Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain) - podcast episode cover

Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)

Mar 16, 20232 minEp. 16
--:--
--:--
Download Metacast podcast app
Listen to this episode in Metacast mobile app
Don't just listen to podcasts. Learn from them with transcripts, summaries, and chapters for every episode. Skim, search, and bookmark insights. Learn more

Episode description

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Betts an cúl amháin sa chluiche. Bhuaigh Wanderers an Corn cúpla uair eile sa ré sin ach tháinig deireadh leis an chlub sna 1880idí. Ó shin i leith tá an Corn FA ar cheann de na chomórtais pheile is cáiliúla ar domhan. Bhuaigh Leicester City an Corn den chéad uair anuraidh, agus is iad Arsenal a bhfuil an líon is mó Corn FA buaite acu, le ceithre Chorn déag.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

corn – cup, competition

iomaitheoirí – rivals


For the best experience, listen in Metacast app for iOS or Android