Splanc OTB: Scéalta Spóirt na Seachtaine
lenár gcara Daragh Ó Conchúir

lenár gcara Daragh Ó Conchúir
Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick! Irischlár na Gaeilge ...
Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus ainmníonn Daragh Ó Conchúir imreoirí spóirt na bliana 2023!
Súil siar ar na leabhair ba mhó a thaitin lenár léirmheastóir
Caitheann Cuán súil siar ar scéalta 2023 anocht le cúnamh roinnt dár gcomhfhreagraithe: teicneolaíocht na bliana le hEmmet Ryan, albaim 2023 le hEmma Ní Chearúil, mórscéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus leabhra na bliana le Rónán Mistéil - AGUS spreagadh don athbhliain ó Sheán Ó Dubhchon a labhraíonn faoina aistear aclaíochta i 2023!
Súil siar ar mhórscéalta agus popchultúr na bliana le Louisa Ní Éideán. Conall Mac Dhonnagáin agus Rónán Mistéil le moltaí léitheoireachta Nollag, agus leabhra a bhféadfaí ceannach ag an nóiméad deireanach don Nollaig, agus Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine seo.
Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.
An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.
An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.
Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne spóirt!
An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!
An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta
Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis an scéal spóirt is déanaí ón bhFrainc
Tá Cuán ar ais sa gcathaoir agus sa stiúideo leis tá Emmet Ryan ón Business Post leis na scéalta atá i mbéal an phobail, Deirdre Ní Chearúil dár líonadh le spiorad an fhómhair, leabhar Fintan O'Toole á phlé ag Rónán Mistéil, agus scéalta spóirt na seachtaine le Cárthach Bán Breathnach
Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twitter agus Instagram
Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.
Déanann Ciarán Mac an Bhaird cur síos ar scéalta na seachtaine, insíonn Seán Ó Dubhchon dúinn faoina haistear dornálaíochta, tugann Rónán Ó Muirthile léargas ar thoghán Mheiriceá 2024, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt ar fad.
Hugh Carr (scéalta na seachtaine), Emma Ní Chearúil (Electric Picnic), Niamh Ní Chróinín (Cúla 4), Daragh Ó Conchúirt (spóirt na seachtaine) ar Splanc le Cuán Ó Flátharta inniu!
Scéalta le hEoin Ó Catháin, Sinéad Ní Uallacháin, Jeaic Mag Fhinn agus Cian Ó Griallais.
Agus Cuán ar a laethanta saoire táimid ag éisteacht siar le míreanna a bhaineamar taitneamh astu le cúpla seachtain anuas - le Rónán Mistéil, Donncha Ó Murchú, Sinéad Ní Uallacháin, Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin
Ar Splanc na Seachtaine seo déanann Gráinne Ní Aodha cur síos ar shochraid Sinéad O'Connor i mBré agus scéalta nuachta na seachtaine, tá An Chonair i gCiarraí a phlé ag Aisling Ní Dhonnabháin, faighimid amach faoi 'comeback' mór Kylie Minogue agus na scéalta siamsaíochta le Louisa Ní Éideáin agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt, agus é féin agus Cuán ag tabhairt siar ar na tuartha a rinne siad faoin séasúr CLG.
Ar Splanc na Seachtaine seo tá Katie Whelan, Eoghan Corry, Peadar Breathnach, Conall Mac Dhonnagáin, agus Daragh Ó Conchúir ag clúdach scéalta nuachta, siamsaíochta, spóirt agus cultúir le Cuán Ó Flátharta.
Labhraíonn Cuán Ó Flátharta le Rónán Mistéil faoi leabhar na míosa seo, City on Fire le Don Winslow
Ar Splanc na Seachtaine seo tá Emmet Ryan, Emma Ní Chearúil, Conall Mac Dhonnagáin, Eoghan Corry agus Daragh Ó Conchúir ag clúdach scéalta nuachta, siamsaíochta, spóirt agus cultúir le Cuán Ó Flátharta
Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine ag Hugh Carr; Louisa Ní Éideáin ag labhairt faoin Dublin Fringe Festival Barbenheimer agus Taylor Swift; Bród na Gaeltachta a phlé ag Seán Ó Dubhchon; agus scéalta spóirt na seachtaine le Máire Ní Bhraonáin
Ar Splanc na seachtaine le Cuán Ó Flátharta beidh Rónán Mistéil le leabhar na míosa City of Fire le Don Winslow, moltaí Netflix le Sinéad Ní Uallacháin, spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir agus scéalta nuachta agus beoir na míosa le hEmmet Ryan
Ar Splanc na seachtaine seo tá Gráinne Ní Aodha sa stiúideo le scéalta na seachtainte, Daragh Ó Conchúir leis an spóirt, Donncha Ó Murchú ag míniú cás na Pailistíne agus Louisa Ní Éideán ag plé bolscaireacht Shein, Chicken Shop Dates agus na flip flops sin atá i mbéal an phobail an tseachtain seo....
Neart le plé ar chlár na seachtaine seo le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta na seachtaine, tráchtaireacht shóisialta, leideanna siamsaíocht agus cúrsaí spóirt á gclúdach ag Cuan Ó Flátharta - RTÉ agus An Titan á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, nósanna drugaí in Éirinn agus comhordaitheoirí collaíochta le Kate Demolder, scéal Wagner na Rúise le Frank Reidy, conas an ceann is fearr a fháil ar Ticketmaster agus ticéad don Eras Tour á lorg agat le Emma Ní Chearúil, agus peil na mban le Daragh Ó Co...
Tá Cuán ar saoire an tseachtain seo mar sin táimid ag éisteacht siar le cuid de na míreanna ab fhearr ar Splanc le cúpla seachtain anuas. Aisling Ní Dhonnabháin ag caint ar mhuintir na hÚcráine i mbun Gaeilge a labhairt, Naoise de Bhaldraithe ag caint ar spórt na n-óg, Bruce Springsteen á phlé, leideanna athchóirithe tí le Shay Lally agus comhrá leis an Kerry Cowboy
Ar Splanc na Seachtaine seo tá Emmet Ryan, Conall Mac Dhonnagáin, Cian Ó Maonlaí agus Daragh Ó Conchúir i gcomhrá le Cuán Ó Flatharta