Seachtain - podcast cover

Seachtain

Irish Independentwww.independent.ie

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic

Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic. Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ...

Oct 09, 202523 min

Gael ar leith: Slán le Manchán Magan

Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágt...

Oct 06, 202523 min

Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema

50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann. Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún. Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin. Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht. Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann. Foclóir: Fuadaigh: Kidnap...

Oct 02, 202524 min

Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa

Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos. I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta ta...

Sep 28, 202517 min

Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt

Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. ­ Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar...

Sep 26, 202512 min

Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár

Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta, spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn s...

Sep 24, 202523 min

Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht?

Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo? Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming. Foclóir: • Éileamh: Demand • Fiúntas: Merit or value • Aird: Attention • Gríosaigh: Incite • Meastachán: Estimation • A neartú: To strengthen • Feiceáileach: Visible • Cuí: Pr...

Sep 22, 202518 min

Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth?

Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach. Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide Foclóir: Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager Reachtaíocht: Legislation Cuí: Proper Scagadh: Sifting through or vetting...

Sep 18, 202523 min

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord. Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza. Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine. Ach diú...

Sep 10, 202515 min

Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it

Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil. Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International) Foclóir: Cearta daonna: Human rights Imscrúdú...

Sep 04, 202519 min

Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge?

Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, ag...

Aug 28, 202521 min

Mo Chara sa chúirt

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. ­ Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. ­ Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. ­ Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Du...

Aug 20, 202516 min

Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?

San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean. Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaei...

Aug 18, 202523 min

Gaeltacht Bhaile Átha Cliath (cuid a haon): How long did traditional Gaeilge survive in Dublin?

Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath’ ann. Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann. Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt? Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath. ­ Canúint – dialect ­ Oidhreacht – heritage, tradition ­ Taighde – research ­ Nasc – connection ­ Eachtra – happening ­ A...

Aug 14, 202521 min

Bean an Tí exodus: Rethinking na coláistí samhraidh

Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú. Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú? Agus cad é a tharla le blianta beaga anuas leis an earnáil a chur i mbaol sa chéad dul síos? ­ *Suirbhé le haghaidh...

Aug 07, 202519 min

Moving Maighdean Mhuire: Mass hysteria nó míorúilt diaga?

I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht. Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo? Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú? Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria? Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an bhliain inár thosaigh na dealbha ag bogadh. ­ ­ Foclóir: ­ Ag urnaí: Praying ­ Deabhóid: Devotion ­ Foláireamh: Warning ­ Di...

Jul 31, 202521 min

An troid ar son Sam: The Gaeltacht’s glory days

Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day. Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana. Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O’Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo. Foclóir: I bhfeighil: In charge Ré órga: Golde...

Jul 24, 202522 min

‘Israel’ sa Ghaeltacht: Smaointe radacacha Desmond Fennell

Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell. Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo’ go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa. Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé. Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige? Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an leabhar ‘The Radical Thinking of Desmond Fennell’, faoin na barúlacha neamhghnácha chuir an tír ag smaoineamh. Foclóir: Snámh i...

Jul 17, 202521 min

Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna?

I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain? Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad. Foclóir: Éileamh: Demand Maoiniú: Funding Maram: I supp...

Jul 10, 202521 min

Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor

Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige. ­ Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla. ­ Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air? ­ Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie W...

Jul 03, 202525 min

Cúig ‘media moments’ a láidrigh an ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn

Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn. Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre. Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach. Ar Seachtain, tógann t...

Jun 26, 202523 min

Kneecap: Mo Chara sa chúirt agus legal ‘dream team’ leis

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu. ­Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. ­D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar. ­Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é...

Jun 18, 202517 min

Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution?

Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre. ­ Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta? ­ Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr. ­ Foclóir: ­ Tithe folmha: Vacant homes ­ Tréigthe: Abandoned ­ Fadhb ar leith: A particular problem ­ Folláin: Healthy ­ Go sainiúil: Uniquel...

Jun 12, 202521 min

Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC

Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích. Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé? Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan...

Jun 05, 202521 min

Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes’

Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar. Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh. Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nG...

May 29, 202520 min

'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta. Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh. Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe. Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh. Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal...

May 22, 202515 min

Grá, Gníomh agus Gay Rights: 'Bliain i ndiaidh an reifrinn a phósamar’

Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d’achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh. Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú. Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse chorrach na nOchtóidí go dtí an lá atá inniu. ­ Foclóir: ­ Aerach: Gay ­ Ní hionann sin: It doesn’t mean ­ Díspóireacht:...

May 22, 202523 min

Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite?

‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin’, manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bhaile san Úcráin sa bhliain 2022 agus glacadh leis an gcinneadh tearmann a chur ar fáil do theifigh a ...

May 16, 202525 min

‘Raising Gaeilge’: Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha

Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. Foclóir: Ag streachailt: Struggling A chur in iúl: To express Oiriúnach: Appropriate Modh: Method Ull...

May 15, 202520 min

Stair an ‘Far-Right’ in Éirinn agus ceist na Gaeilge

Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far-right Faisisteachas: Fascism Daonlathas: Democracy Leasainm: Nickname Círéibeacha: Riots Cine: Race...

May 08, 202524 min
Hosted on Omny Studio
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android