Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá - podcast cover

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Seán Ó Dubhchonpodcasters.spotify.com
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Áine Ní Bhreisleáin

Labhraíonn Áine Ní Bhreisleáin le Seán faoina sraith theilifíse nua - An Cósta Thiar - atá a chraoladh gach oíche Chéadaoin ar TG4. Insíonn Áine dúinn faoin taithí iontach a bhí aici ag taifead agus na háiteanna gur thug sí cuairt orthu. Faighimid amach faoin méid iontach atá ar siúl aici sa raidió - le Bladhaire agus Beo Ar Éigean - eagrán speisialta de 'Anunn 's Anall' a rinne sí le gairid agus comóradh do Colmcille 1500.

Jan 14, 202221 min

Eoin Warner

Labhraíonn Eoin Warner le Seán faoina shraith nua – Iontais na bhFarraigí Ceilteacha – comhléiriú idir TG4 agus BBC Cymru Wales, agus atá a chraoladh gach oíche Chéadaoin ar TG4. Faighimid léargas ar an taithí iontach a bhí aige ag obair ar an tsraith agus a shaothar teilifíse leathan, Éire Fhiáin ina measc. Insíonn Eoin do Sheáin faoin ngrá agus suim atá aige don dúlra agus don timpeallacht, a chuid oibre le Wilderness Ireland agus a thaithí iontach in earnáil na turasóireachta.

Jan 14, 202220 min

Emma Ní Chearúil

Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoin ócáid speisialta – Aonach Amárach atá ar siúl i gClub an Conradh ar an Satharn 15ú hEanáir. Insíonn Emma do Sheáin faoin smaoineamh taobh thiar de Aonach Amárach agus faoin tábhacht a bhaineann le faisean inbhuanaithe, go háirithe nósanna malartú éadaí a thosú. Tugann Emma dearcadh agus moltaí iontacha agus cur síos a dhéanamh ar fhaisean gasta agus conas a bheith níos coinsiasaí faoi na cinntí a dhéanaimid agus muid ag siopadóireacht.

Jan 14, 202223 min

Sarah Ghriallais

Labhraíonn Sarah Ghriallais le Seán faoina albam nua – Idir Dhá Sháile 2 – a bhí i dtaisce sna cartlanna ó taifeadadh é na 1980í agus atá eisithe faoi dheireadh ag Gael Linn. Insíonn Sarah do Sheáin faoi na hamhránaithe ar an sean nós a spreag í, an tábhacht a bhaineann leis an sean nós don chéad ghlúin eile agus an oíche speisialta a bhí ann nuair a bhuaigh sí Corn Uí Riada i 1984.

Jan 14, 202226 min

Colm Seoighe

Labhraíonn Colm Seoighe le Seán faoina chuid amhránaíocht, cumadóireacht agus saothar aisteoireachta. Insíonn sé dúinn faoin cheol ar an sean nós agus na hamhráin a chruthaíonn sé féin, saothar atá cruthaithe aige don leathanach Gaeltacht X agus róil aisteoireachta atá déanta aige, Joe sa scannán Song Of Granite san áireamh.

Jan 07, 202216 min

Celia de Fréine

Labhraíonn Celia de Fréine le Seán faoin úrscéal nua - An Dara Rogha - atá scríofa aici agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tugann Celia súil siar ar na rudaí iontacha atá bainte amach aici thar na blianta mar fhile, drámadóir, scriptscríbhneoir, aistritheoir agus leabhrógaí, agus faighimid amach faoi na rudaí a spreag í mar scríbhneoir. Insíonn Celia dúinn faoi na dúshláin a bhí ann agus atá ansin go fóill do mhná atá ag scríobh agus déanann sí cur síos ar shaothar atá scríofa aici faoi Luíse ...

Jan 07, 202228 min

Donncha Mac Con Iomaire

Labhraíonn Donncha Mac Con Iomaire le Seán faoin saothar leathan teilifíse atá déanta aige mar stiúrthóir, léiritheoir agus láithreoir lena chomhlacht féin – Léirithe DMCI. Insíonn sé dúinn faoina chlár is déanaí – Bádóirí: Na Jimmys – agus na rudaí a mhúscail a chuid suime san fharraige agus sa scannánaíocht. Déanann Donncha cur síos ar an tábhacht a bhaineann le cultúr muirí I gConamara agus faighimid léargas iontach ar stair na bádóireachta agus na daoine iontacha atá páirteach ann.

Jan 07, 202229 min

Mícheál Ó Meallaigh

Labhraíonn Mícheál Ó Meallaigh le Seán faoi 25 bliain de TG4, mar a thosaigh rudaí amach i 1995 agus na héachtaí atá bainte amach ag an stáisiún ó shin. Faighimid amach chomh maith faoi na rudaí a mhúscail an tsuim agus a chothaigh an bua atá ag Seán sa drámaíocht agus sa tionscal teilifíse.

Dec 17, 202131 min

Síomha

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Síomha le Seán faoina albam nua 'Infinite Space' a bheidh ag teacht amach i 2022, camchuairt a chríochnaigh sí le déanaí agus ceolchoirm a bheidh a dhéanamh aici ag Celtic Connections.

Dec 17, 202112 min

Máire Éilis Ní Fhlatharta

Labhraíonn Máire Éilis Ní Fhlatharta le Seán faoi na scéalta is déanaí lena carachtar Caitriona ar Ros na Rún agus faighimid amach faoi na rudaí is fearr le Máire Éilis faoin Nollaig.

Dec 17, 202115 min

Jonathan Ó h-Earcáin

Labhraíonn Jonathan Ó h-Earcáin le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aige mar chóitseálaí meoin agus spreagadh, meabharshláinte na bhfear, a leabhar 'Solo Run: The Mindset Toolkit', físeán a rinne sé ar Bhloc TG4 mar chuid den tsraith Istigh Liom Féin agus go leor eile.

Dec 10, 202130 min

Marcus Lamb

Labhraíonn Marcus Lamb le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta ar an stáitse, ar an teilifís, i scannáin, le guthú agus le hábhair raidió. Insíonn sé do Sheáin faoi chlár nua a bheidh ar RTÉ an bhliain seo chugainn - Treaty - ina ndéanfaidh sé ról Eamon De Valera agus faighimid léargas ar 'The End', dráma stáitse de chuid Samuel Beckett ina raibh Marcus ag aisteoireacht le gairid. Tugann Marcus súil siar ar na róil dhifriúla a bhí aige i sraitheanna stairiúla agus sraitheanna ficsean agus...

Dec 10, 202130 min

Ógie Ó Céilleachair

Labhraíonn Ógie Ó Céilleachair le Seán faoina leabhar nua 'Árasán' atá foilsithe do dhaoine fásta ag Cló iar Chonnacht. Insíonn Ógie dúinn faoin spreagadh taobh thiar den leabhar, na carachtair agus an phróiséas scríbhneoireachta. Faighimid amach chomh maith faoin bpodchraoladh iontach 'Comhrá le hÓgie', atá trí sraith déanta de go dtí seo.

Dec 10, 202131 min

Áine Uí Fhoghlú

Labhraíonn an scríbhneoir tréitheach Áine Uí Fhoghlú le Seán faoina saothar leathan. Cloisimid faoina leabhar nua, Fóir Orm, foilsithe le gairid ag Cló Iar Chonnacht. Labhraímid faoin duais iontach a bhain sí ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge, na leabhair go léir atá scríofa aici (filíocht agus ficsean do dhéagóirí, foghlaimeoirí fásta agus daoine fásta) agus Scéalta agus Seanchas, leabhar neamhfhicsean a thug léargas ccuimsitheach ar theanga agus cultúr na Déise.

Dec 03, 202133 min

Gearóid Ó Ciobháin

Labhraíonn Gearóid Ó Ciobháin le Seán faoina haistear drámaíochta suimiúil agus an saothar iontach atá déanta aige go dtí seo. Faighimid léargas ar a charachtar Greg i Ros na Rún agus cloisimid faoina thaithí ar an tsraith i mbliana.

Dec 03, 202114 min

Seanán Mac Aoidh

Labhraíonn Seanán Mac Aoidh le Seán faoin obair iontach atá ar siúl aige le Pleanáil Teanga Oileán Thoraigh, agus léir mór imeachtaí spéisiúla ag teacht aníos. Insíonn sé dúinn faoin suim agus bua iontach scéalaíochta atá aige agus a PhD, agus faighimid léargas ar na bealaigh iontacha a chuireann Seanán an scéalaíocht, teanga agus cultúr chun cinn.

Dec 03, 202132 min

Máirín Nic Con Iomaire

Labhraíonn Máirín Nic Con Iomaire le Seán faoin leabhar nua ‘Khalil’, atá aistrithe aici go Gaeilge ón bhFraincis agus atá foilsithe ag Barzaz. Insíonn sí dúinn faoin scéal, aistriúcháin atá scríofa aici do pháistí le Futa Fata agus Cló Iar Chonnacht agus obair atá déanta aici sa chraoltóireacht.

Nov 26, 202130 min

Máire Bhreathnach

Labhraíonn Máire Bhreathnach le Seán faoin tsraith is déanaí de I Lár An Aonaigh, a théann amach gach oíche Luan ar BBC 2 NI. Insíonn sí dúinn faoin saothar iontach atá déanta aici (An Focal Scoir ar BBC NI, Blas ar BBC Raidió Uladh agus an scannán Rocky Ros Muc), a cuid oibre i gceannas ar Rannóg na Gaeilge le Below The Radar, a gradam do Phearsa Theilifíse na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus go leor eile.

Nov 26, 202130 min

Neil Ó Briain

Labhraíonn Neil Ó Briain le Seán faoina halbam nua Achar. Chum Neil tromlach na n-amhrán go húr agus insíonn sé dúinn faoi na rudaí a bhí ina thionchar ar na hamhráin. Faighimid amach faoina haistear ceoil, ó thosaigh sé ag ceol os comhair an phobail agus é ina chónaí sa tSeapáin go dtí an lá inniu. Déanann Neil cur síos ar a shraith raidió Ar Thóir an Giotár Gaelaigh agus buaicphointí móra ceoil.

Nov 26, 202124 min

Tadhg Óg Mac Dhonnagáin

Labhraíonn Tadhg Óg Mac Dhonnagáin le Seán faoina shraith úr 'Istigh Liom Féin'. Seo an chéad sraith atá stiúrtha ag Tadhg agus insíonn sé dúinn faoi theáma na sraithe - meabharshláinte na bhfear - an phróiséas a bhí i gceist agus an tábhacht a bhaineann le labhairt faoin ábhar seo. Sraith le ceithre eagrán atá ann, atá a chraoladh ar BLOC TG4 agus déanann Tadhg cur síos ar na heagráin ar fad, agus cloisimid faoina thaithí iontach sa scannánaíocht go dti seo.

Nov 19, 202126 min

Ciarán Dunbar

Labhraíonn Ciarán Dunbar le Seán faoin iriseoireacht agus faoina leabhar nua 'Síolta', a thugann léargas cuimsitheach ar na pobail Ghaeilge atá ag déanamh an teanga agus an chultúr a chur chun cinn ar fud na tíre agus i gcéin.

Nov 19, 202129 min

Richie Conroy

Labhraíonn Richie Conroy le Seán faoina úrscéal úr 'Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal' atá díreach foilsithe ag LeabharCOMHAR. An dara leabhar sa tsraith, insíonn Richie dúinn faoi na carachtair, difríochtaí ón chéad leabhar agus duais mór a bhain an leabhar ag Comórtas Liteartha an Oireachtais 2020.

Nov 19, 202121 min

Diarmuid Lyng

Labhraíonn Diarmuid Lyng, iar-chaptaen iománaíochta Loch Garmán agus fear atá an-bhaint aige leis an teanga, faoi Wild Irish Retreats. Bhí Diamuid mar dhuine de na bunaitheoirí agus cuireann siad dísirt ar fáil ar fud na tíre, amuigh san fhiantás, le deis a thabhairt do dhaoine nasc a chruthú leo féin, leis an timpeallacht, lenar gcultúr agus ár n-oidhreacht.

Nov 12, 202146 min

Jack O'Rourke

Labhraíonn Jack O'Rourke, amhránaí, ceoltóir agus cumadóir tréitheach le Seán faoina halbam nua 'Wild Place'. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag na hamhráin agus faoin bpróiséas taifeadta. Tugann sé súil siar ar bhuaicphointí móra atá bainte amach aige agus labhraíonn sé faoi na ceolchoirmeacha atá ag teacht aníos aige.

Nov 12, 202128 min

Marina Ní Dhubháin

Labhraíonn Marina Ní Dhubháin, aisteoir agus scríbhneoir, le Seán faoin obair atá ar siúl ag an gcompántas drámaíochta Giorria agus an seó - Faoi Scáth, Le Chéile - a bheidh ar siúl i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ar an 13-14 Samhain.

Nov 12, 202115 min

Mary Kennedy

Labhraíonn Mary Kennedy le Seán faoi na cláir teilifíse iontacha atá a chruthú aici le bliain anuas - Moving West & Guaranteed Irish ar TG4, agus An tSlí ar RTÉ. Insíonn sí dúinn faoin leabhar nua - Journey To The Well: Connecting to Celtic Ways and Wisdom - a scríobh sí lena deirfiúr Deirdre, agus a saothar iriseoireacht, chomh maith le hobair feachtasaíochta atá ar siúl aici do World Osteoporosis Day.

Nov 05, 202137 min

Séaghan Ó Súilleabháin agus Eimear Fitzpatrick

Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin agus Eimear Fitzpatrick le Seán faoi Gaeilge 24. Insíonn siad dúinn faoin obair atá a dhéanamh acu mar ghníomhairí do Gaeilge 24 agus tugann siad moltaí den scoth leis an teanga a chothú agus a chleachtadh go laethúil.

Nov 05, 202127 min

Réaltán Ní Leannáin

Labhraíonn Réaltán Ní Leannáin le Seán faoina saothar scríbhneoireachta leathan - an cnuasach gearrscéalta 'Bláth na dTulach' a chur sí in eagar, an cnuasach gearrscéalta 'Inní' atá ainmnithe do Ghradam Leabhar na Bliana An Post, Dílis agus Turas Ailse, i measc go leor saothar eile.

Nov 05, 202129 min

Barry Siucrú

Labhraíonn Barry Siucrú le Seán faoin méid a bheidh ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Gaeilge 24, feachtas mór a bheidh ar siúl i scoileanna ar fud na hÉireann ar an 9ú Samhain. Tá dúshlán mór ann do dhaltaí Gaeilge a labhairt an lá ar fad. Insíonn Barry dúinn faoin méid atá Conradh na Gaeilge ag déanamh le tacú le daltaí agus tugann sé moltaí iontacha le daoine a spreagadh an teanga a úsáid go laethúil.

Nov 05, 202113 min

Matt Ó Baoill

Labhraíonn Matt Ó Baoill, ceoltóir le Tebi Rex, le Seán faoin albam nua atá eisithe acu - It's Gonna Be Okay. Insíonn Matt do Sheáin faoin bpróiséas scríbhneoireachta agus taifeadta, na singil atá eisithe go dtí seo agus ceolchoirmeacha atá déanta agus ag teacht aníos go luath.

Oct 29, 202120 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android