Splanc - podcast cover

Splanc

Newstalkwww.newstalk.com
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. Listen and subscribe to Splanc on Apple Podcasts, Google Podcasts and Spotify.   Download, listen and subscribe on the Newstalk App. You can also listen to Newstalk live on newstalk.com or on Alexa, by adding the Newstalk skill and asking: 'Alexa, play Newstalk'.
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

George Bush, Ióga do chách, This Morning, Bród agus Galf

Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Hugh Carr ag caint ar pholaitíocht Mheiriceá agus scamall thar Nua Eabhrac, Louisa Ní Éideán maidir le ióga do chuile cholainn agus scannal This Morning, Daragh Ó Conchúir ar George Bush agus cúrsaí gailf, agus Erin Mac an tSaoir ag caint ar thábhacht Bróid. Labhair linn ag splanc@newstalk.com

Jun 09, 20231 hr 37 min

Succession, Feather Boas, Banríon na Siamsaíochta agus Spóirt na Seachtaine

Ar Splanc le Cuán Ó Flátharta: Eoin Keane maidir le Bród, an Daonáireamh, Succession agus neart eile. Emma Ní Chearúil ar Harry Styles ag Slane Castle. Banríon na Siamsaíochta Sinéad Ní Ualllacháin le moltaí Netflix agus scéalta spóirt na seachtaine seo le Daragh Ó Conchúir.

Jun 02, 20231 hr 43 min

Splanc le Cuán Ó Flatharta

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine ag Gráinne Ní Aodha; Naoise De Bhaldraithe ag labhairt faoi spórt na n-óg agus a chuid oibre mar Oifigeach Forbartha le CLG Áth Cliath; an leabhar 'Social Capital' a phlé ag Rónán Mistéil; agus scéalta spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir!

May 19, 20231 hr 46 min

Deireadh leis an ré ríoga? GAA Go, Stailc na Scríbhneoirí, Eurofís agus Féile Nasc

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine - Trump, Rí Séarlas agus neart eile - ag Eoin Ó Catháin; Róisín Chamber linn ó Fhéile Nasc; Stailc na Scríbhneoirí in Hollywood le Conall Mac Dhonnagáin; Eurofís agus na hamhráin is fearr a d'eascair as an gcomórtas le Seán Ó Dubhchon; GAA Beo agus scéalta eile spóirt le Daragh Ó Conchúir!

May 12, 20231 hr 47 min

Iompar Poiblí, Pizza, The Boss agus The Met Gala!

Ar Splanc na sachtaine seo: Racht á ligean ag Ciarán Mac an Bhaird maidir le hiompar poiblí. Tháinig Ryan Lally ó Grá Pizza ar cuairt le míniú dúinn conas mar a dhéanann sé an pizza is fearr in Éirinn! Cuireann muid fáilte roimh ár gconhfhreagraí nua Louisa Ní Éidean! Labhair sí faoi Met Gala. The Boss á phlé ag Emma Ní Chearúil, agus scéalta spóirt na seachtaine á gcur trí chéile ag Daragh Ó Conchúir

May 05, 20231 hr 40 min

Niall Collins, Spencer Matthews, Gaelgoer, Hamilton agus Spóirt na Seachtaine

Ar Splanc na seachtaine seo le Cuán Ó Flátharta tá Katie Ní Fhaoláin leis an nuacht, an saoririseoir Kate Demolder ag caint ar Gaelgoer agus a cuid oibre iriseoireachta, Sinéad Ní Uallacháin ag plé Lewis Capaldi, Spencer Matthews agus Beef, agus Cian Ó Griallais le spóirt na bhfear agus na mban!

Apr 28, 20231 hr 44 min

Ceamaraí Colainne, Colleen Hoover, Múinteoirí ar Imirce, agus Eagraíochta Spóirt Aontaithe...

Ar Splanc na seachtaine seo le Cuán Ó Flatharta déanann Rónán Mistéil a mheas ar Colleen Hoover, léiríonn Emmet a thuairimí maidir le body cams agus beoir na míosa, labhraíonn an múinteoir Sorcha Ní Conghaile faoina cinneadh dul ar imirce, agus déanann Daragh comparáid idir eagraíochtaí spóirt agus Éire Aontaithe... seo agus tuilleadh ar an bpod!

Apr 21, 20231 hr 41 min

Cuairt Biden, An Kerry Cowboy, HousesToRestore, agus Spóirt na Seachtaine

An tseachtain seo ar Splanc tá Cuán Ó Flatharta sa gcathaoir agus i mbun cainte le Ciarán Mac an Bhaird faoi chúrsaí reatha - Biden agus Trump i measc na scéalta; beidh leideanna ag Shay Lally don té a bhfuil sé ar intinn acu teach a cheannach nó a dheisiú; labhróidh sé leis an Kerry Cowboy Séaghan Ó Súilleabháin maidir le Téacs Taistil, tionchaireacht agus feirmeoireacht; agus RebelDevil Daragh Ó Conchúir le cluichí na seachtaine agus scéalta eile. Labhair linn ar splanc@newstalk.com!

Apr 12, 20231 hr 40 min

WWE, Playboy, Geansaithe CLG, agus Tuairisic ó Mheiriceá

An tseachtain seo ar Splanc ar Newstalk le Cuan Ó Flatharta: Eoin Ó Catháin i mbun cainte faoina thuras go Meiriceá, Aire de chuid na Fraince ar Playboy, Cinsireacht agus neart eile; Conall Mac Dhonnagáin ag plé cúrsaí iomrascála agus WWE, agus cúrsaí spóirt agus geansaithe CLG le Daragh Ó Conchúir.

Apr 07, 20231 hr 31 min

Cás Cúirte na mBurke, Camáin, Kellie Harrington agus Lana Del Rey

Clár lán go béal an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta - Gráinne Ní Aodha fillte ó Mheiriceá agus ó sheachtain sna cúirteanna le muintir Burke, bhuail Seosamh Breathnach isteach ar an stiúideo le taispeáint dúinn conas camáin a dhéanamh, albam nua Lana Del Rey á phlé ag Emma Ní Chearúil, agus Kellie Harrington faoi thrácht ag Daragh Ó Conchúir. Labhair linn ar splanc@newstalk.com

Mar 31, 20231 hr 42 min

Teic, Tithíocht, Gaeilge4All, Pornhub agus an Rugair!

Clár lán go béal le spóirt, scéalta nuachta, moltaí teilifíse agus neart eile le Sinéad Ní Uallcháin, Daragh Ó Conchúir, Emmet Ryan agus Shane Ó Coinn ón bhfeachtas Gaeilge4All ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta

Mar 24, 20231 hr 45 min

An Late Late Show, Joe Biden & Holly Cairns, na hOscars, cúrsaí spóirt agus 'For the Love of Milseáin'

Láithreoir nua ar an Late Late Show, Joe Biden ag teacht go hÉirinn, Holly Cairns mar cheannaire nua na Daonlaithe Sóisialta - sin roinnt de na scéalta nuachta atá a phlé ag Katie Whelan. Labhraíonn Conall Mac Dhonnagáin faoin méid a thit amach ag na hOscars agus cloisimid uaidh faoi March Madness sa chispheil. Faighimid léargas iontach ar chúrsaí spóirt ó Daragh Ó Conchúir, agus insíonn Áine Gallagher dúinn faoina seó nua 'For the Love of Milseáin'. Neart le plé ag Cuán Ó Flatharta ar Splanc ar...

Mar 17, 20231 hr 44 min

First Dates, Eamon Ryan, Formula 1 agus muintir na hÚcráine bliain in Éirinn

First Dates - an rachfá ar choinne ar an teilifís? Rinne Aisling Ní Chatháin é agus í anseo le hinsint dúinn faoi! Labhraíonn Aisling Ní Dhonnabháin linn faoi mhuintir na hÚcráine atá ag tabhairt faoi rangannna Gaeilge le Conradh Gaeilge, agus tá Peadar Ó Caomhánaigh linn don uair dheireanach lena Thaisceadán Cultúrtha. Daragh Ó Conchúir le cúrsaí F1 agus scéalta spóirt, Eoin Ó Catháin ar an bPáirtí Glas agus Polaitíocht Mheirieá. Neart le plé ag Cuán Ó Flatharta ar Splanc ar Newstalk!

Mar 10, 20231 hr 48 min

Daisy Jones & the Six, Leo Cullen, Roald Dahl, Príobháidiú, agus Gnó le Gaeilge

An tseachtain seo labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird faoi Fiontar agus cúrsaí tríú leibhéil trí Ghaeilge chomh maith le príobháidiú áiseanna poiblí, tá Micheál Ó Nualáin ó BÁC le Gaeilge linn le labhairt faoi deiseanna gnó le Gaeilge, Rónán Mistéil agus a léirmheas ar Daisy Jones - agus Roald Dahl - agus tá Rebel Devil Daragh Ó Conchúir linn le labhairt faoi Leo Cullen agus cúrsaí sacair

Mar 03, 20231 hr 44 min

META, Paul Mescal, Tuairisc ón Tuirc, Eastenders, agus cúrsaí GAA

Ar Splanc na seachtaine le Cuán Ó Flatharta: Sinéad Ní Uallacháin ag caint ar Pamela, Eastenders agus Extraordinary - agus 25 bliain de Titanic. Emmet Ryan ag míniú athruithe nua META, Breatimeacht, agus Beoir na Míosa. Caitlín Nic Aoidh faoina taithí ar an gcairpéad dearg ag labhairt leis na réalta, Angus Lamkin ag labhairt ón Tuirc, áit a bhfuil sé ag cabhrú le daoine ar an láthair, agus Daragh Ó Conchúir ar chúirsaí sacair, CLG agus John Motson.

Feb 24, 20231 hr 45 min

UFOs, Enoch Burke, céard is Drag ann? Magic Mike agus Liam Brady

Ar Splanc na seachtaine tá gach rud ó UFOs go Liam Brady idir chamáin ag Cuán agus aíonna na seachtaine: Gráinne Ní Aodha le scéalta na seachtaine, Jade Pepper ó Chabáiste Cabaret, Conall Mac Dhonnagáin agus caint faoi na romcoms is fearr leis, agus Daragh Ó Conchúir ar Liam Brady agus cúrsaí rugbaí. Labhair linn! Splanc@Newstalk.com, nó @splancnewstalk ar Twitter!

Feb 17, 20231 hr 42 min

ABBA, Bertie, Breakup Songs, Eurovision agus Tom Brady

An tseachtain seo ar Splanc tá chuile rud ó Abba Voyage go Joe Biden á phlé le hEoin Ó Catháin, dea-scéalta na seachtaine le Seán Ó Dubhchon, amhráin frithghrá do lá Vailintín le hEmma Ní Chearúil, agus anailís spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir

Feb 10, 20231 hr 44 min

An Córas Sláinte, Ceamaraí Digiteacha, Fleetwood Mac, agus Formula 1

An tseachtain seo le Cuán ar Splanc: Ciarán Mac an Bhaird le scéalta na seachtaine, Rumours le Fleetwood Mac idir chamáin ag Cuán agus Emma Ní Chearúil, Daragh Ó Conchúir ag plé cúrsaí spóirt ón rugbaí go F1, agus leideanna grianghrafadóireachta don té ar mhaith leo triail a bhaint as rud éicint nua in 2023 le Tom Douglas. Labhair linn ar Twitter @SplancNewstalk nó seol teachtaireacht chuig splanc@newstalk.com

Jan 13, 20231 hr 42 min

Súil chun cinn ar 2023, Rúin na hAthbhliana, agus Leabhra na Bliana

Labhraíonn Gráinne Ní Aodh (PA Media) agus Eoin Ó Catháin (RTÉ) le Cuán Ó Flatharta faoi stádas na tíre agus muid ag tabhairt faoi 2023, agus caitheann Daragh Ó Conchúir súil chun cinn ar spóirt na bliana seo amach romhainn. Tá moltaí leabhair ag Rónán Mistéil, agus leideanna ag Kathryn Mullan (Sílim That) maidir le dea-nósanna a chothú don athbhliain - agus am ar bith!

Jan 06, 20231 hr 43 min

Themetunes, Cuimhní Cinn agus fáilte roimh 2023!

San eagrán seo cuireann Cuán agus Aindriú a liostaí de na 'themetunes' is fearr leo ón teilifís, agus roinneann Éadaoin Nic Mhuiris, Hugh Carr agus Sinéad Ní Uallacháin a gcuimhní cinn ó Nollaig 2022 san eagrán deireanach seo den bhliain. Go raibh Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir!

Dec 30, 20221 hr 19 min

Scannal agus popchultúr na bliana, agus Gradaim Spóirt Splanc 2022!

Súil siar ar scéalta nuachta agus scannail ar thug Eoin Ó Catháin suntas dóibh i mbliana, popchultúir 2022 le Conall Mac Dhonnagáin, na scannáin agus sraitheanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Shinéad Ní Uallacháin agus Gradaim Spóirt Splanc na Bliana le Daragh Ó Conchúr!

Dec 23, 20221 hr 48 min

Seachtain Oibre 4 Lá, Spotify Wrapped, Scannán Nollag agus Anailíseoirí Spóirt

Ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird ar an tseachtain oibre agus ar albam Taylor Swift (!!), osclaíonn Emma Ní Chearúil a Spotify Wrapped ar an aer, roinneann Sinéad Ní Uallacháin a rogha scannán Nollag, agus tá plé ag Cuán agus Daragh ar an gceist: ar chóir go mbeadh bainisteoirí agus imreoirí ina n-anailíseoirí agus tráchtairí spóirt?

Dec 02, 20221 hr 35 min

Toy Show, Richard Grogan, Féiríní Nollag, An Corn Domhanda agus Leabhar Cócaireachta!

Sa stiúideo le Cuán an tseachtain seo tá Hugh Carr le scéalta na seachtaine (An Toy Show, Black Friday, Richard Grogan, agus dlíthe maidir le gunnaí i Meiriceá ina measc), Póilín Nic Géidigh ag réiteach na faidhbe a bhíonn ann an t-am seo den bhliain: céard ar chóir ceannach don Santa Rúnda? Leabhar nua Davey Nutrition á phlé ag Rónán Mistéil, agus Daragh Ó Conchúir linn ag caint ar an gCorn na Domhanda - ar agus as an bpáirc. Labhair linn ar Twitter nó ag splanc@newstalk.com!

Nov 25, 20221 hr 35 min

Vicky Phelan, Thanksgiving, agus ...an í an Nollaig í?

Sa stiúideo le Cuán Ó Flatharta tá Eoin Keane le scéalta na seachtaine, scéal Vicky Phelan ina measc. Siothrún Sardina ag míniú céard go díreach atá i gceist le Lá an Altaithe, Daragh Ó Conchúir ag plé Michael Murphy agus an Corn Domhanda, agus moltaí teic ag Emmet Ryan don té atá i mbun shiopadóireacht na Nollag!

Nov 18, 20221 hr 31 min

Twitter trí thine, Cóisirí Nollag, Hip Hop Gaelach agus Aintiún Spóirt

An tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá Katie Whelan agus Gráinne Ní Aodha ag plé Twitter, aistriú an Rialtais, clúmhilleadh; Eoin P Ó Murchú ag caint ar nuálaíocht na n-ealaíona Gaeilge agus IMRAM; Cóisirí Nollag agus conas iad a eagrú le hÉadaoin Nic Mhuiris; agus an gcuireann ceol borradh faoi chluichí spóirt? Daragh Ó Conchúir leis an bhfreagra.

Nov 11, 20221 hr 42 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android