Splanc - podcast cover

Splanc

Newstalkwww.newstalk.com
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. Listen and subscribe to Splanc on Apple Podcasts, Google Podcasts and Spotify.   Download, listen and subscribe on the Newstalk App. You can also listen to Newstalk live on newstalk.com or on Alexa, by adding the Newstalk skill and asking: 'Alexa, play Newstalk'.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Epstein, Athrú Saoil, 90's Nostalgia agus Bill Belichick

Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick! Irischlár na Gaeilge ...

Jan 12, 20241 hr 41 min

Súil chun cinn ar 2024, agus mná ar chóir ceiliúradh do Nollaig na mBan!

Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus ainmníonn Daragh Ó Conchúir imreoirí spóirt na bliana 2023!

Jan 05, 20241 hr 45 min

Córas onóir in Éirinn, na scéalta is déanaí don Pháirtí Coimeádach sa Bhreatain, moltaí teilifíse ar Netflix don Nollaig, flaithiúlacht JP McManus, agus na scéalta móra eile

Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.

Dec 15, 20231 hr 41 min

McGregor san Áras, Mary Robinson agus ról na mban i ndul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, siamsaíocht & nósanna na Nollag agus scéalta móra spóirt

An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.

Dec 08, 20231 hr 34 min

Shane McGown, Spotify, Siopadóreacht agus Scannáin Nollag!

An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.

Dec 01, 20231 hr 41 min

Trump, Suella, Greenwashing, Grammys agus Geansaithe Peile!

Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne spóirt!

Nov 17, 20231 hr 45 min

Comhthionól maidir le Drugaí, Britney, Pasfhocail agus Rugair

An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!

Oct 27, 20231 hr 46 min

Uasdátú ar Gaza, deireadh le ré na hÉireann sa rugair, ADHD, Britney, Beckham, Taylor agus IMRAM

An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta

Oct 20, 20231 hr 44 min

An Buiséad, Iosrael & An Phailistín, Duilíní Pá, Scannáin Chompoird agus Rugair na Seachtaine

Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis an scéal spóirt is déanaí ón bhFrainc

Oct 13, 20231 hr 46 min

Na Rómhánaigh, Grá ar an Trá, Scannáin Teaghlaigh, agus Aintiúin Spóirt

Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twitter agus Instagram

Sep 22, 20231 hr 44 min

Fianna Fáil agus na feirmeoirí; taithí duine ag glacadh frithdhúlagrán, 'End Child Poverty Week' agus na dúshláin do pháistí atá ina gcónaí i mbochtanas; agus na hamhráin gur chor canadh ag cluichí móra spóirt

Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.

Sep 15, 20231 hr 39 min

Best Of: Barbenheimer, Chicken Shop agus An Phailistín

Agus Cuán ar a laethanta saoire táimid ag éisteacht siar le míreanna a bhaineamar taitneamh astu le cúpla seachtain anuas - le Rónán Mistéil, Donncha Ó Murchú, Sinéad Ní Uallacháin, Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin

Aug 18, 20231 hr 44 min

Sochraid Shinéad O'Connor, An Chonair ar díol, Padam Padam agus Spórt na Seachtaine

Ar Splanc na Seachtaine seo déanann Gráinne Ní Aodha cur síos ar shochraid Sinéad O'Connor i mBré agus scéalta nuachta na seachtaine, tá An Chonair i gCiarraí a phlé ag Aisling Ní Dhonnabháin, faighimid amach faoi 'comeback' mór Kylie Minogue agus na scéalta siamsaíochta le Louisa Ní Éideáin agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt, agus é féin agus Cuán ag tabhairt siar ar na tuartha a rinne siad faoin séasúr CLG.

Aug 11, 20231 hr 45 min

Splanc le Cuán Ó Flatharta

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine ag Hugh Carr; Louisa Ní Éideáin ag labhairt faoin Dublin Fringe Festival Barbenheimer agus Taylor Swift; Bród na Gaeltachta a phlé ag Seán Ó Dubhchon; agus scéalta spóirt na seachtaine le Máire Ní Bhraonáin

Jul 21, 20231 hr 45 min

Flip Flops, Faisean Gasta, Fillet Rolls, agus An Phailistín

Ar Splanc na seachtaine seo tá Gráinne Ní Aodha sa stiúideo le scéalta na seachtainte, Daragh Ó Conchúir leis an spóirt, Donncha Ó Murchú ag míniú cás na Pailistíne agus Louisa Ní Éideán ag plé bolscaireacht Shein, Chicken Shop Dates agus na flip flops sin atá i mbéal an phobail an tseachtain seo....

Jul 07, 20231 hr 48 min

RTÉ, Cócaoin, conas ticéid Taylor a fháil, An Titan, Intimacy Coordinators, Wagner agus Peil na mBan

Neart le plé ar chlár na seachtaine seo le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta na seachtaine, tráchtaireacht shóisialta, leideanna siamsaíocht agus cúrsaí spóirt á gclúdach ag Cuan Ó Flátharta - RTÉ agus An Titan á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, nósanna drugaí in Éirinn agus comhordaitheoirí collaíochta le Kate Demolder, scéal Wagner na Rúise le Frank Reidy, conas an ceann is fearr a fháil ar Ticketmaster agus ticéad don Eras Tour á lorg agat le Emma Ní Chearúil, agus peil na mban le Daragh Ó Co...

Jun 30, 20231 hr 40 min

Súil Siar: Best of Splanc 2023

Tá Cuán ar saoire an tseachtain seo mar sin táimid ag éisteacht siar le cuid de na míreanna ab fhearr ar Splanc le cúpla seachtain anuas. Aisling Ní Dhonnabháin ag caint ar mhuintir na hÚcráine i mbun Gaeilge a labhairt, Naoise de Bhaldraithe ag caint ar spórt na n-óg, Bruce Springsteen á phlé, leideanna athchóirithe tí le Shay Lally agus comhrá leis an Kerry Cowboy

Jun 23, 20231 hr 43 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android