Raidió na Life 106.4FM - podcast cover

Raidió na Life 106.4FM

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.iewww.raidionalife.ie
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
Last refreshed:
Follow this podcast in the Metacast mobile app to refresh it and see new episodes.
Download Metacast podcast app
Podcasts are better in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episodes

Marú Inár Measc - Sorcha Nic Eochagáin

Agus an clár fáisnéise faoi éifeachtaí coranna marfacha ar an tsochaí ag filleadh ar ár scáileáin, labhraíomar le léiritheoir na sraithe Sorcha Nic Eochagáin.

Feb 17, 202520 min

Scannán Heist as Gaeilge - Aontas - Damian McCann

Damian McCann, stiúrthóir agus scríobhnóir an scannán úr-nua faoi buíon robálaithe andóigh. Taispeánfar an scannán mar chuid d'Fhéile Idirnáisiúnta Scannáin BÁC an tseachtain seo chugainn.

Feb 17, 202518 min

Fada is Fairsing 17ú Feabhra 2025

Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.

Feb 17, 202526 min

Fada is Fairsing 11ú Feabhra 2025

Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.

Feb 11, 202526 min

Géarchéim Mhaoinithe Fhorais na Gaeilge - Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí, Eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times, ag plé ceist mhaoinithe Fhorais na Gaeilge linn, atá fós gan réiteach breis agus seachtain ó gur fhoilsíodh nach mbeidh siad in ann tacaíocht a bhí beartaithe a chuir ar fáil do thograí Gaeilge ar fud na tíre.

Feb 11, 202512 min

Singil nua ó Na Shan Vans

Agallamh le Jake Óg ó na Shan Vans faoina dtionscadal nua faoin bPalaistín agus faoina gceol a thugann dúshlán do choilíniú an lae atá inniu ann. Le nathanna cainte agus scéalta nuachta ó ExtraG.ie

Feb 11, 202518 min

Seachtain na Gaeilge i gCill Dara

Comhrá le Helena Ní Bhrollacháin de chuid Coiste Seachtain na Gaeilge Sult na Sollán agus Chill Dara le Gaeilge faoi sheoladh Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí eile le linn an fhéile.

Feb 10, 20255 min

Scrathóg S2E21 - Superbowl LIX

Tá na Kansas City Chiefs ag cuartú 3 bua Superbowl as a chéile - rud nach bhfuil déanta i ré an chomórtais. Ag seasamh sa bhealach, tá Saquon Barkley agus na Philadelphia Eagles. Cé acu a bheidh an bua in New Orleans?

Feb 09, 202542 min

Super Bowl 2025

An séasúr NFL ag teacht chun críche agus cluiche iontach a bheidh ann cinnte le na Chiefs agus iarraidh an tríú Super Bowl as a chéile a bhuachaint i gcoinne na Eagles. Bhí Naoise Waldron agus Emmet Ryan linn chun na mórscéalta ar fad a phlé.

Feb 07, 202532 min

Scoil Choille - Gráinne Holland

Tá áthas ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus TG4 “Scoil Choille,” a sheoladh, sraith nua 12 clár a chuirfidh páistí idir 5-9 mbliana d’aois faoi gheasa ag áilleacht na cruinne nádúrtha. D'inis an láithreoir Gráinne Holland dúinn faoin a bhfuil i gceist leis an clár nua.

Feb 06, 202512 min

Smidiríní - Julie Jay

Beidh Julie Jay ar an stáitse ar an 9ú Feabhra i Whelan's. D'inis sí dúinn faoi a seó nua.

Feb 06, 202512 min

Gradam Folk RTÉ - Fiach Moriarty

Bhí Fiach Moriarty ag labhairt linn faoin albam nua aige 'Liberties' agus nuacht aige freisin faoi ghearrliosta Gradam Folk RTÉ.

Feb 06, 202510 min

Bring Them Down - Peadar Cox

Peadar Cox, an traenálaí gutha ar an scannán nua dátheangach ag labhairt faoin dúshlán Gaeilge shochreidthe a fháil ó aisteoirí gan focal acu.

Feb 05, 202516 min

Ciorruithe le déanamh ag Foras na Gaeilge - Seán Ó Coinn

Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ag labhairt linn faoi na ciorruithe atá le déanamh ag an bhForas ar mhaoiniú d'eagraíochtaí Gaeilge agus ar scéimeanna maoinithe Gaeilge de bharr easpa leanúnach maoinithe an fhorais trasteorainn.

Feb 05, 202517 min

Damhsa agus Drámaoícht - Croíbhriseadh - Nóra Ní Anluain Fay

Bhí Nóra Ní Anluain Fay ag labhairt linn faoi croíbhriseadh agus a seó nua, 'Please Break My Heart'. Seó aonarach atá ann atá le feiceáil in Amharclann Scabhat Smock ar an triú lá déag agus an ceathrú lá déag de mí Feabhra 2025.

Feb 04, 202514 min

Fada is Fairsing 4ú Feabhra 2025

Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.

Feb 04, 202526 min

Féile mhór rásaíochta i mBaile na Lobhar

Ceann de na féilte rásaíochta is fearr agus an DRF ar bun ag an deireadh seachtaine. 9 gcinn de rásaí Grád 1 agus bhí Paddy Demond linn agus muid ag breathnú ar na rásaí ar fad.

Jan 31, 202531 min

Craobh na Sé Náisiún - Babhta 1

Beidh tús spleodrach leis an gcraobh i mbliana agus Sasana ag teacht go Baile Átha Cliath don chéad chluiche sa bhfeachtas. Bhí Conán O'Donnell linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.

Jan 30, 202518 min

Na Féilte Tine - Imbolg - Ciarán Ó Cofaigh

Ciarán Ó Cofaigh, scríobhneoir agus ceann de léiritheoirí na sraithe RTÉ ar ábhar féilte ársa na tíre. Craolfar an dara chlár sa tsraith ar fhéile Imbolg an Luan seo chugainn.

Jan 28, 202517 min

Junior Eurovision 2025 - Rob O'Connor

Labhair Rob O'Connor, léiritheoir na sraithe TG4 linn agus an cuardach tosaithe d'iomaitheoirí óga chun seasamh ar son na hÉireann sa Junior Eurovision i mbliana.

Jan 28, 202510 min
For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android