Cailleadh 19 bhean i 1996 de bharr bhanmharú agus formhór acu, mharaigh fear a raibh aithne acu air iad. Ar Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur le Foréigean in Éadan Mná, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar an bhliain is contúirtí do mhná na tíre seo le beagnach 30 bliana anuas agus insíonn sí scéalta na mban a cailleadh. Foclóir: Feasacht – Awareness Nós - Custom/habits Foréigean baile – Domestic violence Íospartaigh - Victims Sáinnithe - Trapped Aird – Attention Coirpeach – criminal Bagairtí ...
Nov 25, 2024•19 min
Tá seachtain le dul go dtí an olltoghchán agus tá iománaíocht ghéar ann idir na páirtithe ar fad. Ach do Ghaeilgeoirí, cad é atá uathu sa toghchán seo? Agus cad iad na geallúintí atá á ndéanamh ag na mórpháirtithe maidir leis an Ghaeilge? Labhair Tessa Fleming leis aniriseoir Ciarán Dunbar agus an le feidhmeannach cumarsáide le Conradh na Gaeilge, Kate Ní Dhúbhlaoich. Foclóir: Manifesto : Forógra Geallúintí : Promises Iomaíocht : Battle See omnystudio.com/listener for privacy information....
Nov 22, 2024•19 min
Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód in aghaidh an chórais. Foclóir - Glúin : Generation - Gríosaithe : Incited - Comharthaí bóthair : R...
Nov 21, 2024•20 min
I 2020, tháinig deireadh leis an iomaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhí i gcroílár na polaitíochta in Éirinn le beagnach 100 bliana, agus chuaigh said i mbun comhrialtas lena chéile agus an Comhaontas Glas. Ag deireadh na míosa caithfidh an phobal vóta in olltoghchán 2024 leis an chéad rialtas eile a togha. Tá iomaíocht ghéar ann agus labhair Tessa Fleming leis na hiriseoirí Cathal MacCoille agus Áine Ní Bhreisleáin faoi na gealltanais, na ceisteanna agus na conspóidí is mó le linn an f...
Nov 14, 2024•20 min
Sheoladh feachtas nua uile-Éireann TINTEÁN le béim a chur ar an easpa tithíochta atá ar fáil in sna ceantracha Gaeltachta. Agus olltoghchán ag teannadh linn, tá sé i gceist ag TINTEÁN cur ina luí ar pholaiteoirí gur gá todhchaí na nGaeltachtaí a chosaint agus tithíocht a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Labhraíonn Tessa Fleming le Maitiú de Hál, ball de TINTEÁN/BANÚ, faoin troid ar son na Gaeltachta. Foclóir: Fréamhaithe - Rooted: Éileamh - Demand: Camchuairt - Tour: Stocaireacht – Campaigning...
Nov 07, 2024•18 min
Tá an rás anois rite agus ba bhua suntasach a bhí ann don Donald Trump. Feachtas thar a bheith neamhghnách a bhí ann le roinnt míonna anuas agus ba léir an scoilt idir tacadóirí Donald Trump agus tacadóirí Kamala Harris. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Siobhán Ní Chiobháin agus Niall Ó Muilleoir faoi thoghchán na huachtaránachta 2024 agus cad é atá in ann do Meiriceá anois? Foclóir: Deighilte – Divided Faoi ghruaim – dejected Buanna – Attributes Cur i gcrích - to execute In ainneoin – despite Aicme ...
Nov 06, 2024•20 min
Deirtear gurb ar oíche Shamhna is gaire a thagann an dá shaol dá chéile - saol na mbeo agus saol na marbh. Agus de réir an tseanchais, seo an t-aon oíche sa bhliain ina shiúlann iad siúd a d’imigh romhainn inár measc arís. Cén dóigh gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile ársa seo? Ar Seachtain, labhraíonn an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi na nósanna agus na carachtair a bhaineann le Oíche Shamhna. Foclóir: Chomh sean leis an gceo - As-old-as-the-hills Flúirse an fhómha...
Oct 31, 2024•18 min
Rinneadh tuairisc oifigiúil go raibh Kyran Durnin ar iarraidh ar 30ú Lúnasa, ach creideann na Gardaí go raibh sé ar iarraidh i bhfad roimhe sin. Creideann siad nach maireann Kyran a thuilleadh agus tá fiosrúchán dúnmharaithe tosaithe acu. Tá iarrachtaí ar bun le teacht ar a chorp – cad é mar is féidir le gasúr óg a bheith ar iarraidh gan duine ar bith sin a thabhairt faoi deara? Labhair Ciaran Dunbar le Tessa Fleming, léiritheoir Seachtain, agus le Helena Mullins, úinéir Glen Gat House B&B i...
Oct 24, 2024•18 min
Fuair Deirdre Jennings ardmholadh ina dhiaidh di labhairt amach go hoscailte faoina streachailt lena cuid meabhairshláinte ní ba luaithe na bliana seo. Bhí Deirdre, ar as Gaillimh di, ar dhuine de na 32 Rósanna a chuaigh chun stáitse mar chuid de Fhéile Rós Thrá Lí. Mar chuid de Mhí Dhomhanda na Meabhairshláinte, labhair Róisín Ní Mhaoláin le Rós na Gaillimhe, Deirdre Jennings. Foclóir: Féinmhuinín: Self-confidence - Diúltach: Negative - Meabhairshláinte: Mental health - Cúnamh: Help - Dúlagar: ...
Oct 22, 2024•17 min
D’oscail Diarmuid Ó Mathúna doirse POTA Café i 2021 agus ó shín tá neart aitheantas bainte amach ag an ghnó. Ach deir sé go bhfuil sé ar buile ina dhiaidh Bhuiséad 2024 de bharr an easpa tacaíochta atá ar fáil ón rialtas, in ainneoin na n-arduithe costais a bhaineann leis an earnáil. Labhair Diarmuid le Ciarán Dunbar ar Seachtain le géarchéim na hearnála a phlé. Aistear – [Journey] Aineolach - [Ignorant] Earcaíocht - [Recruitment] Cuí - [Appropriate] Saothar – [Labour] Slabhraí - [Chains] Comháb...
Oct 17, 2024•19 min
Tá Sinn Féin gnóthach ag iarraidh an scannal is déanaí a láimhseáil. Tá sé admhaithe ag an iar Sheanadóir Niall Ó Donnghaile gur eisean atá taobh thiar de na líomhaintí a bhaineann le téascanna míchuí a sheoladh chuig deagóir. D’éirigh Niall Ó Donnghaile as a ról mar Sheanadóir anuraidh. Labhair Seachtain le Ciarán Dunbar, iriseoir leis an Belfast Telegraph faoin scannal is deanaí seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Oct 15, 2024•14 min
Tá an cuma ar Shinn Féin go bhfuil an páirtí trína chéile. I measc roinnt scannal eile , d'éirigh an TD Brian Stanley as Sinn Féin ag an deireadh seachtain. Bhí fiosrúchán ar bun ag an Pháirtí maidir le líomhaintí a bhí curtha ina leith. Pléann Tessa Fleming an titim amach seo leis an iriseoir Gráinne Ní hAodha agus le Clár Reachtaire Raidió na Life, Conchúr Ó Faoláin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Oct 14, 2024•19 min
Tá Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar an Liobáin agus iad ag iarraidh Hezbollah a scriosadh agus tá Hezbollah ag troid ina coinne. I lár na coimhlinte seo, tá scata beag saighdiúirí na hÉireann, cén fáth a bhfuil siad ansin? Tuairiscítear go bhfuil ‘gníomhaire Rúiseach’ ag feidhmiú san Oireachtas – ar cheart go mbeadh imní orainn? Agus tá Sinn Féin ag streachailt agus iad ag iarraidh a mhíniú conas a phléigh siad leis an Michael McMonagle – iar-phreasoifigeach de chuid an pháirtí a bhí á fhio...
Oct 10, 2024•20 min
Tá leagan úr den leabhar sárdhíola, Heartstopper, foilsithe ag Futa Fata, sé seo an chéad leabhar sa tsraith iomráiteach ar ar bunaíodh an seó rathúil ar Netflix. Ní hé Heartstopper an chéad uair go bhfuil leabhar cáiliúil aistrithe do Ghaeilge ach spreagann sé comhrá - céard iad na leabhair Ghaeilge a mholfá do do chairde? Chomh maith leis, cén leabhar ar mhaith leatsa a fheiceáil aistrithe? San eagrán seo, roinneann Sinéad Ní Scolaí a gcuid tuairimí faoin leagan Ghaeilge den leabhar Heartstopp...
Oct 07, 2024•16 min
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? See omnystudio.com/listener for privacy information.
Oct 03, 2024•20 min
Tá na ceannlínte dearfach den chuid is mó tar éis don Aire Airgeadais is óige ó aimsir Mhichíl Uí Choileáin, Jack Chambers, a chéad Bhuiséad a chur faoi bhráid an Rialtais. Anois agus muid ag breathnú chun tosaigh agus ag faire ar olltoghchán an bhfuil muid in ann mórán a aithint a bheadh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht? San eagrán seo de phodchraoladh Seachtain, tá an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin agus an podchraoltóir Conall Ó Móráin. Foclóir: Cáináisnéis - budget Buiséad ...
Oct 02, 2024•27 min
Tá pleananna ar bun le bunscoil Gaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Tá baint ag an ghníomhaí teanga Linda Ervine le bunú an scoil. Ach, bhuail an Loyalist Communities Council leis an Aire Oideachais Paul Given an tseachtain seo le hiarraidh air stop a chuir leis. Ach cé hiad an LCC agus cén fáth a bhfuil baill ó ghrúpaí paraimíleata mídhleathacha ag buaileadh leis an aire maidir le Gaelscoil? Labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Ciarán Dunbar, agus le Cathaoirleach Naíscoil na Seolta, A...
Sep 26, 2024•18 min
Tá cuardach ar bun ag TG4 chun Ard-Stiúrthóir a aimsiú anois agus Alan Esslemont ag dul ar scoir san Earrach. Tá sé sa ról ó bhí 2016 ann. Duine de na bainisteoirí a bhunaigh TnaG a bhí ann, an stáisiún a d’athraigh go TG4 i 1999. Labhair sé le Ciarán Dunbar faoina thréimhse féin sa ról, faoi na dúshláin a bheas os comhair an té úr sa ról, agus cad é a bheas ar na bacáin aige amach anseo. Foclóir: Ard Stiúrthóir - Director General - Dul ar scor – Retire - Seasta – Constant - Faraor – Alas - Thei...
Sep 26, 2024•17 min
Tá muid ag imeacht linn le fada, ag fágáil slán ag an bhfód dúchais agus imeacht ar imirce. Agus d’ainneoin shaibhreas na linne seo tá muid ag imeacht i gcónaí. Cén fáth a bhfuil muintir na tíre seo chomh tógtha leis an domhain a thaiscéal? Labhair Ciaran Dunbar leis an tionchaire Caroline Seoighe atá lonnaithe in Dubai, agus leis an mhúinteoir Rachel King, atá in Qatar. Foclóir Thar lear – abroad – táithí oibre – work experience – eispéireas - experience – Eachtrannach - foreign – Coitianta – u...
Sep 19, 2024•18 min
Cé go bhfuil muid ar fad ag súil le toghchán spleodrach transa an Atlantach i mí na Samhna idir Trump agus Harris, seans go mbeidh olltoghchán idir lámha againn féin, agus Harris dár gcuid féin ag smaoineamh ar dhul sa tseans. Ach, an é seo an t-am is fearr le toghchán a shocrú? Cad é is féidir le Simon Harris foghlaim ó na Taoisigh a chuaigh roimhe maidir le tábhacht ‘timing’ toghcháin? Labhair John Downing, comhfhreagaí polaitiúil an Irish Independent, le Tessa Fleming faoinam is fearr le togh...
Sep 16, 2024•19 min
Tar éis an rath ollmhór a bhí ar an scannán An Cailín Ciúin ar fud na cruinne, deir déantóirí an scannáin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualoí, go bhfuil siad ag obair ar scannán eile. Eisíodh An Cailín Ciúin i 2022. Fuair sé ardmholadh ó gach carn den domhan agus ba é an chéad scannán Gaeilge ainmníodh do na Oscars. Labhair Colm agus Cleona le Tessa Fleming faoi cad é atá i ndán d’earnáil scannáin na Gaeilge. Foclóir: Aitheantas - recognition Léirmheas – review Rath – success Tháinig sé aniar ...
Sep 12, 2024•19 min
Phleadáil Jeffery Donaldson agus a bhean chéile neamhchiontachar chúisimh atá á gcur ina leith a bhaineann le líomhaintí coireanna gnéis. Tá 18 gcúiseammh curtha i leith Jeffery Donaldson, a bhaineann le héigniú, ionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas. Beidh an triail ag tosnú ar an 24ú Márta 2025. Foclóir: Neamhchiontach – not guilty Dheimhnigh – confirmed Cúisimh – charges Breitheamh – judge Iarratas – application Na meáin – the media Sonraí – details Gabhadh – arrested Bannaí- bail See...
Sep 10, 2024•8 min
Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht i mbliana. Ach ag an am céanna, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar líne. Le os cionn 170,000 leantóir ar Instagram agus grúpaí ar fud fad na cruinne ag glacadh páirt i ngrúpaí Gaeilge faoi stiúir Múinteoir Mollie, is léir go bhfuil an spéis sa teanga agus an fonn atá ar dhaoine í a fhoghla ag neartú. Tá tionchar ag na scannáin An Cailín Ciúin agus Kneecap le mothú i bhfad i gcéin mar ...
Sep 05, 2024•24 min
D’fhógair an IRA a chéad ‘sos cogaidh’ tríocha bliain ó shin ar an 31 Lúnasa 1994.Tar éis 25 bhliain de choimhlint agus 1,700 duine a mharú, chuir an tIRA stop leis an fhoréigean. Meastar gur eachtra chinniúnach é sa Phróiseas Síochána. San eagrán seo de Seachtain, téann Ciarán Dunbar síos bóithrín na smaointe leis an staraí acadúil Fearghal Mac Bhloscaidh. Foclóir: Sealadach – proivisional Comhréiteach - compromise Lámh in uachtar – the upper hand Trian – a third Easaontóirí - dissidents Díbir ...
Aug 30, 2024•19 min
Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997. Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna le freagairt sula mbeadh a fhios céard go díreach a tharla don bheirt bhan aosta. San eagrán seo, atá...
Aug 29, 2024•23 min
Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉireann, le roinnt daoine ag féachaint air mar laoch an phobail, Baile Átha Cliath bocht ó dhúchas. Ó mara...
Aug 26, 2024•21 min
Mharaigh Joe O’Reilly a bhean chéile Rachel Callaly i 2004. Ba é cheann de na cásanna is iomráití sa tír. Lig O’Reilly air gur buirgléireacht a bhí ann i dtosach báire agus go raibh sé faoi bhrón as a bhean chéile a chailleadh. Áfach, lena iompar aisteach ina dhiaidh an dúnmharú, tháinig sé faoi amhras na nGardaí agus fuarthas ciontach é as an ionsaí fíochmhar. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar 20 bliain ar chás Rachel Callaly, nó Rachel O’Reilly mar is fearr aithne uirthi, le muid...
Aug 22, 2024•20 min
Is é an t-am sin bliana arís nuair a théann 32 Rós ó fud fad na cruinne san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Rós Thrá Lí. Ar Seachtain, labhraíonn Eimear McGovern, iriseoir ón Belfast Telegraph, faoi na heachtraí is conspóidí ón chomórtas thar an blianta. Foclóir: Maslach – demeaning Oidhreacht – heritage Charthanachtaí - charities Trasinscneach - transgender Aerach – gay In ainneoin – despite Ag spochadh - teasing Gluaiseacht - movement Geallghlacadóir - bookies Comhtharlú - coincidence Filí...
Aug 15, 2024•20 min
Tháinig an grúpa Kneecap chun cinn in 2017 lena singil C.E.A.R.T.A, agus ó shín i leith, tá siad ag tarraingt clú agus cáil orthu féin de bharr a gcuid ceoil - agus an chonspóid a leanann iad. Agus an scannán oscailte anois sna pictiúrlainn in Éirinn, bhuail Seachtain le roinnt den fhoireann taobh thiar den scannán ar an chairpéad dearg ag an première. Láithreoir: Tessa Fleming Foclóir: Dlúthchairde - best friends Broim – fart Srannfach - snoring Ar ball beag – shortly Éacht - feat/accomplishmen...
Aug 08, 2024•19 min
Tá an t-údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath ag iarraidh tacú le gnólachtaí chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí. Deir Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir togra Gaeilge365, go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ann do ghnólachtaí má bhaineann siad leas as an teanga. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aoi: Daithí de Buitléir See omnystudio.com/listener for privacy information.
Aug 08, 2024•18 min