Fada is Fairsing - podcast cover

Fada is Fairsing

teicneoir@raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Clár 134 - 2017 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Mike Ravey i Learpholl Sasana faoin Nollaig ansin agus 2016 sa Ríocht Aontaithe, an Bhreatimeacht san áireamh. Chomh maith leis sin labhair mé le Cian Mac Cárthaigh ón mbanna ceoil IMLÉ faoin mbliain a bhí acu féin anuraidh agus faoin turas a rinne siad go dtí an Iodáil le déanaí

Jan 03, 201721 min

Clár 133 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair mé le Bee Ní Choitir faoin seal atá caite aici i dToronto Ceanada go dtí seo, faoi aimsir Nollag ansin agus faoi dhaoine gan dídeán in Éirinn agus an ghluaiseacht Home Sweet Home .

Dec 20, 201626 min

Clár 132 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Dhónal Kelleher i Londain faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus timpeall ar an Ríocht Aontaithe, agus Coláiste na nGael. Chomh maith leis sin labhair mé le Fran Mulraney i Nua Eabhrac faoin Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl ansin go luath.

Dec 06, 201626 min

Clár 131 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Pa Sheehan atá ar scoláireacht Fulbright Ireland ag Ollscoil Montana faoi chúrsaí iománaíochta i SAM, agus é ag traenáil is ag imirt leis na Grizzlies ansin! Chomh maith leis sin chualamar ó Shíne Nic an Ailí, ó Chonradh na Gaeilge faoin 'gCultúr Club' atá á reachtáil acu le grúpaí Gaelacha ar fud na cruinne.

Nov 29, 201628 min

Clár 130 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhair mé le James McDonald a bhog ó chontae Loch Garman go Londain roinnt blianta ó shin agus atá anois i mbun grúpa súgartha Gaeilge a bhunú do pháistí ansin i gcomhoibriú le hIonad Éireannach Londain. Chomh maith leis sin chualamar ó Eoin Ó Broin i bPáras atá mar chuid den ghrúpa 'An Ghaeltacht-Sur-Seine' agus é ag cur síos ar na himeachtaí a bheas ar siúl ag an ngrúpa ansin mar chuid den 'Nollaig-sur-Seine', sraith imeachtaí a bheas ar siúl acu ag deireadh mhí na Samhna.

Nov 22, 201628 min

Clár 129 - 2016 - Raidió na Life

Labhair Seagan Mac An tSionnaigh linn ar an gclár seo, atá leathbhealach tríd an mí agus é i mbun #Movember chun airgead a thiomsú don taighde a dhéantar ar mheabharshláinte na bhfear - mobro/seaghansionnach Chomh maith leis sin chualamar ó Scott Oser in Vancouver, Ceanada, a labhair faoin gcaint a dhéanfaidh sé ag Comhdháil Meanmanra Dé Sathairn an 19 Samhain.

Nov 15, 201625 min

Clár 128 - 2016 - Raidió na Life

Clár speisialta a bhí anseo ar thoghchán uachtarántachta na Stát Aontaithe ar lá vótála toghchán 2016. Bhí Ian Corless linn beo ó Washington DC ar dtús le labhairt faoin atmaisféar thart ar an gcathair ansin agus faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aige féin sa chathair. Chomh maith leis sin chualamar ónár dtrácthaire rialta ar chúrsaí polaitíochta SAM Eoin Keane sa Bhruiséil.

Nov 08, 201621 min

Clár 127 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Mhòrbheinn Mèinnearach in Albain faoi thionchar an #Bréalú ar an Albain. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinneadh ar an gclár seo dhá bhliain ó shin le fear uasal darb ainm Gus Ó Gormáin a bhog ó Ghaillimh go Montreal 40 bliain ó shin agus a fuair bás le déanaí.

Nov 01, 201629 min

Clár 126 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Edel Ni Bhraonáin ó Chonradh na Gaeilge faoi na craobhacha nua den Chonradh a bunaíodh timpeall na cruinne le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoi chúrsaí Gaeilge i gCathair na n-Aingeal, CnaG LA san áireamh agus faoi thuairimí an phobail ansin i leith an toghcháin uachtarántachta, le trí seachtaine fágtha go dtí an príomhlá vótála.

Oct 18, 201625 min

Clár 125 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón Bruiséip faoin dara díospóireacht uachtarántachta a bhí ar siúl oíche Domhnaigh i SAM agus faoi chonspóid na #TrumpTapes. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheaġan Mac An tSionnaiġ a bheas ag glacadh páirte san fheachtas mór domhanda #Movember go luath. mobro.co/seaghansionnach .

Oct 11, 201631 min

Clár 124 - 2016 - Raidió na Life

Chualamar ó Ian Mac Gabhann atá ag múineadh Gaeilge ar scoláireacht ICUF ag Ollscoil St.Thomas i New Brunswick, Ceanada agus chomh maith leis sin Labhraíomar le Paula Melvin, Bainisteoir Dámhachtaine le Coimisiún Fulbright na hÉireann faoi thuras a ghlac an Coimisiún go Corcaigh le grúpa scoláirí Meiriceánacha le déanaí agus na deiseanna atá á n-offráil acu faoi láthair.

Oct 04, 201626 min

Clár 123 - 2016 - Raidió na Life

Chualamar ó Maura Hutchinson in Indiana na Stát Aontaithe faoin bhféile 'Indy Irish' a bhíonn ar siúl ansin gach bliain agus chomh maith leis sin labhair Éilis Nic Aodhagáin linn ó Toronto, Ceanada faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aici ansin ar feadh na bliana agus faoi chathair Toronto féin.

Sep 27, 201623 min

Clár 122 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamr ó Dheasúin Ó Nualáin sa Gaelic-American Club i bhFairfield, Connecticut faoi chúrsaí Gaeilge is Gaelach ansin. Chomh maith leis sin labhair Maeve Ní Chillín atá mar Oifigeach Gaeilge anois le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín na Gearmáine linn faoina ról leis an Ambasáid agus faoin bhféile Oktoberfest.

Sep 20, 201620 min

Clár 121 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúthóir Feidhmiúcháin European Movement Ireland agus í ag labhairt linn faoi mheon phobal na hÉireann i leith na hEorpa, an Bréalú, Clár na Réalta Goirme a dhéanann siad le páistí bunscoile agus obair uile na heagraíochta.

Sep 13, 201626 min

Clár 120 - 2016 - Raidió na Life

Sa chlár seo, bhí mé i mbun comhrá le Nigel Govan faoin máistreacht atá ar bhun aige san aistriúchán agus an seal a chaith sé sa Bhruiséil mar chuid de le deireanas.

Sep 06, 201626 min

Clár 119 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Chiarán Mac Guill ón ngrúpa 'An Ghaeltacht sur Seine' faoin ngrúpa féin i bPáras na Fraince agus faoi scéal na Burkini-the sa Fhrainc faoi láthair. Chomh maith leis sin labhraíomar le Cóilín Ó Dubhthaigh faoi na scéalta dearfacha is diúltacha de na Cluichí Oilimpeacha 2016.

Aug 30, 201630 min

Clár 118 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chulamar ó Natália Danzmann as an mBrasaíl faoi na Cluichí Oilimpeacha a bheith ar siúl sa tír agus faoin ráth atá ar na lúthchleasaithe Brasaíleacha go dtí seo sna cluichí. Chomh maith leis sin labhraíomar le Cecilia Dalzell i gConnecticut na Stát Aontaithe a chaith am ar Inis Oírr ar scoláireacht Gaeltachta le déanaí le 'Feicim'.

Aug 16, 201621 min

Clár 117 - 2016 - Raidió na Life

Chualamar ó Chiarán Ó Braonáin atá i mbun taighde ar chainteoirí Gaeilge Mhór-Roinn na hEorpa faoi láthair. Tuilleadh eolais ar www.mylanguagediary.com Chomh maith leis sin, chulamar ó Bee Ní Choitir ó Chraobh Chontae an Chláir den Irish Palestinian Solidarity Campaign faoin seasamh atá á ghlacadh acu ar chuairt Ambasadóir na hIosráile ar Chontae an Chláir le deanaí www.ipsc.ie .

Aug 09, 201631 min

Clár 116 - 2016 - Raidió na Life

Ar an glcár seo, labhraíomar le Paula Melvin atá díreach tar éis tosú ag obair le Coimisiún Fulbright na hÉireann faoina cuid oibre féin, faoi scéimeanna éagsúla an Choimisiúin agus faoin gcomórtas a bheidh ag oscailt ag deireadh mhí Lúnasa. Tuilleadh eolais le fáil ar www.fulbright.ie .

Jul 26, 201620 min

Clár 115 - 2016 - Raidió na Life

Clár speisialta ‪de ‎Fada is Fairsing‬ a bhí anseo ar na maruithe agus léirsuithe in Louisiana, Minnesota, Texas agus ar fud na Stát Aontaithe ag tús mhí Iúil 2016, an ghluaiseacht ‪Black Lives Matter‬ agus na léirsiuithe a bhí ar siúl i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath chun seasamh leis an bpobal Meiriceánach Afracach sna Stáit Aontaithe. Chulathas ó Sheán Mag Uidhir a bhfuil cónaí air in Dallas agus an ráiteas a d'eisigh an Anti Racism Network Ireland faoi na hionsuithe le déan...

Jul 12, 201615 min

Clár 114 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Barra Ó Scannláin ag caint linn beo ón bhFrainc faoi chomórtas na "Euros" 2016 agus an craic is spraoi a thug lucht leanúna fhoireann na hÉireann leo ansin, chomh maith leis sin chualamar ó Rankin Sherling ó acadamh míleata in Alabama agus é i nGleann Cholm Cille ag cúrsa Gaeilge le hOideas Gael agus grúpa 'cadets' óga in éineacht leis ansin.

Jun 28, 201619 min

Clár 112 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Eoin Ó Catháin i dtaobh an ionsaí uafásach a rinneadh in Orlando, Florida inar maraíodh tuairim is caoga duine agus faoi ainmniúchán Clinton agus Trump do rás uachtarántachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Stephen Eustace as Baile Átha Cliath atá anois lonnaithe san Ísiltír, agus é ag caint faoi ghrúpa Gael atá tagtha le chéile sa tír anois agus faoina shaol féin ansin.

Jun 14, 201628 min

Clár 111 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclar seo chualamar ó Shéamus Ó Neachtain ó Chumann Charad na Gaeilge faoi "An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge" agus ó Chóilín Ó Dubhthaigh, iriseoir spóirt RnL faoin gcurachóir Jenny Egan a bheidh sna Cluichí Oilimipeacha in Rio de Janeiro go luath ar son na hÉireann agus faoi na Cluichí araon!

May 10, 201624 min

Clár 110 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhraíomar le Méabh Ní Choileáin in Washington DC atá ag teagasc na Gaeilge ansin ar scoláireacht Fulbright le beagnach bliain anuas agus a bhí ar chlár raidió Ryan Tubridy ag caint faoi le déanaí. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne John Ó Liodáin linn tamall ó shin faoin mbliain a chaith sé féin ag teagasc na Gaeilge agus Stair na hÉireann i mBéising na Síne!

May 03, 201630 min

Clár 109 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Labhrás Ó Finneadha, Ceannaonad ar Sheirbhís Aistriúcháin na Gaeilge i bParliamaint na hEorpa agus é ag labhairt faoi na foluntais ata le fáil faoi lathair d'aistritheoiri le Gaeilge www.europarl.europa.eu . Chomh maith leis sin, labhraíomar le Ciaran Mac Goill ón ngrúpa An Ghaeltacht-sur-Seine sa Fhrainc faoin méid atá déanta ag an ngrúpa le déanaí don Chomóradh ar Éirí Amach 1916 agus faoin ngrúpa féin....

Apr 26, 201624 min

Clár 108 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Bharra Ó Scannláin atá ag druidim i dtreo dheireadh a bhliana Erasmus i Lyon na Fraince faoin mbliain a bhí aige ann, lena chuid oibre is staidéir, leis an ionsaí ar Pháras agus aroile. Chomh maith leis sin labhair muid le Natália Danzmann as an mBrasaíl a bhog go hÉirinn anuraidh agus a thug faoin scrúdú Teastas Eorpach Na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite.

Apr 19, 201623 min

Clár 107 - 2016 - Raidió na Life

Clár speisialta de Fada Is Fairsing a bhí sa chlár seo le hagallamh leis an scríbhneoir agus blagadóir Réaltán Ní Leannáin faoin dá chónaitheacht scríbhneoireachta a dhéanfaidh sí le hAnam Cara i mBéire agus ceann eile san Ísiltír

Apr 05, 201626 min

Clár 106 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo chualamar ó Eoin Ó Catháin a bhí sa Bhruiséil nuair a phléasc buamaí sa chathair in ionsaí sceimhlitheoireachta ar an 22 Márta. Chomh maith leis sin labhair Tomás Keys, Cathaoirleach Hospice Africa Ireland linn faoin obair a dhéanann siad in Uganda agus eile.

Mar 29, 201629 min

Clár 105 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, chualamar ó Mhaidhc Ó Riabhaigh as Learpholl faoin Reifreann a bheas ar siúl sa Bhreatain Mhór mí Mheitheamh ina vótálfaidh muintir na Breataine le fanacht in nó le himeacht as Aontas Eorpach nó an #Brexit mar is fearr aithne air sna meáin. Chomh maith leis sin chualamar ó Maeve Ní Chillín i mBeirlín atá ag obair le Conradh na Gaeilge Bheirlín faoi chuairt a thug Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ar an gcathair agus ar mhuintir an Chonartha ansin le déanaí, agus faoin méid a...

Mar 15, 201618 min

Clár 104 - 2016 - Raidió na Life

Ar an gclár seo labhraíomar le Scott De Buitléir faoin #EmigrantsManifesto ar chearta vótála na n-imirceach Éireannach inniu. Mhol Ed Davitt agus Barry Johnston, atá mar iarrthóirí do thoghachán an tSeanaid i mbliana, an forógra seo. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Pól Ferris as Nua-Jhersey na Stát Aontaithe faoi Lá Gaeilge ar fhreastail sé air i Nua Eabhrac ag an deireadh seachtaine agus faoi Olltoghchán Uachtarántachta na Stát Aontaithe.

Mar 08, 201629 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android