muintir na Palaistíne. Chomh maith leis sin labhair Oisín Ó Doinn leo faoi iarchomhghleacaí leis as Gáza atá anois ag triail ar dhul go Sasana chun tabhairt faoi mháistreacht san oideachas agus faoi scéalta a shaoil i nGáza f...

Aug 26, 201428 min

Clár 47 - 2014 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar agallamh le Diarmuid Breatnach ag ócáid darb ainm 'Las na Spéartha ar son Gáza' a bhí ar siúl i mBÁC ar son mhuintir Gáza ar an 12 Lúnasa. Chualamar na roscanna ar son Gáza as Araibis, as Béarla agus as Gaeilge i measc an tslua freisin! Chomh maith leis sin chualamar ó Tok Thompson i gCalifornia a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge idir Éirinn agus Alasca agus a scríobhann ailt do www.beo.ie agus bhí láithreoir nua an chláir Eoin Ó Catháin beo linn ó Ibiza ag insint dúinn faoi...

Aug 19, 201429 min

Clár 46 - 2014 - Raidió na Life

Bhí an chéad mhír ó láithreoir nua de chuid Fada is Fairsing Eoin Ó Catháin ar an gclár seo, ina raibh sé ag trácht ar na scéalta móra idirnáisiúnta an tseachtain seo, ag díriú ar scéal mhuintir Gaza agus ag trácht beagán ar bhás Robin Williams, an aisteoir cáiliúil, an lá sin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Maidhc Ó Riabhaigh faoi na hÉireannaigh i Learpholl, Sasana inniu agus san am atá thart, faoi stair a mhuintire féin agus faoin ról a ghlac na Gaeil-Shasanaigh sa chéad chogadh domhanda.

Aug 12, 201426 min

Clár 45 - 2014 - Raidió na Life

Sa chlár seo labhraíomar le Natalia Danzmann, aistritheoir ón mBrasaíl faoin gCorn Domhanda agus tuairimí phobal na Brasaíle faoi na costais mhóra a bheidh le híoc ag rialtas na tíre dá mbarr agus eile. Chomh maith leis sin chualamar roinnt den amhránaíocht álainn ar an Sean-nós atá déanta ag Natalia féin. Ina dhiaidh sin dár mír nua 'Vitimín D' faoi laethanta saoire samhraidh chualamar ó T-Rex Ó Saurus a rinne roinnt rudaí suimiúla i rith an tsamhraidh go dtí seo!

Jun 17, 201424 min

Clár 44 - 2014 - Raidió na Life

Sa chlár seo labhair Clár Johnston linn faoin ról a bheidh aici ag múineadh na Gaeilge ar son Fulbright Ireland i Minnesota ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, bhí teagascóir Gaeilge de chuid an Irish Arts Center, Caoimhe Nic Giollarnáith ag labhairt linn faoin ionad féin agus faoin scannán a bhí á thaispeáint an oíche sin dar teideal 'Aisling Gheal' agus ar deireadh mar mhír nua don a bheas againn don samhradh, ina mbeidh daoine difriúla ag insint dúinn faoina gcuid laethanta saoire- 'Vitimín D', b...

Jun 10, 201426 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android