Seachtain - podcast cover

Seachtain

Irish Independentwww.independent.ie

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?

Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraí...

Apr 30, 202521 min

Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week?

Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesti...

Apr 24, 202522 min

Women who saved an Ghaeilge : Íte Ní Chionnaith, mná Bhóthar Seoighe, Lolly Yeats, Pádraigín Ní Uallacháin

Le os coinn 100 bliana tá saothar nach beag déanta leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bunaíodh Gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, gan trácht ar an iliomad rudaí eile ar an liosta mór fada. Ach go minic, déantar dearmad ar na mná a d’imir tionchar nach beag ar na gaiscí seo. Insíonn an leachtóir Katie Whelan dúinn faoi thionchar cheithre bhean cheannródaíocha a d'fhág a lorg féin ar shaol na Gaeilge. ­ Foclóir: Crann taca: Pillar or anchor ­ Soláthar: Provision ­ ...

Apr 17, 202524 min

Trump-chúiseach: Can Ireland handle taraifí an Teach Bán?

Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy. Foclóir: Intíre: Domestic Géargh...

Apr 09, 202518 min

Fás Fhéile na Gealaí and why Dublin’s féile Ravelóid failed

Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d’fhás Féile na Gealaí as cliseadh an fhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath. See omnys...

Apr 03, 202521 min

Bliain ar aghaidh: Jeffery Donaldson’s shocking fall from grace

Níl mórán scéalta a bhaineann siar as iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ach sin go díreach an rud a tharla ar Aoine an Chéasta na bliana seo caite. Gabhadh ceannaire an DUP, Sir Jeffery Donaldson agus a bhean chéile, Lady Eleanor Donaldson, go luath maidin Déardaoin 28ú Márta 2024 i dtaca le líomhaintí cionta gnéasach a tharla i bhfad roimhe seo. Baineann na 18 gcúiseamh i gcoinne Jeffrey Donaldson le héigniú, le hionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas - séanann sé na líomhaintí ...

Mar 27, 202526 min

4 bright ideas chun Dublin a dhéanamh níos gaelaí

Cé nach bhfuil Gaeltacht ar bith ann i gContae Bhaile Átha Cliath – tá an líon is airde de Ghaeilgeoirí laethúla lonnaithe anseo. Ach le heaspa deiseanna leis an teanga a úsáid, cad é is féidir leis na húdaráis a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí seo a chothú? Ar Seachtain, leagann Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge 365, agus Caitríona Kenny, Oifigeach Pobail agus Forbartha Sóisialta le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, amach an fhís atá acu don ardchathair. Foclóir: Leasuithe: Reforms A...

Mar 20, 202523 min

Forás na Gaeilge funding cuts: Na chéad íospartaigh, páistí bunscoile

Tá idir dea-nuacht agus drochnuacht ann ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge. Ar lámh amháin, tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh – gníomh a bhí an pobal ag fanacht air le tamall fada anuas. Ach ar an lámh eile – tá na ciorruithe ó Fhorás an Gaeilge ag dul i bhfeidhm. Ar an chéad íospartach - An scéim Scoil Spreagtha, scéim a mhúineann an teanga do pháistí bunscoile. Ar Seachtain, labhraíonn Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais le Gael Linn, faoin buille tubaiste...

Mar 18, 202518 min

What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha

Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland’s Own’ agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadh...

Mar 13, 202520 min

Grá sa Ghaeltacht: Recipe for success?

Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith. Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean. Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man an tí, James Kavanagh agus an Cigire Grá Gráinne Seoighe i lár an aonaigh. Ar Seachtain, labhair Sío...

Mar 10, 202514 min

Enya: Ó Ghaeltacht Dhún na nGall to superstardom

Tá sí ar an cheoltóir aonair is mó rath as Éirinn riamh le os coinn 85 milliún album díolta aici. Tá clú agus cáil bainte amach ag Enya ó thosaigh sí ag ceol siar ag tús an 1980óidí lena teaghlach sa bhanna ceoil Clannad. Ina dhiaidh di an ghrúpa a fhágáil tar éis dá bhliain, bhain sí a ‘big break’ amach i 1988. Amharcann an leachtóir Katie Whelan siar ar na conspóidí, na bagairtí agus an saol cúlánta a chruthaigh sí. Foclóir: Osnádúrtha: Otherworldly Ceirnín: Record D'aon ghnó: Deliberately Rát...

Mar 06, 202522 min

Julie Jay: Béal Feirste - an gig is measa a bhí agam riamh!

Is í an fuirseoir Julie Jay, is í duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, in éineacht le Michael Fry agus Shane Daniel Byrne, fuirseoirí an bheirt acu sin freisin. Dúirt Julie go raibh sí ar bís cuireadh a fháil le bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus gur tháinig an scéala ina dhiaidh di a seó grinn Gaeilge a chur ar an stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach dar le Julie, bhí an gig ó thuaidh ar an gceann is measa a rinne sí riamh. Labhair Julie le Tessa Fleming ar Seachtain ...

Mar 03, 202519 min

Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas

Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8’ agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról amach anseo. Láithreoir; Tessa Fleming, Aoi; Ciarán Mac Giolla Bhéin Foclóir: Corraithe: Agitated C...

Feb 27, 202521 min

Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge

Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc. Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Foclóir: Borradh as cuimse: Massive growth Ag gréasánú: Networking Ag suanbhruith: Simmering Claibín: Lid Bolgá...

Feb 20, 202522 min

Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír?

Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D’fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? Do Lá Fhéile Vailintín, chuaigh an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh ag tochailt isteach sna se...

Feb 14, 202518 min

Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil’

Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA’s den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security’ a bheith aici. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Fionnuala Flaherty Foclóir: Ainmniúchán: Nomination Meall: To entice Iontach tógtha...

Feb 13, 202523 min

An caidreamh aisteach idir Éirinn agus an tír is rúnda ar domhain

Is í an Chóiré Thuaidh an tír is rúnda agus is míleata ar domhain. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa tír. Mar sin féin - bhí ceangail ag an ríocht rúnda seo le grúpaí cultúrtha agus grúpaí paramíleata in Éirinn. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Bill Breathnach Foclóir Cumannach: Communist Airgead a thiomsú: Fundraise Idé-eolaíocht: Ideology Eolaithe: Scientists ...

Feb 06, 202520 min

Bringing back na teangacha marbha

Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga.Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhíonn iarrachtaí le beatha a chur iontu arís. Foclóir: Ar a dtoil: To speak fluently In éag: to die out ...

Jan 30, 202522 min

Cad é an ‘roadmap’ don Ghaeilge sa rialtas nua?

Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach. Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo. Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua? Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i leith na Gaeilge a phlé. Foclóir: Clár rialtais - Programme for Government. Spriocanna – Targets. B...

Jan 23, 202521 min

Manchán Magan: India’s linguistic link leis an Ghaeilge

Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a bhí faoi cheilt atá nochtaithe anois ina leabhar. Ollamh: Professor Cosúlachtaí: Similarities Tréit...

Jan 20, 202518 min

Trump 2.0: From Capitol riots to presidential oath

Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha: Donations - Mionn: Oath/pledge - Suntas: Meaningfulness - Cúrsaí slándála: Security - Círéibeaca R...

Jan 16, 202520 min

‘Gaeilge i mo chroí’: Reconnecting leis an teanga

Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ gradam ag na ag Gradaim Leabhar An Post le déanaí agus is saothar é a dhéanann iarracht daoine a ghríosú ...

Jan 10, 202521 min

Ó Snodaigh agus Ó Cairealláin: The men behind éirí amach na Gaeilge

Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí sé mar chuid den ghrúpa a bhunaigh roinnt mhaith tionscadail Gaeilge, ar nós an páipéar nuachta Lá, R...

Jan 09, 202523 min

50 bliain ar aghaidh: Lorcán Bale agus an dúnmharú satánach san ardchathair

Os coinn caoga bliain ó shín, tharla dúnmharú uafásach i mBaile Pálmair nár chuala mórán daoine faoi. B’eachtra aisteach agus uafásach é, nár tuairiscíodh sna nuachtáin go dtí blianta fada ina dhiaidh sin. Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin chás aisteach seo agus cén fáth go raibh sé i bhfolach ar feadh beagnach daichead bliana. Foclóir: Baile Pálmair: Palmerstown Dlúth: Tight-knit Deasghnáth: Ritual Cráifeach: Religious Tairní: Nails Céas: Crucify Cailís: Chalice Cartlan...

Jan 02, 202522 min

Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta?

Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean...

Dec 26, 202421 min

An Ghaeilge agus an Nollaig in Dublin’s ‘tenement slums’

Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhair Tessa Fleming le Pat Garry, treoraí in uimhir 14 Sráid Henrietta faoin saol ar leith a bhí ag daoi...

Dec 19, 202420 min

‘Why Irish people should hate the Irish language’

Tá na póilíní ó thuaidh ag fiosrú ‘eachtra fuatha’ tar éis do bhileoga frith-Ghaeilge a bheith faighte ar charranna lasmuigh de rang Ghaeilge i lár chathair Bhéal Feirste an tseachtain seo. Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Ciaran Dunbar faoin scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dec 12, 202412 min

Sandra Collins: Cás aisteach na mná óige a d’imigh gan tasc gan tuairisc

D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Fergus Mac Suibhne faoi scéal tragóideach Sandra Collins agus ar an teaghlach atá go fóill sa tóir ...

Dec 12, 202421 min

Year of the French: The Irish model agus domhain suarach an Tíogar Ceilteach

17 bliana ó shín, baineadh siar an an tír nuair a fuair an mainicín clúiteach Katy French bás. Léirigh a bás domhain suarach an Tíogair Cheiltigh, áit a raibh cocáin ar fáil go forleathan. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar shaol an mhainicín clúitigh seo agus ar a bás scannalach. Foclóir: Mílaois: Millennium Mainicín: Model Rath: Success Geallta: Engaged Achrannach: Turbulent Slabhra: Necklace Leas a bhaint as: To capitalise on Shéan: Denied Ceap magaidh: a laughing-stock Spion ...

Dec 05, 202422 min

Do rogha, do vóta, do thodhchaí: John Downing ar Feachtas ’24

Beidh muintir na hÉireann ag vóta in Olltoghchán 2024 Dé hAoine. Tá feachtasaíochta amháin le dul agus tá na páirtithe móra ar chomhchéim lena chéile. Labhair an t-iriseoir John Downing le Ciarán Dunbar le spléachadh a thabhairt ar an bhfeachtas mar a bhí. Foclóir: Siamsaíocht: Entertainment Leamh agus leadránach: Dull and boring Pobalbhreitheanna: Opinion polls Stiúradh: To steer Tuar: To call Tosaíochtaí: Priorities Meánaicme: Middle class Faoiseamh: Relief Cró rothar: Bike shed Cosán: Path Só...

Nov 28, 202418 min
Hosted on Omny Studio
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android