Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá - podcast cover

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Seán Ó Dubhchonpodcasters.spotify.com
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Cian Ó Maolchiaráin

Labhraíonn Cian Ó Maolchiaráin le Seán faoi thiomsaitheoir airgid iontach atá a dhéanamh aige agus a chara Liam do Pieta House - Blue or Bald for Pieta House - ag deireadh na míosa seo. Insíonn Cian dúinn faoin gofundme atá a dhéanamh acu, leathanach Instagram atá bunaithe acu agus imeacht atá le bheith ar siúl acu ar an 31ú Márta i gClub Áras na nGael. Déanann Cian cur síos ar an tábhacht a bhaineann le tacú le cúrsaí meabharshláinte.

Mar 11, 202210 min

Paula Melvin

Labhraíonn Paula Melvin le Seán faoin méid iontach atá déanta aici agus ar siúl aici le teanga agus pobal na Gaeilge a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról úr atá aici mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar bhuaicphointí móra ina saol go dtí seo.

Mar 11, 202232 min

Cormac Ó hEadhra

Labhraíonn Cormac Ó hEadhra le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aige sa chraoltóireacht, a shaothar le RnaG agus RTÉ Raidió 1 agus a ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2022.

Mar 04, 202224 min

Gráinne Ní Mhuilneoir

Labhraíonn Gráinne Ní Mhuilneoir le Seán faoina cuid oibre le litríocht agus léitheoireacht na Gaeilge, an méid a dhéanann sí mar bhainsteoir sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair agus Lá Domhanda na Leabhar.

Mar 04, 202235 min

Karl James

Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Karl James le Seán faoina chuid ceoil agus cumadóireachta, a shingil nua iontach - Lockdown - ach go háirithe.

Mar 04, 202216 min

Séaghan Ó Súilleabháin

Labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin le Seán faoina ról mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge, an méid a dhéanann sé le Gaeilge a chur chun cinn ar líne agus sraith nua teilifíse atá a thaifead aige faoi láthair.

Mar 04, 202217 min

Éadaoin Fitzmaurice

Labhraíonn Éadaoin Fitzmaurice le Seán faoina comhlacht nua FIA Digital agus a cuid oibre le hiriseoireacht dhigiteach a chur chun cinn. Insíonn sí dúinn faoin ról atá ag na meáin shóisialta agus an t-idirlíon san iriseoireacht agus i ndul chun cinn na Gaeilge agus tugann sí súil siar ar an méid iontach atá déanta aici go dtí seo.

Feb 25, 202217 min

Ciabhán Ó Murchú

Labhraíonn Ciabhán Ó Murchú le Seán faoina shaol mar phíolóta agus é lonnaithe i Sevilla sa Spáinn. Insíonn sé dúinn faoi na rudaí a spreag é le bheith ina phíolóta, caide mar a mhothaigh a chéad eitilt agus an t-eitilt ar fad atá déanta aige go dtí seo. Tugann Ciabhán súil siar ar a shaothar aisteoireachta chomh maith.

Feb 25, 202219 min

Inni-K

Labhraíonn Inni-K le Seán faoin albam nua Iníon atá díreach eisithe aici, chomh maith le camchuairt a bheidh a dhéanamh aici, ag tosú i mí Márta. Insíonn sí dúinn faoin chumadóireacht, amhránaíocht ar an sean nós agus go leor eile.

Feb 25, 202223 min

Seán Seoighe

Labhraionn Seán Seoighe le Seán faoi na himeachtaí ar fad atá eagraithe ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge: Ceolchoirm ar an 5ú Márta, Oíche na mBanríon ar an 11ú Márta, Guerilla Gaeilge ar an 12ú Márta agus Cóisir Lá Fhéile Phádraig ar an 17ú Márta. Insíonn sé dúinn faoin méid iontach a bhí ar siúl ag Áras na nGael le cúpla mí anuas.

Feb 25, 202210 min

Orlaith Nic Ghearailt

Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 1-17ú Márta i mbliana. Insíonn sí dúinn faoin seoladh oifigiúil, na hambasadóirí agus an méid iontach a bheidh ar siúl i scoileanna agus i bpobail i rith SnaG. Breis eolais faoi SnaG ag snag.ie

Feb 25, 202216 min

Conor Ó Domhnaill

Labhraíonn Conor Ó Domhnaill le Seán faoina bhanna ceoil The Restricted, a chuid cumadóireachta, a singil nua 'Working On A Dream' agus ceolchoirm a bheidh a dhéanamh ag The Restricted le hÁras na nGael, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Feb 25, 202213 min

Donatella

Labhraíonn an taibheoir drag Donatella le Seán faoi Oíche na mBanríon, a bheidh a reáchtáil ag Áras na nGael i nGaillimh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge,

Feb 25, 20223 min

Éamonn Ó Dónaill

Labhraíonn Éamonn Ó Dónaill le Seán faoina shaothar leathan: obair léachtóireachta agus teagaisc, cláir teilifíse (Turas Teanga agus Now You’re Talking), eagarthóireacht agus iriseoireacht (Beo.ie), leabhair ( Gramadach Gan Stró!, Essential Irish Grammar agus Gaeilge Gan Stró! ), Gaelchultúr a bhunú agus na hoícheanta iontach Sult, rudaí atá déanta aige le Gaeilge a spreagadh agus a neartú ar bhealach comhaimseartha sultmhar.

Feb 18, 202231 min

Siobhán Ní Ghadhra

Labhraíonn Siobhán Ní Ghadhra le Seán faoina comhlacht nua Acadamh an Atlantaigh, cúrsa nua a bheidh ar fáil d’éinne le suim acu bheith ag obair san earnáil scannánaíochta agus stiúideonna nua (Atlantic Studios) atá a fhorbairt i nGaillimh. Faighimid amach faoina cuid oibre le Danú Media, a thaithí sa scannánaíocht agus go leor eile.

Feb 18, 202221 min

Pádraic Breathnach

Labhraíonn Pádraic Breathnach le Seán faoin oiread iontach atá déanta aige agus ar siúl aige sa drámaíocht. Faighimid amach faoina róil mar Sonny i Ros na Rún, Jacksie i Killnaskully agus Benny I Breakfast On Pluto. Insíonn Pádraic dúinn faoin méid iontach atá bainte amach aige le Macnas agus leis an Galway Arts Centre, agus go leor eile.

Feb 18, 202215 min

Conall Ó Máirtín

Labhraíonn Conall Ó Máirtín le Séan faoina shaothar leathan sa raidió agus sa teilifís le BBC agus TG4. Insíonn sé dúinn faoin tsraith Blas ar BBC Raidió Uladh ar a mbíonn sé le cloisteáil gach seachtain, na sraitheanna Blas na nIriseoirí, Snámh Fiáin, agus Woofáil, chomh maith lena chuid oibre sa tráchtaireacht spóirt. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Conall le tosú ag obair sa chraoltóireacht, an chúlra atá aige sa teagasc, dlí, Cumann Lúthchleas Gael agus go leor eile.

Feb 18, 202240 min

Aedín Ní Thiarnaigh

Labhraíonn Aedín Ní Thiarnaigh le Seán faoina sraith nua 'Faoi Bhláth' a bheidh a chraoladh ar RTÉ gach oíche Luan. Insíonn sí dúinn faoin taithí a bhí aici ag déanamh an tsraith agus faoin ghrá atá aici do bhláthanna, béaloideas agus eitneolaíocht. Cloisimid faoin mháistreacht a rinne Aedín agus an méid atá ar siúl aici le Bláthanna Fiáine - leathanach ar Instagram agus mionshraith ar Cúla 4 ar Scoil.

Feb 11, 202223 min

Julie Anne De Brún

Labhraíonn Julie Anne De Brún le Seán faoin bhfeachtas Leabhra Feabhra, a dhéanann ceiliúradh ar na leabhair iontacha atá ar fáil i nGaeilge do pháistí agus do dhaoine fásta. Insíonn Julie Anne dúinn faoin méid a bheidh ar siúl ar líne, amhrán iontach atá scríofa agus comórtais atá ag teacht aníos. Faighimid moltaí ó Julie Anne maidir le cá háit leabhair Ghaeilge a cheannach agus conas an léitheoireacht a spreagadh.

Feb 11, 202228 min

Róisín Chambers

Labhraíonn Róisín Chambers le Seán faoin bhféile cheoil Féile Nasc a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine - féile ceoil traidisiúnta agus ceol tíre do gach aoisghrúpa i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath. Faighimid amach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl, an bhéim a chuirtear in inbhuanaitheacht agus an spreagadh taobh thiar den fhéile. Insíonn Róisín dúinn chomh maith faoina cuid ceoil féin agus an méid iontach atá bainte amach aici mar amhránaí ar an sean nós agus mar fhidléir.

Feb 11, 202220 min

Gearóid Denvir

Labhraíonn Gearóid Denvir le Seán faoina shaothar leathan mar léachtóir, scríbhneoir, file agus taighdeoir, agus an méid a spreag a chuid suime san oideachas. Insíonn sé dúinn faoina sheal mar Uachtarán an Oireachtais, a chuimhní ón Oireachtas thar na blianta, an méid atá bainte amach le Coláiste Chamuis, cúrsaí CLG agus neart eile,

Feb 04, 202247 min

Seaghán Mac an tSionnaigh

Labhraíonn Seaghán Mac an tSionnaigh le Seán faoina shaothar leathan mar aistritheoir, scríbhneoir, taighdeoir, file agus teagascóir. Insíonn sé dúinn faoina PhD, a thaithí le Gaeilge a theagasc thar lear, a shuim i réimse leathan teangacha, an chomhdháil Manmanra agus go leor eile.

Feb 04, 202230 min

Isla Callister

Labhraíonn Isla Callister le Seán faoin albam nua 'A Drop for Neptune' atá curtha amach ag a banna TRIP. Cloistear Isla ag labhairt i Manainnis agus Seán ag labhairt i nGaeilge. Insíonn Isla dúinn faoi na rudaí a spreag í mar cheoltóir, na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag seinm, an phróiseas a bhí i gceist le 'A Drop for Neptune' a thaifead agus go leor eile.

Feb 04, 202214 min

Maitias Ó Gríofa

Labhraíonn Maitias Ó Gríofa le Seán faoina shaothar mar aisteoir agus an ról atá a dhéanamh aige mar Rónán i Ros na Rún. Insíonn sé dúinn faoin gcarachtar agus na scéalta móra atá tar éis titim amach tar éis do Rónán filleadh ar Ros na Rún, téamaí ar nós disleicse agus an méid a tharla le Charlie i rith na seachtaine.

Feb 04, 202215 min

Diarmuid Ó Mathúna

Labhraíonn Diarmuid Ó Mathúna le Seán faoin gcaifé nua - Pota - atá oscailte aige, an bhéim a chuireann siad ar bhia áitiúil, orgánach agus inmharthana agus na rudaí a thug spreagadh do Pota a bhunú. Faighimid amach faoin méid iontach atá ar siúl aige le mofoodblog.com., NeighbourFoods agus saothar teilifíse agus raidió. Insíonn Diarmuid dúinn chomh maith faoina thaithí i Scoil Chócaireachta Ballymaloe agus a haistear ar fud na cruinne.

Jan 28, 202228 min

Frainc Mac Cionnaith

Labhraíonn Frainc Mac Cionnaith le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aige mar bhainisteoir forbartha le Glór na nGael. Faighimid amach faoina ról nua le gnó agus fiontraíocht, chomh maith le Gradaim Gnó na hÉireann atá a reáchtáil ag Glór na nGael i mbliana. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Frainc I dtreo na hoibre le teanga agus cultúr, a ghrá don timpeallacht, agus a bhua don ghrianghrafadóireacht, ealaín agus dearadh digiteach. Labhraíonn Frainc chomh maith faoi na sraitheanna tei...

Jan 28, 202235 min

Darach Mac Con Iomaire

Labhraíonn Darach Mac Cion Iomaire le Seán faoi Stiúideo Cuan agus na tograí suimiúla atá ar siúl acu ó thosaigh siad i mí na Samhna, sraith raidió nua Cuan an Cheoil ina measc. Faighimid amach faoina chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne, an méid a spreag oscailt Stiúideo Cuan agus na bealaí a fhreastalaíonn siad ar ealaíontóirí agus ar an phobal. Tugtar léargas iontach dúinn ar an méid a thug inspioráid do Dharach bheith ag obair go gairmiúil sa drámaíocht, agus Darach súil siar ar chuid de na to...

Jan 28, 202238 min

Eoghan Ó Ceannabháin

Labhraíonn Eoghan Ó Ceannabháin le Seán faoina chuid ceoil agus a shaothar aonair, le hUltan O’Brien agus le Skipper’s Alley. Insíonn Eoghan dúinn faoin albam Solas an Lae a bhain gradam d’Albam na Bliana agus na RTÉ Folk Awards. Déanann Eoghan cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an sean nós ina shaol agus insíonn sé dúinn faoi thograí atá idir lámha aige faoi láthair. Faighimid amach chomh maith faoin méid atá déanta sa pholaitíocht ag Eoghan agus na rudaí a spreag an tsuim sin.

Jan 21, 202216 min

Caitríona Ní Shúilleabháin

Labhraíonn Caitríona Ní Shúilleabháin le Seán faoina cuid oibre ar Glór Tíre, agus í mar mholtóir ar an tsraith. Insíonn sí dúinn faoin tsraith is déanaí agus faoin méid taitneamh a bhaineann sí as. Faighimid amach faoina cuid ceoil agus cumadóireachta féin agus na hamhráin atá eisithe aici le tamaill anuas. Déanann Caitríona cur síos chomh maith ar shraith théacsleabhair – Mol an Óige – atá scríofa aici don Ghaeilge sa mheánscoil.

Jan 21, 202224 min

Peadar Ó Riada

Labhraíonn Peadar Ó Riada le Seán faoina chuid ceoil agus a chuid cumadóireachta, Cór Chúil Aodha agus na rudaí atá bainte amach le cór na bhfear agus cór na mban. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid craoltóireachta, a chlár Cuireadh Chun Ceoil, scannánaíocht, Acadamh Fódhla a bunaíodh sa bhliain 2000 agus na rudaí a spreagann é mar cheoltóir agus mar chumadóir.

Jan 21, 202245 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android